+Airteagal 1 Bunú agus raon feidhme
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 1 4.
---+Airteagal 1 5.
---+Airteagal 1 6.
|
Airteagal 1 Bunú agus raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Leis an Rialachán seo bunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (“an tÚdarás” anseo feasta).
|
|
Airteagal 1 2.
|
►M9
Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi raon feidhme Threoir 2002/87/CE, Threoir 2008/48/CE (
1
), Threoir 2009/110/CE, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (
2
), Threoir 2013/36/AE (
3
), Threoir 2014/49/AE (
4
), Threoir 2014/92/AE (
5
), Threoir (AE) 2015/2366 (
6
) agus Rialachán (AE) 2023/1114 (
7
) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais agus maidir leis na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás. Gníomhóidh an tÚdarás freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (
8
). ◄
|
|
Airteagal 1 3.
|
Gníomhóidh an tÚdarás i réimse gníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa, ilchuideachtaí airgeadais, gnólachtaí infheistíochta, institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomhairgid, i dtaca le saincheisteanna nach gcumhdaítear go díreach leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear ábhair a bhaineann le rialachas corparáideach, iniúchóireacht, tuairisciú airgeadais, samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais á gcur san áireamh aige, ar choinníoll go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin riachtanach chun a áirithiú go gcuirfear na gníomhartha sin i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach.
|
|
Airteagal 1 4.
|
Beidh forálacha an Rialacháin seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, go háirithe faoi Airteagal 258 CFAE, chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.
|
|
Airteagal 1 5.
|
Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail a chosaint trí rannchuidiú a thabhairt maidir le cobhsaíocht agus éifeachtacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach an chórais airgeadais, ar mhaithe le geilleagar an Aontais, lena shaoránaigh agus lena ghnóthaí. Rannchuideoidh an tÚdarás, laistigh dá inniúlachtaí féin, leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:
▼B
(a)
feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, lena n-áirítear go háirithe leibhéal fónta, éifeachtach agus comhsheasmhach rialála agus maoirseachta,
(b)
sláine, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a áirithiú,
(c)
comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú,
(d)
arbatráiste rialála a sheachaint agus coinníollacha comhionanna iomaíochta a chur chun cinn,
▼M8
(e)
a áirithiú go ndéanfar rialáil agus maoirseacht iomchuí ar chreidmheas a ghlacadh agus ar na rioscaí eile a ghlacfar,
(f)
cosaint custaiméirí agus tomhaltóirí a fheabhsú, agus
▼M8
(g)
cóineasú na maoirseachta sa mhargadh inmheánach ina iomláine a fheabhsú.
▼M10 —————
▼M8
Chun na gcríoch sin, tabharfaidh an tÚdarás rannchuidiú lena áirithiú go gcuirfear na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, le cóineasú maoirseachta agus le tuairimí a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 16a, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.
▼B
I bhfeidhmiú na gcúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo, beidh aird ar leith ag an Údarás ar aon riosca sistéamach ionchasach atá ann mar gheall ar institiúidí airgeadais a bhféadfadh cliseadh ina leith dochar a dhéanamh d’oibriú an chórais airgeadais nó an fhíorgheilleagair.
▼M8
Agus é ag comhlíonadh a chuid cúraimí, gníomhóidh an tÚdarás go neamhspleách, go hoibiachtúil agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trédhearcach chun leasa an Aontais ina iomláine agus, aon uair is ábhartha, urramóidh sé prionsabal na comhréireachta. Beidh an tÚdarás cuntasach agus gníomhóidh sé go hionraic agus áiritheoidh sé go gcaithfear go cothrom le gach páirtí leasmhar.
▼M8
Maidir le hábhar agus foirm na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a dhéanfaidh an tÚdarás, go háirithe treoirlínte, moltaí, tuairimí, ceisteanna agus freagraí agus dréachtchaighdeáin rialála, beidh siad i gcomhréir go hiomlán le forálacha infheidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2. A mhéid is ceadmhach agus is ábhartha faoi na forálacha sin, maidir le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó institiúide airgeadais, gnóthais, ábhair eile nó gníomhaíocht airgeadais, a dtéann gníomhaíochtaí agus bearta an Údaráis i bhfeidhm, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, air nó uirthi, beidh sin curtha san áireamh go cuí i ngníomhaíochtaí agus i mbearta an Údaráis.
|
|
Airteagal 1 6.
|
Bunóidh an tÚdarás, mar chuid dhílis den Údarás, coiste chun comhairle a thabhairt faoi conas ba cheart dó, i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha is infheidhme, a ghníomhaíochtaí agus a bhearta difríochtaí sonracha san earnáil a bhaineann le cineál, scála agus castacht na rioscaí ar shamhlacha gnó agus cleachtas gnó agus ar mhéid institiúidí airgeadais agus margaí a mhéid a bheidh na gnéithe sin ábhartha faoi na rialacha a bheidh á mbreithniú, faoi conas ba cheart na difríochtaí sin a chur san áireamh i mbearta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|