|
+Airteagal 1 5. |
Airteagal 1 5.Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail a chosaint trí rannchuidiú a thabhairt maidir le cobhsaíocht agus éifeachtacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach an chórais airgeadais, ar mhaithe le geilleagar an Aontais, lena shaoránaigh agus lena ghnóthaí. Rannchuideoidh an tÚdarás, laistigh dá inniúlachtaí féin, leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, lena n-áirítear go háirithe leibhéal fónta, éifeachtach agus comhsheasmhach rialála agus maoirseachta,
(b)
sláine, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a áirithiú,
(c)
comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú,
(d)
arbatráiste rialála a sheachaint agus coinníollacha comhionanna iomaíochta a chur chun cinn,
(e)
a áirithiú go ndéanfar rialáil agus maoirseacht iomchuí ar chreidmheas a ghlacadh agus ar na rioscaí eile a ghlacfar,
(f)
cosaint custaiméirí agus tomhaltóirí a fheabhsú, agus
(g)
cóineasú na maoirseachta sa mhargadh inmheánach ina iomláine a fheabhsú. ▼M10 ————— Chun na gcríoch sin, tabharfaidh an tÚdarás rannchuidiú lena áirithiú go gcuirfear na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, le cóineasú maoirseachta agus le tuairimí a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 16a, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún. I bhfeidhmiú na gcúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo, beidh aird ar leith ag an Údarás ar aon riosca sistéamach ionchasach atá ann mar gheall ar institiúidí airgeadais a bhféadfadh cliseadh ina leith dochar a dhéanamh d’oibriú an chórais airgeadais nó an fhíorgheilleagair. Agus é ag comhlíonadh a chuid cúraimí, gníomhóidh an tÚdarás go neamhspleách, go hoibiachtúil agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trédhearcach chun leasa an Aontais ina iomláine agus, aon uair is ábhartha, urramóidh sé prionsabal na comhréireachta. Beidh an tÚdarás cuntasach agus gníomhóidh sé go hionraic agus áiritheoidh sé go gcaithfear go cothrom le gach páirtí leasmhar. Maidir le hábhar agus foirm na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a dhéanfaidh an tÚdarás, go háirithe treoirlínte, moltaí, tuairimí, ceisteanna agus freagraí agus dréachtchaighdeáin rialála, beidh siad i gcomhréir go hiomlán le forálacha infheidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2. A mhéid is ceadmhach agus is ábhartha faoi na forálacha sin, maidir le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó institiúide airgeadais, gnóthais, ábhair eile nó gníomhaíocht airgeadais, a dtéann gníomhaíochtaí agus bearta an Údaráis i bhfeidhm, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, air nó uirthi, beidh sin curtha san áireamh go cuí i ngníomhaíochtaí agus i mbearta an Údaráis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|