+Airteagal 35a 12.

Airteagal 35a 12.

Chun críocha an Airteagail seo, Airteagal 35(4) agus Airteagal 70(3), ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

(a) 

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010;

(b) 

an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(c) 

an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(d) 

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), den Rialachán seo;

(e) 

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(f) 

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(g) 

na húdaráis atá sa sásra aonair maoirseachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(h) 

an Bord Réitigh Aonair, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

(i) 

údaráis réitigh, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2014/59/AE;

(j) 

an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 23 );

(k) 

maoirseoir airgeadais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 24 ).

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina bhfuil feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo maidir le BCE, dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (2)(i), den Rialachán seo, ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo, cé is moite d’údaráis inniúla náisiúnta ar cuid den sásra aonair maoirseachta iad.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.