+Airteagal 54 Bunú
---+Airteagal 54 1.
---+Airteagal 54 2.
---+Airteagal 54 2a.
---+Airteagal 54 3.
---+Airteagal 54 4.

Airteagal 54 Bunú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 54 1.
Bunaítear leis seo Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach.
Airteagal 54 2.

Fónfaidh an Comhchoiste mar fhóram ina gcomhoibreoidh an tÚdarás go tráthrialta agus go dlúth chun comhsheasmhacht trasearnála a áirithiú, agus sainiúlachtaí earnála á gcur san áireamh, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), go háirithe maidir le:

— 
ilchuideachtaí airgeadais agus, i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an Aontais, comhdhlúthú stuamachta,

▼B

— 
cuntasaíocht agus iniúchóireacht,
— 
anailísí stuamachta ar an micrileibhéal maidir le forbairt trasearnála, rioscaí agus leochaileachtaí i ndáil le cobhsaíocht airgeadais,
— 
táirgí infheistíochta miondíola,

▼M8

— 
an chibearshlándáil,
— 
faisnéis agus dea-chleac’htas a mhalartú le BERS agus leis na ÚMEanna eile,

▼M8

— 
seirbhísí airgeadais miondíola agus saincheisteanna a bhaineann le cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí,
— 
comhairle ón gCoiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 1(6),

▼M11

— 
ceanglais tuairiscithe agus nochta agus bailiú na faisnéise ó institiúidí airgeadais.
Airteagal 54 2a.
Féadfaidh an Comhchoiste cúnamh a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha agus ar na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla chun idirnascadh slán éifeachtúil na sásraí uathoibrithe láraithe a áirithiú de bhun na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 32a(5) de Threoir (AE) 2015/849 le cois na cláir náisiúnta faoin Treoir sin a idirnascadh go héifeachtach.
Airteagal 54 3.
Beidh a foireann féin ag an gComhchoiste, arna soláthar ag ÚMEanna a ghníomhóidh mar rúnaíocht bhuan. Cuirfidh an tÚdarás dóthain acmhainní ar fáil le haghaidh caiteachais riaracháin, bhonneagair agus oibríochta.
Airteagal 54 4.
I gcás ina síneann feidhmeanna institiúide airgeadais thar earnálacha éagsúla, réiteoidh an Comhchoiste easaontais i gcomhréir le hAirteagal 56.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.