|
+Airteagal 10a 5. |
Airteagal 10a 5.I gcás ina léirítear go soiléir sna sonraí a fhoilsíonn Eurocontrol gur thit aerthrácht seachtainiúil, thar thréimhse dhá sheachtain i ndiaidh a chéile„ faoi bhun 80 % de leibhéil 2019 sna seachtainí comhfhreagracha, de dheasca ghéarchéim COVID-19, staideanna eipidéimeolaíocha eile nó mar éifeacht dhíreach ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus gur dócha, ar bhonn réamhaisnéisí aerthráchta Eurocontrol, go leanfaidh an laghdú ar leibhéal an aerthráchta i gcomparáid leis an leibhéal aerthráchta sa tréimhse chomhfhreagrach in 2019, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a chun na luachanna céatadáin a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagail 8(2), 10(2) agus (4) agus Airteagal 14(6), an chéad fhomhír, laistigh de raon idir 0 % agus 70 % maidir le haon tréimhse sceidealaithe idir an 30 Deireadh Fómhair 2022 agus an 28 Deireadh Fómhair 2023. Beidh an luach céatadáin a chuirfear i bhfeidhm comhréireach le leibhéal na réamhaisnéisí aerthráchta ó Eurocontrol. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar gach ceann de na gnéithe seo a leanas:
(a)
sonraí arna foilsiú ag Eurocontrol maidir le leibhéil aerthráchta agus réamhaisnéisí aerthráchta;
(b)
táscairí a bhaineann le héileamh ar aeriompar paisinéirí agus lastais, lena n-áirítear treochtaí maidir le réamháirithintí, sceidil bheartaithe na n-aerlínte, méid an fhlít, úsáid an fhlít, agus tosca ualaigh;
(c)
bearta arna ndéanamh ag údaráis phoiblí atá nasctha le géarchéim COVID-19 nó le staid eipidéimeolaíoch eile a bhfuil éifeacht shuntasach orthu ar leibhéil aerthráchta go dtí aerfoirt an Aontais nó uathu, ar athródú éigeantach de dheasca dúnadh aerspáis nó toirmeasc ar aeriompróirí an Aontais dul isteach in aerspás tríú tír, agus comhairle ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh ina Feasachán Faisnéise Crios Coinbhleachta á cur san áireamh;
(d)
sonraí ón Lárionad Eorpach um Rialú Galar agus ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le COVID-19 nó staid eipidéimeolaíoch eile arb é is saintréith dó a bheith an-tógálach agus ar dócha go spreagfaidís géarchor chun donais maidir le haerthaisteal. I bhfianaise na sceideal a bheith á n-ullmhú ag aeriompróirí roimh an tréimhse sceidealaithe, féachfaidh an Coimisiún leis na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh roimh thús na tréimhse sceidealaithe, chun ligean d’aeriompróirí a sceidil eitilte a phleanáil. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha den sórt sin a ghlacadh i rith na tréimhse sceidealaithe i gcás imthosca gan choinne. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|