+Airteagal 10a Sliotáin a leithroinnt mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna áirithe
---+Airteagal 10a 3.
---+Airteagal 10a 5.
---+Airteagal 10a 5a.
---+Airteagal 10a 6.
---+Airteagal 10a 7.

Airteagal 10a Sliotáin a leithroinnt mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna áirithe

Sliotáin a leithroinnt mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna áirithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10a 3.
Le linn na tréimhse ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 25 Márta 2023 agus chun críocha Airteagail 8(2), 10(2) agus (4), agus Airteagal 14(6), an chéad fhomhír, má léiríonn an t-aeriompróir sin go sásúil don chomhordaitheoir go ndearna sé an tsraith sliotán a leithroinneadhair a oibriú, de réir mar a rinne an comhordaitheoir é sin a imréiteach, ar feadh 75 % ar a laghad den am le linn na tréimhse sceidealaithe dár leithroinneadh í, beidh an t-aeriompróir sin i dteideal na sraithe céanna sliotán don chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile.
Airteagal 10a 5.
I gcás ina léirítear go soiléir sna sonraí a fhoilsíonn Eurocontrol gur thit aerthrácht seachtainiúil, thar thréimhse dhá sheachtain i ndiaidh a chéile„ faoi bhun 80 % de leibhéil 2019 sna seachtainí comhfhreagracha, de dheasca ghéarchéim COVID-19, staideanna eipidéimeolaíocha eile nó mar éifeacht dhíreach ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus gur dócha, ar bhonn réamhaisnéisí aerthráchta Eurocontrol, go leanfaidh an laghdú ar leibhéal an aerthráchta i gcomparáid leis an leibhéal aerthráchta sa tréimhse chomhfhreagrach in 2019, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a chun na luachanna céatadáin a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagail 8(2), 10(2) agus (4) agus Airteagal 14(6), an chéad fhomhír, laistigh de raon idir 0 % agus 70 % maidir le haon tréimhse sceidealaithe idir an 30 Deireadh Fómhair 2022 agus an 28 Deireadh Fómhair 2023. Beidh an luach céatadáin a chuirfear i bhfeidhm comhréireach le leibhéal na réamhaisnéisí aerthráchta ó Eurocontrol.

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar gach ceann de na gnéithe seo a leanas:

(a) 

sonraí arna foilsiú ag Eurocontrol maidir le leibhéil aerthráchta agus réamhaisnéisí aerthráchta;

(b) 

táscairí a bhaineann le héileamh ar aeriompar paisinéirí agus lastais, lena n-áirítear treochtaí maidir le réamháirithintí, sceidil bheartaithe na n-aerlínte, méid an fhlít, úsáid an fhlít, agus tosca ualaigh;

(c) 

bearta arna ndéanamh ag údaráis phoiblí atá nasctha le géarchéim COVID-19 nó le staid eipidéimeolaíoch eile a bhfuil éifeacht shuntasach orthu ar leibhéil aerthráchta go dtí aerfoirt an Aontais nó uathu, ar athródú éigeantach de dheasca dúnadh aerspáis nó toirmeasc ar aeriompróirí an Aontais dul isteach in aerspás tríú tír, agus comhairle ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh ina Feasachán Faisnéise Crios Coinbhleachta á cur san áireamh;

(d) 

sonraí ón Lárionad Eorpach um Rialú Galar agus ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le COVID-19 nó staid eipidéimeolaíoch eile arb é is saintréith dó a bheith an-tógálach agus ar dócha go spreagfaidís géarchor chun donais maidir le haerthaisteal.

I bhfianaise na sceideal a bheith á n-ullmhú ag aeriompróirí roimh an tréimhse sceidealaithe, féachfaidh an Coimisiún leis na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh roimh thús na tréimhse sceidealaithe, chun ligean d’aeriompróirí a sceidil eitilte a phleanáil. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha den sórt sin a ghlacadh i rith na tréimhse sceidealaithe i gcás imthosca gan choinne.

Airteagal 10a 5a.
I gcás ina gcinneann an Coimisiún, de dheasca scriosadh an bhonneagair agus an tionchar ar dhálaí maireachtála mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go bhfuil gá le ráta úsáide níos ísle maidir le bealaí lena bhfreastalaítear ar an Úcráin chun aerthrácht idir an Úcráin agus an tAontas a athbhunú de réir a chéile, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a chun na luachanna céatadáin a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagail 8(2), 10(2) agus (4) agus Airteagal 14(6), an chéad fhomhír, a leasú laistigh de raon idir 0 % agus 70 % maidir le sliotáin a úsáidtear ar bhealaí chuig an Úcráin nó uaithi le haghaidh aon tréimhse sceidealaithe idir an 30 Deireadh Fómhair 2022 agus an 28 Deireadh Fómhair 2023.

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar na gnéithe seo a leanas:

(a) 

sonraí a fhoilsíonn Eurocontrol maidir le leibhéil aerthráchta agus réamhaisnéisí aerthráchta idir an tAontas agus an Úcráin;

(b) 

táscairí a bhaineann le héileamh ar aeriompar paisinéirí agus lastais, lena n-áirítear treochtaí maidir le réamháirithintí agus sceidil na n-aerlínte atá beartaithe;

(c) 

athródú éigeantach de dheasca dúnadh aerspáis nó toirmeasc ar aeriompróirí an Aontais dul isteach in aerspás tríú tír, agus comhairle i bhFeasachán Faisnéise Crios Coinbhleachta Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh á cur san áireamh.

Airteagal 10a 6.
I gcás, de thoradh tionchar fada a bheith ag géarchéim COVID-19, staideanna eipidéimeolaíocha eile nó éifeachtaí díreacha chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.
Airteagal 10a 7.
Le linn tréimhse i gcás ina mbeidh feidhm ag díolúine sliotán de réir mhír 3, 5 nó 5a den Airteagal seo, cuirfidh aeriompróirí aon sliotán nach bhfuil sé beartaithe acu a úsáid, tráth nach lú ná 3 seachtaine roimh dháta na hoibríochta beartaithe, ar fáil don chomhordaitheoir chun é a ath-leithroinnt ar aeriompróirí eile. Gan dochar d’Airteagal 10(4) agus (4a), i gcás ina mainníonn ar aeriompróir níos mó ná trí shliotán i sraith a chur ar fáil don chomhordaitheoir i gcomhréir leis an mír seo, ní bheidh an t-aeriompróir sin i dteideal na sraithe iomláine sliotán sa chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile ach amháin más rud é go ndearna an t-iompróir an tsraith iomlán sliotán a oibriú nó go meastar an tsraith iomlán sliotán a bheith á n-oibriú ag an iompróir i gcomhréir le hAirteagal 10(4b), ar feadh 80 % den am ar a laghad, is cuma cé acu ar leasaíodh nó nár leasaíodh Airteagail 8(2) agus 10(2) leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear san Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.10.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:31993R0095
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.