|
+Airteagal 10a 5a. |
Airteagal 10a 5a.I gcás ina gcinneann an Coimisiún, de dheasca scriosadh an bhonneagair agus an tionchar ar dhálaí maireachtála mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go bhfuil gá le ráta úsáide níos ísle maidir le bealaí lena bhfreastalaítear ar an Úcráin chun aerthrácht idir an Úcráin agus an tAontas a athbhunú de réir a chéile, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a chun na luachanna céatadáin a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagail 8(2), 10(2) agus (4) agus Airteagal 14(6), an chéad fhomhír, a leasú laistigh de raon idir 0 % agus 70 % maidir le sliotáin a úsáidtear ar bhealaí chuig an Úcráin nó uaithi le haghaidh aon tréimhse sceidealaithe idir an 30 Deireadh Fómhair 2022 agus an 28 Deireadh Fómhair 2023. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar na gnéithe seo a leanas:
(a)
sonraí a fhoilsíonn Eurocontrol maidir le leibhéil aerthráchta agus réamhaisnéisí aerthráchta idir an tAontas agus an Úcráin;
(b)
táscairí a bhaineann le héileamh ar aeriompar paisinéirí agus lastais, lena n-áirítear treochtaí maidir le réamháirithintí agus sceidil na n-aerlínte atá beartaithe;
(c)
athródú éigeantach de dheasca dúnadh aerspáis nó toirmeasc ar aeriompróirí an Aontais dul isteach in aerspás tríú tír, agus comhairle i bhFeasachán Faisnéise Crios Coinbhleachta Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh á cur san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|