|
+Airteagal 5a 1. |
Airteagal 5a 1.Chun a ríomh ar baineadh amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 5(5) agus (6):
(a)
ríomhfar meáchan na dramhaíola cathrach a ghintear agus a dhírítear chuig cur i líonadh talún i mbliain féilire ar leith;
(b)
déanfar meáchan na dramhaíola a eascraíonn as oibríochtaí cóireála sula ndéanfar athchúrsáil nó aisghabháil eile ar dhramhaíl chathrach, amhail sórtáil nó cóireáil bhitheolaíoch mheicniúil, a chuirtear i líonadh talún dá éis sin a áireamh i meáchan na dramhaíola cathrach a thuairiscítear a bheith curtha i líonadh talún;
(c)
déanfar meáchan na dramhaíola cathrach a thagann isteach in oibríochtaí diúscartha loiscthe agus meáchan na dramhaíola a tháirgtear in oibríochtaí cobhsaíochta an chodáin in-bhithmhillte de dhramhaíl chathrach chun go gcuirfear i líonadh talún í dá éis sin a thuairisciú a bheith curtha i líonadh talún;
(d)
ní áireofar meáchan na dramhaíola a tháirgtear le linn athchúrsála nó oibríochtaí aisghabhála eile dramhaíola cathrach arna cur i líonadh talún ina dhiaidh sin i meáchan na dramhaíola cathraí a thuairiscítear a bheith curtha i líonadh talún. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|