+Airteagal 5a Rialacha maidir le baint amach na spriocanna a ríomh
---+Airteagal 5a 1.
---+Airteagal 5a 2.
---+Airteagal 5a 3.
---+Airteagal 5a 4.

Airteagal 5a Rialacha maidir le baint amach na spriocanna a ríomh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5a 1.

Chun a ríomh ar baineadh amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 5(5) agus (6):

(a) 

ríomhfar meáchan na dramhaíola cathrach a ghintear agus a dhírítear chuig cur i líonadh talún i mbliain féilire ar leith;

(b) 

déanfar meáchan na dramhaíola a eascraíonn as oibríochtaí cóireála sula ndéanfar athchúrsáil nó aisghabháil eile ar dhramhaíl chathrach, amhail sórtáil nó cóireáil bhitheolaíoch mheicniúil, a chuirtear i líonadh talún dá éis sin a áireamh i meáchan na dramhaíola cathrach a thuairiscítear a bheith curtha i líonadh talún;

(c) 

déanfar meáchan na dramhaíola cathrach a thagann isteach in oibríochtaí diúscartha loiscthe agus meáchan na dramhaíola a tháirgtear in oibríochtaí cobhsaíochta an chodáin in-bhithmhillte de dhramhaíl chathrach chun go gcuirfear i líonadh talún í dá éis sin a thuairisciú a bheith curtha i líonadh talún;

(d) 

ní áireofar meáchan na dramhaíola a tháirgtear le linn athchúrsála nó oibríochtaí aisghabhála eile dramhaíola cathrach arna cur i líonadh talún ina dhiaidh sin i meáchan na dramhaíola cathraí a thuairiscítear a bheith curtha i líonadh talún.

Airteagal 5a 2.
Bunóidh na Ballstáit córas éifeachtach rialaithe cáilíochta agus inrianaitheachta maidir leis an dramhaíl chathrach arna cur i líonadh talún chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh siad an córas a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 11a(3) de Threoir 2008/98/CE a úsáid chun na críche sin.
Airteagal 5a 3.
I gcás ina loingsítear dramhaíl chathrach chuig Ballstát eile nó i gcás ina ndéantar í a onnmhairiú ón Aontas chun críocha cur i líonadh talún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), déanfaidh an Ballstát inar bailíodh an dramhaíl sin an dramhaíl a áireamh faoi chomhair an mhéid dramhaíola a cuireadh i líonadh talún, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 5a 4.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Márta 2019, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar rialacha maidir le sonraí a ríomh, a fhíorú agus a thuairisciú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.08.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:31999L0031
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.