+Airteagal 25 Rúndacht
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.
---+Airteagal 25 7.
---+Airteagal 25 8.

Airteagal 25 Rúndacht

Rúndacht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.
Féadfaidh an fógróir a iarraidh a thíolacadh don údarás inniúil go gcaithfear i modh rúin le codanna áirithe den fhaisnéis a tíolacadh faoin Treoir seo, ach údar infhíoraithe a thabhairt, i gcomhréir le mír 3 agus mír 6.
Airteagal 25 2.
Déanfaidh an t-údarás inniúil an iarraidh ar rúndacht a tíolacadh ag an bhfógróir a mheá.
Airteagal 25 3.

Arna iarraidh sin d'fhógróir, ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil a cheadú go gcaithfí i modh rúineach leis na míreanna faisnéise seo a leanas, ar thabhairt údair infhíoraithe dó sin, i gcás ina dtaispeánfaidh an fógróir go bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin dochar nár bheag a dhéanamh dá leasanna:

(a) 

míreanna faisnéise dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 39(2) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(b) 

faisnéis faoi sheicheamh DNA, seachas i dtaca le seichimh a úsáidtear chun an teagmhas trasfhoirmithe a bhrath, a aithint agus a chainníochtú; agus

(c) 

patrúin phórúcháin agus straitéisí pórúcháin.

Airteagal 25 4.
Cinnfidh an t-údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhfógróir, cén fhaisnéis a bhfuiltear le caitheamh léi faoi rún agus cuirfidh sé an fógróir ar an eolas faoina chinneadh.
Airteagal 25 5.
Déanfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus na Coistí Eolaíocha ábhartha na bearta riachtanacha lena áirithiú nach ndéanfar faisnéis rúnda a dtabharfar fógra fúithi nó a mhalartófar faoin Treoir seo a phoibliú.
Airteagal 25 6.
Beidh feidhm freisin, mutatis mutandis, ag forálacha ábhartha d'Airteagal 39e agus d'Airteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.
Airteagal 25 7.

D'ainneoin mhír 3, mhír 5 agus mhír 6 den Airteagal seo:

(a) 

i gcás ina bhfuil gá le gníomh práinneach chun sláinte an duine, sláinte ainmhithe nó an comhshaol a chosaint, amhail cásanna éigeandála, féadfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a nochtadh; agus

(b) 

poibleofar, ina ainneoin sin, faisnéis atá mar chuid de chonclúidí an aschuir eolaíoch ón gCoiste Eolaíoch (na Coistí Eolaíocha) ábhartha, nó conclúidí na dtuarascálacha measúnaithe a bhaineann le héifeachtaí intuartha ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe nó ar an gcomhshaol. Beidh feidhm ag Airteagal 39c de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 sa chás sin.

Airteagal 25 8.
I gcás ina dtarraingeoidh an fógróir an fógra siar, urramóidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an Coiste Eolaíoch ábhartha nó an Coiste Eolaíoch (na Coistí Eolaíocha) ábhartha, an rúndacht mar a cheadaigh an t-údarás inniúil í i gcomhréir leis an Airteagal seo. I gcás ina dtarraingeoidh an fógra siar sula mbeidh cinneadh déanta ag an údarás inniúil faoin iarraidh ábhartha ar rúndacht, ní phoibleoidh na Ballstáit, an Coimisiún, agus an Coiste Eolaíoch (na Coistí Eolaíocha) ábhartha, an fhaisnéis a bhfuil rúndacht iarrtha ina leith.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.03.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32001L0018
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.