+Article 3d Method of allocation of allowances for aviation through auctioning
---+Article 3d 1.
---+Article 3d 1a.
---+Article 3d 3.
---+Article 3d 4.
---+Article 3d 5.
|
Article 3d Method of allocation of allowances for aviation through auctioning
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Article 3d 1.
|
Sna blianta 2024 agus 2025, déanfar 15 % de na lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 3c(5) agus (7), mar aon le 25 % in 2024 agus 50 % in 2025, faoi seach, den 85 % atá fágtha de na lamháltais sin, a mbeadh leithdháileadh saor in aisce tarlaithe ina leith, a chur ar ceant, cé is moite de chainníochtaí na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 3c(6) agus Airteagal 10a(8), an ceathrú fomhír. Leithdháilfear an chuid de na lamháltais atá fágtha le haghaidh na mblianta sin saor in aisce. Ón 1 Eanáir 2026, déanfar an chainníocht ar fad de na lamháltais a mbeadh leithdháileadh saor in aisce tarlaithe ina leith sa bhliain sin a chur ar ceant, cé is moite de chainníocht na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 3c(6) agus Airteagal 10a(8), an ceathrú fomhír.
|
|
Article 3d 1a.
|
Leithdháilfear lamháltais a leithdháiltear saor in aisce ar oibreoirí aerárthaí go comhréireach lena sciar d’astaíochtaí fíoraithe ó ghníomhaíochtaí eitlíochta arna dtuairisciú le haghaidh 2023. Cuirfear san áireamh sa ríomh sin freisin astaíochtaí fíoraithe ó ghníomhaíochtaí eitlíochta arna dtuairisciú i ndáil le heitiltí nach gcumhdaítear le EU ETS ach ón 1 Eanáir 2024. Faoin 30 Meitheamh den bhliain ábhartha, eiseoidh na húdaráis inniúla na lamháltais a leithdháiltear saor in aisce don bhliain sin.
|
|
Article 3d 3.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh a mhéid a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe maidir le ceantáil lamháltas eitlíochta ag Ballstáit i gcomhréir le míreanna 1 agus 1a den Airteagal seo, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe don cheantáil ar gá leo chun sciar d’ioncam a aistriú ó cheantáil den sórt sin chuig buiséad ginearálta an Aontais mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311, an tríú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Maidir le cainníocht na lamháltas atá le cur ar ceant i ngach tréimhse ag gach Ballstát, beidh an líon sin i gcomhréir le sciar an Bhallstáit de na hastaíochtaí eitlíochta iomlána sannta le haghaidh na mBallstát go léir don bhliain tagartha arna dtuairisciú de bhun Airteagal 14(3) agus arna bhfíorú de bhun Airteagal 15. Maidir le gach tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 13, is é a bheidh sa bhliain tagartha an bhliain féilire dar críoch 24 mhí roimh thús na tréimhse lena mbaineann an ceant. Áiritheofar, leis na gníomhartha tarmligthe, go n-urramaítear na prionsabail a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 10(4).
|
|
Article 3d 4.
|
Cinnfidh Ballstáit an úsáid a bhainfear as ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas a chumhdaítear faoin gChaibidil seo, seachas le haghaidh an ioncaim a bhunaítear mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311, an tríú mír, CFAE agus a iontráiltear i mbuiséad ginearálta an Aontais. Úsáidfidh na Ballstáit an t-ioncam a ghintear ó lamháltais a cheantáil nó a choibhéis i luach airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 10(3) den Treoir seo.
|
|
Article 3d 5.
|
Information provided to the Commission pursuant to this Directive does not free Member States from the notification obligation laid down in Article 88(3) of the Treaty.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|