+Airteagal 3gf An t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta
---+Airteagal 3gf 1.
---+Airteagal 3gf 2.
---+Airteagal 3gf 3.
---+Airteagal 3gf 4.

Airteagal 3gf An t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3gf 1.

Is éard a bheidh san údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta:

(a) 

i gcás cuideachta loingseoireachta atá cláraithe i mBallstát, an Ballstát ina bhfuil an chuideachta loingseoireachta cláraithe;

(b) 

i gcás cuideachta loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát, an Ballstát lena mbaineann an líon measta is mó cuairteanna ar chalafort le linn muiraistear ag an gcuideachta loingseoireachta sin sna 4 bliana faireacháin roimhe seo agus a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3ga;

(c) 

i gcás cuideachta loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstáit agus nár thug faoi aon mhuiraistear a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3ga sna 4 bliana faireacháin roimhe sin, is é an Ballstát inar thosaigh long de chuid na cuideachta loingseoireachta a chéad mhuiraistear nó inar chríochnaigh an long sin a chéad mhuiraistear a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3g a bheidh ina údarás riaracháin.

Airteagal 3gf 2.

Bunaithe ar an bhfaisnéis is fearr a bheidh ar fáil, bunóidh an Coimisiún an méid seo a leanas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a) 

roimh an 1 Feabhra 2024, liosta de na cuideachtaí loingseoireachta a thug faoi gníomhaíocht mhuiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháinig faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3ga an 1 Eanáir 2024, nó le héifeacht ón dáta sin, agus sonrófar ann an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo;

(b) 

roimh an 1 Feabhra 2026 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, liosta nuashonraithe chun cuideachtaí loingseoireachta atá cláraithe i mBallstát a athshannadh d’údarás riaracháin eile i leith cuideachta loingseoireachta má d’athraigh siad an Ballstát clárúcháin laistigh den Aontas i gcomhréir le mír 1, pointe (a) den Airteagal seo, nó chun cuideachtaí loingseoireachta a rinne gníomhaíocht mhuiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháinig laistigh den raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3ga, i gcomhréir le mír 1, pointe (c), den Airteagal seo a chur san áireamh; agus

(c) 

roimh an 1 Feabhra 2028 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, liosta nuashonraithe chun cuideachtaí loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát a athshannadh d’údarás riaracháin eile i leith cuideachta loingseoireachta i gcomhréir le mír 1, pointe (b), den Airteagal seo.

Airteagal 3gf 3.
Maidir le húdarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta atá, de réir an liosta a bhunaítear de bhun mhír 2, freagrach as cuideachta loingseoireachta, coinneoidh sé an fhreagracht sin gan beann ar athruithe ina dhiaidh sin ar ghníomhaíochtaí nó ar chlárú na cuideachta loingseoireachta go dtí go léireofar na hathruithe sin i liosta nuashonraithe.
Airteagal 3gf 4.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun riail mhionsonraithe a bhunú maidir le riarachán cuideachtaí loingseoireachta ag údaráis riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta faoin Treoir seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.