|
+Airteagal 3gf 2. |
Airteagal 3gf 2.Bunaithe ar an bhfaisnéis is fearr a bheidh ar fáil, bunóidh an Coimisiún an méid seo a leanas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:
(a)
roimh an 1 Feabhra 2024, liosta de na cuideachtaí loingseoireachta a thug faoi gníomhaíocht mhuiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháinig faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3ga an 1 Eanáir 2024, nó le héifeacht ón dáta sin, agus sonrófar ann an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo;
(b)
roimh an 1 Feabhra 2026 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, liosta nuashonraithe chun cuideachtaí loingseoireachta atá cláraithe i mBallstát a athshannadh d’údarás riaracháin eile i leith cuideachta loingseoireachta má d’athraigh siad an Ballstát clárúcháin laistigh den Aontas i gcomhréir le mír 1, pointe (a) den Airteagal seo, nó chun cuideachtaí loingseoireachta a rinne gníomhaíocht mhuiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháinig laistigh den raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3ga, i gcomhréir le mír 1, pointe (c), den Airteagal seo a chur san áireamh; agus
(c)
roimh an 1 Feabhra 2028 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, liosta nuashonraithe chun cuideachtaí loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát a athshannadh d’údarás riaracháin eile i leith cuideachta loingseoireachta i gcomhréir le mír 1, pointe (b), den Airteagal seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|