|
+Article 10 4. |
Article 10 4.►M15 Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Treoir seo chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil, lena n-áirítear na módúlachtaí ceantála a bhfuil gá leo chun sciar ioncam a aistriú chuig buiséad an Aontais mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 30d(4) den Treoir seo nó mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311, an triú mír, CFAE, chun a áirithiú go ndéantar é ar bhealach oscailte, trédhearcach, comhchuibhithe agus neamh-idirdhealaitheach. Chuige sin, beidh an próiseas intuartha, go háirithe maidir le huainiú agus seicheamhú ceantanna agus méideanna measta na lamháltas atá le cur ar fáil. ◄ Leis na gníomhartha tarmligthe sin, áiritheofar go mbeidh ceantanna ceaptha chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)
go mbeidh rochtain iomlán, chóir agus chothrom ag oibreoirí, agus go háirithe ag aon fiontair bheaga agus mheánmhéide atá cumhdaithe ag EU ETS;
(b)
go mbeidh rochtain ag na rannpháirtithe uile ar an bhfaisnéis chéanna ag an am céanna agus nach mbainfidh rannpháirtithe an bonn d'oibriú na gceantanna;
(c)
go mbeidh eagrú na gceantanna agus an rannpháirtíocht iontu cost-éifeachtach agus go seachnófar costais riaracháin nach gá; agus
(d)
go ndéanfar rochtain ar lamháltais a dheonú d'astaírí beaga. Member States shall report on the proper implementation of the auctioning rules for each auction, in particular with respect to fair and open access, transparency, price formation and technical and operational aspects. These reports shall be submitted within one month of the auction concerned and shall be published on the Commission's website. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|