+Article 10 Auctioning of allowances
---+Article 10 1.
---+Article 10 1a.
---+Article 10 2.
---+Article 10 3.
---+Article 10 4.
---+Article 10 5.
---+Article 10 6.

Article 10 Auctioning of allowances

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Article 10 1.
Ó 2019 ar aghaidh, cuirfidh na Ballstáit ar ceant gach lamháltas nach leithdháiltear saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a agus le hAirteagal 10c den Treoir seo agus nach gcuirtear i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) (“cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh”) nó a chuirtear ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 12(4) den Treoir seo.

Ó 2021 ar aghaidh, agus gan dochar do laghdú a d'fhéadfaí a dhéanamh de bhun Airteagal 10a(5a), is é 57 % an sciar lamháltas a bheidh le cur ar ceant.

Cuirfear 2 % de chainníocht iomlán na lamháltas idir 2021 agus 2030 ar ceant chun ciste a bhunú chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus chun córais fuinnimh de chuid Ballstáit áirithe a nuachóiriú (“na Ballstáit is tairbhithe”), mar a leagtar amach in Airteagal 10d (an “Ciste don Nuachóiriú”). Is iad na Ballstáit is tairbhithe le haghaidh na cionranna sin lamháltas na Ballstáit sin a bhfuil OTI per capita acu de réir margadhphraghsanna faoi bhun 60 % de mheán an Aontais in 2013. Leithdháilfear na cistí a chomhfhreagraíonn don mhéid sin lamháltas i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn IIb.

Thairis sin, cuirfear 2,5 % de chainníocht iomlán na lamháltas idir 2024 agus 2030 ar ceant le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú. Is iad na Ballstáit is tairbhithe le haghaidh na cionranna sin lamháltas na mBallstát sin a bhfuil OTI per capita acu de réir margadhphraghsanna faoi bhun 75 % de mheán an Aontais sa tréimhse ó 2016 go 2018. Leithdháilfear na cistí a chomhfhreagraíonn don mhéid sin lamháltas i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn IIb.

The total remaining quantity of allowances to be auctioned by Member States shall be distributed in accordance with paragraph 2.

Article 10 1a.
Where the volume of allowances to be auctioned by Member States in the last year of each period referred to in ►M9  Airteagal 13 ◄ of this Directive exceeds by more than 30 % the expected average auction volume for the first two years of the following period before application of Article 1(5) of Decision (EU) 2015/1814, two thirds of the difference between the volumes shall be deducted from the auction volumes in the last year of the period and added in equal instalments to the volumes to be auctioned by Member States in the first two years of the following period.
Article 10 2.

The total quantity of allowances to be auctioned by each Member State shall be composed as follows:

(a) 

►M9  90 % ◄ of the total quantity of allowances to be auctioned being distributed amongst Member States in shares that are identical to the share of verified emissions under the ►M9  EU ETS ◄ for 2005 or the average of the period from 2005 to 2007, whichever one is the highest, of the Member State concerned;

▼M9

(b) 

10 % de chainníocht iomlán na lamháltas a bheidh le cur ar ceant arna ndáileadh ar Bhallstáit áirithe chun críocha na dlúthpháirtíochta, an fháis agus idirnasc laistigh den Aontas, lena méadófar méid na lamháltas a chuireann na Ballstáit sin ar ceant faoi phointe (a) ag na céatadáin a shonraítear in Iarscríbhinn IIa.

▼M9 —————

▼M4

For the purposes of point (a), in respect of Member States which did not participate in the ►M9  EU ETS ◄ in 2005, their share shall be calculated using their verified emissions under the ►M9  EU ETS ◄ in 2007.

▼M9

Más gá, déanfar na céatadáin dá dtagraítear i bpointe (b) a oiriúnú ar bhealach comhréireach chun a áirithiú gurb ionann is 10 % an dáileadh sin.

Article 10 3.

Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, seachas le haghaidh na n-ioncam bunaithe mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311, an triú mír, CFAE agus iontráilte i mbuiséad an Aontais. Bainfidh na Ballstáit leas as na hioncaim sin, cé is moite den ioncam a úsáidtear chun costais charbóin indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 10ú(6) den Treoir seo a chúiteamh, nó a choibhéis i luach airgeadais na n-ioncam sin, i gcás ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

▼M4

(a) 

to reduce greenhouse gas emissions, including by contributing to the Global Energy Efficiency and Renewable Energy Fund and to the Adaptation Fund as made operational by the Poznan Conference on Climate Change (COP 14 and COP/MOP 4), to adapt to the impacts of climate change and to fund research and development as well as demonstration projects for reducing emissions and for adaptation to climate change, including participation in initiatives within the framework of the European Strategic Energy Technology Plan and the European Technology Platforms;

▼M15

(b) 

chun fuinnimh in-athnuaite agus eangacha do tharchur leictreachais a fhorbairt d’fhonn gealltanas an Aontais i ndáil le fuinnimh in-athnuaite agus spriocanna an Aontais maidir le hidirnascacht a chomhlíonadh, agus chun teicneolaíochtaí eile a fhorbairt lena gcuirtear leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin slán inbhuanaithe, agus chun cabhrú le comhlíonadh ghealltanas an Aontais an éifeachtúlacht fuinnimh a ardú, ag na leibhéil a comhaontaíodh i ngníomhartha reachtacha ábhartha, lena n-áirítear leictreachas a tháirgeadh ó fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite agus ó chomhphobail fuinnimh in-athnuaite;

(c) 

bearta lena ndéantar an dífhoraoisiú a sheachaint agus tacú le cosaint agus le hathbhunú portaigh, foraoisí agus eiceachórais eile atá talamhbhunaithe nó mara, lena n-áirítear bearta lena rannchuidítear le cosaint, athchóiriú agus bainistiú níos fearr na nithe sin, go háirithe maidir le limistéir mhuirí faoi chosaint, agus lena méadaítear an foraoisiú agus an t-athfhoraoisiú atá fabhrach don bhithéagsúlacht, lena n-áirítear i dtíortha i mbéal forbartha a bhfuil Comhaontú Pháras daingnithe acu, agus bearta chun teicneolaíochtaí a aistriú agus éascaíocht a dhéanamh ar an oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide sna tíortha sin;

(d) 

gás ceaptha teasa a cheapadh san Aontas trí mheán na foraoiseachta agus na hithreach;

(e) 

gabháil agus stóráil gheolaíoch CO2 ar bhealach atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de, go háirithe CO2 ó stáisiúin cumhachta breosla iontaise sholadaigh agus ó raon earnálacha agus fo-earnálacha tionsclaíochta, lena n-áirítear i dtríú tíortha, agus modhanna nuálacha chun carbón a bhaint, amhail gabháil dhíreach ón aer agus stóráil;

(f) 

infheistíocht a dhéanamh san aistriú chuig cineálacha iompair a chuireann go mór le dícharbónú na hearnála agus dlús a chur leo, lena n-áirítear seirbhísí agus teicneolaíochtaí iompair paisinéirí agus lasta d’iarnród agus seirbhísí agus teicneolaíochtaí bus atá neamhdhíobhálach don aeráid a fhorbairt, bearta chun an earnáil mhuirí a dhícharbónú, lena n-áirítear feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh long, calafort, teicneolaíochtaí nuálacha agus bonneagair, agus breoslaí malartacha inbhuanaithe, amhail hidrigin agus amóinia a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite, agus teicneolaíochtaí tiomána astaíochtaí nialasacha, agus bearta a mhaoiniú chun tacú le dícharbónú aerfort i gcomhréir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe;

▼M4

(g) 

to finance research and development in energy efficiency and clean technologies in the sectors covered by this Directive;

▼M15

(h) 

bearta atá ceaptha chun éifeachtúlacht fuinnimh, córais téimh cheantair agus insliú a fheabhsú, chun tacú le córais téimh agus fuaraithe éifeachtúla agus in-athnuaite, nó chun tacú le hathchóiriú domhain céimneach foirgneamh i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ), ag tosú le hathchóiriú na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla;

▼M15

(ha) 

tacaíocht airgeadais a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam, lena n-áirítear trí chánacha saobhacha a laghdú, agus laghduithe spriocdhírithe ar dhleachtanna agus ar mhuirir le haghaidh leictreachas in-athnuaite;

(hb) 

scéimeanna náisiúnta díbhinní aeráide a mhaoiniú a bhfuil tionchar dearfach cruthaithe acu mar atá doiciméadaithe sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ).

▼M4

(i) 

to cover administrative expenses of the management of the ►M9  EU ETS ◄ ;

▼M9

(j) 

chun gníomhaíochtaí aeráide i dtríú tíortha leochaileacha a mhaoiniú, lena n-áirítear oiriúnú a dhéanamh d'iarmhairtí an athraithe aeráide;

▼M15

(k) 

chun foirmiú scileanna agus athdháileadh an lucht saothair a chur chun cinn d’fhonn cur le haistriú cóir chuig geilleagar aeráidneodrach, go háirithe sna réigiúin is mó atá thíos le haistriú post, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, agus chun infheistíocht a dhéanamh in uas-sciliú agus in athoiliúint oibrithe a bhféadfadh an t-aistriú difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear oibrithe i muiriompar.

(l) 

chun aghaidh a thabhairt ar aon riosca iarmharach sceite carbóin sna hearnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ), tacú leis an aistriú agus a ndícharbónú a chur chun cinn i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair.

▼M15

Agus úsáid na n-ioncam a ghintear ó na lamháltais a chur ar ceant á cinneadh acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an gá atá le leanúint de mhaoiniú idirnáisiúnta don troid i gcoinne an athraithe aeráide a mhéadú i dtríú tíortha leochaileacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (j).

▼M15

Measfar forálacha na míre seo a bheith comhlíonta ag na Ballstáit má tá beartais fhioscacha nó tacaíochta airgeadais nó beartais rialaitheacha i bhfeidhm acu, agus má chuireann siad chun feidhme iad, lena n-áirítear go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha, ar beartais iad lena ndéantar tacaíocht airgeadais a ghiaráil, arna mbunú chun na gcríoch a leagtar amach sa chéad fhomhír agus arb ionann a luach agus na hioncaim dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid na n-ioncam agus na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre seo ina dtuarascálacha arna dtíolacadh faoi Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus sonróidh siad, i gcás inarb ábhartha agus de réir mar is iomchuí, cén t-ioncam a úsáidfear agus na gníomhaíochtaí a dhéanfar chun a bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna thíolacadh i gcomhréir leis an Rialachán sin, agus a bpleananna críochach um aistriú cóir arna ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ) a chur chun feidhme.

Beidh an tuairisciú mionsonraithe go leor chun a chur ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh maidir leis an gcéad fhomhír a bheith á chomhlíonadh ag na Ballstáit.

Article 10 4.

►M15  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Treoir seo chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil, lena n-áirítear na módúlachtaí ceantála a bhfuil gá leo chun sciar ioncam a aistriú chuig buiséad an Aontais mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 30d(4) den Treoir seo nó mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311, an triú mír, CFAE, chun a áirithiú go ndéantar é ar bhealach oscailte, trédhearcach, comhchuibhithe agus neamh-idirdhealaitheach. Chuige sin, beidh an próiseas intuartha, go háirithe maidir le huainiú agus seicheamhú ceantanna agus méideanna measta na lamháltas atá le cur ar fáil. ◄

Leis na gníomhartha tarmligthe sin, áiritheofar go mbeidh ceantanna ceaptha chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) 

go mbeidh rochtain iomlán, chóir agus chothrom ag oibreoirí, agus go háirithe ag aon fiontair bheaga agus mheánmhéide atá cumhdaithe ag EU ETS;

(b) 

go mbeidh rochtain ag na rannpháirtithe uile ar an bhfaisnéis chéanna ag an am céanna agus nach mbainfidh rannpháirtithe an bonn d'oibriú na gceantanna;

(c) 

go mbeidh eagrú na gceantanna agus an rannpháirtíocht iontu cost-éifeachtach agus go seachnófar costais riaracháin nach gá; agus

(d) 

go ndéanfar rochtain ar lamháltais a dheonú d'astaírí beaga.

▼M4

Member States shall report on the proper implementation of the auctioning rules for each auction, in particular with respect to fair and open access, transparency, price formation and technical and operational aspects. These reports shall be submitted within one month of the auction concerned and shall be published on the Commission's website.

Article 10 5.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú mhargadh carbóin na hEorpa. Gach bliain, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú an mhargaidh carbóin agus faoi aon bheartas ábhartha eile aeráide nó fuinnimh, lena n-áirítear oibriú na gceantanna, an leachtacht agus na méideanna arna dtrádáil, agus ina ndéanfar achoimre ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo agus ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit maidir leis na bearta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10a(6). Más gá, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear aon fhaisnéis ábhartha faoi bhráid an Choimisiúin dhá mhí ar a laghad sula nglacfaidh an Coimisiún an tuarascáil.
Article 10 6.
Déanfaidh ESMA faireachán rialta ar shláine agus trédhearcacht mhargadh carbóin na hEorpa, go háirithe maidir le luaineacht sa mhargadh agus éabhlóid praghsanna, feidhmiú na gceantanna, oibríochtaí trádála ar an mhargadh le haghaidh lamháltas astaíochtaí agus díorthaigh díobh, lena n-áirítear trádáil thar an gcuntar, leachtacht agus na méideanna a thrádáiltear, agus catagóirí agus iompraíocht trádála rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear suíomhanna idirghabhálaithe airgeadais. Áireoidh ESMA na torthaí ábhartha agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé moltaí ina chuid measúnuithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach i gcomhréir le hAirteagal 32(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ). Chun críocha na gcúraimí dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo, comhoibreoidh ESMA agus na húdaráis inniúla ábhartha agus malartóidh siad faisnéis maidir le faisnéis mhionsonraithe faoi gach cineál idirbhirt i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.