Déanfaidh ESMA faireachán rialta ar shláine agus trédhearcacht mhargadh carbóin na hEorpa, go háirithe maidir le luaineacht sa mhargadh agus éabhlóid praghsanna, feidhmiú na gceantanna, oibríochtaí trádála ar an mhargadh le haghaidh lamháltas astaíochtaí agus díorthaigh díobh, lena n-áirítear trádáil thar an gcuntar, leachtacht agus na méideanna a thrádáiltear, agus catagóirí agus iompraíocht trádála rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear suíomhanna idirghabhálaithe airgeadais. Áireoidh ESMA na torthaí ábhartha agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé moltaí ina chuid measúnuithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach i gcomhréir le hAirteagal 32(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
15
). Chun críocha na gcúraimí dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo, comhoibreoidh ESMA agus na húdaráis inniúla ábhartha agus malartóidh siad faisnéis maidir le faisnéis mhionsonraithe faoi gach cineál idirbhirt i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
16
).