|
+Article 10a 1a. |
Article 10a 1a.Faoi réir chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956, ní thabharfar aon leithdháileadh saor in aisce i ndáil le táirgeadh earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, le haghaidh na chéad bhlianta tar éis Rialachán (AE) 2023/956 a chur i bhfeidhm, tairbheoidh táirgeadh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin ó leithdháileadh saor in aisce i méideanna laghdaithe. Cuirfear fachtóir lena laghdófar an leithdháileadh saor in aisce le haghaidh tháirgeadh na n-earraí sin i bhfeidhm (an fachtóir SCCT). Beidh fachtóir SCCT cothrom le 100 % don tréimhse idir teacht i bhfeidhm an Rialacháin sin agus deireadh 2025, agus, faoi réir chur i bhfeidhm na bhforálacha dá dtagraítear in Airteagal 36(2), pointe (b), den Rialachán sin, beidh sé cothrom le 97,5 % in 2026, 95 % in 2027, 90 % in 2028, 77,5 % in 2029, 51,5 % in 2030, 39 % in 2031, 26,5 % in 2032 agus 14 % in 2033. Ó 2034 ar aghaidh, ní bheidh feidhm ag aon fhachtóir SCCT. Déanfar an laghdú ar leithdháileadh saor in aisce a ríomh gach bliain mar an meánsciar ar an éileamh ar leithdháileadh saor in aisce le haghaidh tháirgeadh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/956 + i gcomparáid leis an éileamh iomlán ar leithdháileadh saor in aisce a ríomhtar le haghaidh na suiteálacah go léir, le haghaidh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1) den Treoir seo. Cuirfear fachtóir SCCT i bhfeidhm sa ríomh seo. Cuirfear leithdháiltí a leanann as an laghdú ar leithdháileadh saor in aisce ar fáil chun tacú leis an nuálaíocht i gcomhréir le mír 8. Faoin 31 Nollaig 2024 agus mar chuid dá thuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 10(5) den Treoir seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an riosca sceite carbóin d’earraí atá faoi réir SCCT agus a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha nach gcuireann CTA AE ná sásra comhchosúil praghsála carbóin i bhfeidhm. Déanfar measúnú sa tuarascáil go háirithe ar an riosca sceite carbóin in earnálacha a mbeidh feidhm ag SCCT, go háirithe ról agus glacadh luathaithe hidrigine, agus na forbairtí maidir le sreabha trádála agus astaíochtaí leabaithe na n-earraí sin ar an margadh domhanda. I gcás inarb é conclúid na tuarascála go bhfuil riosca sceite carbóin ann d’earraí a tháirgtear san Aontas chun onnmhairiú chuig tríú tíortha nach gcuireann CTA AE nó sásra praghsála carbóin den chineál céanna i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin ar bhealach a chomhlíonann rialacha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, lena n-áirítear Airteagal XX den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil agus a chuireann dícharbónú suiteálacha san Aontas san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|