|
+Article 10a 6. |
Article 10a 6.
►M15
Ba cheart do na Ballstáit bearta airgeadais a ghlacadh, i gcomhréir leis an dara agus leis an gceathrú fomhír den mhír seo i bhfabhar earnálacha nó fo-earnálacha atá neamhchosanta ar fhíor-riosca sceite carbóin i ngeall ar chostais shuntasacha indíreacha a thabhaítear iarbhír ó chostais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thugtar ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais, ar choinníoll go mbeidh bearta airgeadais den sórt sin i gcomhréir le rialacha maidir leis an Státchabhair, agus go háirithe, nach ndéanfar saobhadh míchuí ar iomaíocht an mhargaidh inmheánaigh leo. Leis na bearta airgeadais arna nglacadh, níor cearta costais indíreacha a chumhdaítear le leithdháileadh saor in aisce i gcomhréir leis na tagarmharcanna a bhunaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chúiteamh. I gcás ina gcaitheann Ballstát méid níos mó ná coibhéis 25 % de na hioncaim ceantála dá dtagraítear in Airteagal 10(3) don bhliain inar tabhaíodh na costais indíreacha, déanfaidh sé na cúiseanna leis an méid sin a shárú a leagan amach. ◄
Ní fhéachfaidh na Ballstáit le níos mó ná 25 % den ioncam a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant le haghaidh na mbeart airgeadais dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Laistigh de thrí mhí ó dheireadh gach bliana, déanfaidh na Ballstáit a mbeidh bearta airgeadais den sórt sin i bhfeidhm acu méid iomlán an chúitimh a sholáthraítear in aghaidh na hearnála agus na fo-earnála tairbhíocha a chur ar fáil don phobal i bhfoirm a mbeidh sé éasca rochtain a fháil uirthi. Amhail ó 2018, in aon bhliain ina n-úsáidfidh Ballstát níos mó ná 25 % den ioncam a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant chun na gcríoch sin, foilseoidh sé tuarascáil ina leagfar amach na cúiseanna a bheidh leis an méid sin a shárú. Beidh ar áireamh sa tuarascáil sin faisnéis ábhartha maidir le praghsanna leictreachais do thomhaltóirí móra tionsclaíocha a thairbhíonn ó bhearta airgeadais den sórt sin, gan dochar do cheanglais maidir le faisnéis rúnda a chosaint. Beidh ar áireamh sa tuarascáil freisin faisnéis ina léireofar ar tugadh aird chuí ar bhearta eile chun costais indíreacha charbóin a ísliú ar bhealach inbhuanaithe sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Áireoidh an Coimisiún sa tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 10(5), inter alia, measúnú ar na héifeachtaí beart airgeadais den sórt sin ar an margadh inmheánach agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé aon bhearta ar bith a d'fhéadfadh a bheith riachtanach de bhun an mheasúnaithe sin. Leis na bearta sin, áiritheofar cosaint leordhóthanach ar an riosca sceitheadh carbóin, ar bhonn tagarmharcanna ex-ante d'astaíochtaí indíreacha CO2 in aghaidh an aonaid táirgeachta. Ríomhfar na tagarmharcanna ex-ante sin d'earnáil nó d'fho-earnáil ar leith mar tháirge den tomhaltas leictreachais in aghaidh an aonaid táirgthe atá comhfhreagrach leis na teicneolaíochtaí is éifeachtúla atá ar fáil agus d'astaíochtaí CO2 an mheascáin táirgthe leictreachais ábhartha Eorpaigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|