+Article 10a 8.

Article 10a 8.

Déanfar 345 mhilliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce de bhun an Airteagail seo, agus 80 mhilliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a chur ar ceant de bhun Airteagal 10, chomh maith leis na lamháltais a leanann as an leithdháileadh saor in aisce a laghdú dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo, a chur ar fáil do chiste (an “Ciste don Nuálaíocht”) leis an gcuspóir tacú leis an nuálaíocht i dteicnící ísealcharbóin agus saor ó charbón, próisis agus teicneolaíochtaí lena rannchuidítear go suntasach le dícharbónú na n-earnálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo lena rannchuidítear le cuspóirí maidir le truailliú nialasach agus ciorclaíocht lena n-áirítear tionscadail a bhfuil sé mar aidhm leo uascálú a dhéanamh ar theicnící, próisis agus teicneolaíochtaí den chineál sin d’fhonn iad a chur i bhfeidhm trasna an Aontais. Beidh acmhainneacht shuntasach laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na tionscadail sin agus rannchuideofar leo le coigilt fuinnimh agus acmhainní i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030.

Déanfaidh an Coimisiún lamháltais an Ciste don Nuálaíocht a thúsualú chun a áirithiú go mbeidh méid leordhóthanach acmhainní ar fáil chun nuálaíocht a chothú, lena n-áirítear uas-scálú.

Lamháltais nach n-eisítear chuig oibreoirí aerárthaigh toisc gur scoir siad dá n-oibríochtaí agus nach bhfuil gá leo chun aon easnamh i dtabhairt suas ag na hoibreoirí sin a chumhdach, úsáidfear iad chomh maith le haghaidh tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Thairis sin, cuirfear 5 mhilliún lamháltas ar fáil ón gcainníocht dá dtagraítear in Airteagal 3c(5) agus (7) a bhaineann le leithdháiltí eitlíochta le haghaidh 2026 ar mhaithe leis an tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Sa bhreis air sin, le 50 milliún lamháltas neamh-leithdháilte ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, forlíonfar aon ioncam a bheidh fágtha ón 300 milliún lamháltas atá ar fáil sa tréimhse ó 2013 go 2020 faoi Chinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún ( 19 ) agus úsáidfear iad ar bhealach tráthúil le haghaidh tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Agus glaonna ar thograí nó imthairiscint iomaíoch faoin gCiste don Nuálaíocht á gceapadh agus á gcur chun feidhme nó á ceapadh agus á cur chun feidhme aige, breithneoidh an Coimisiún tionscadail straitéiseacha a aithnítear i gcomhréir le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta táirgí teicneolaíochta glan-nialasaí na hEorpa a neartú, ar rudaí iad a meastar ina leith ►C2  go rannchuidíonn siad le cuspóirí STEP i gcomhréir le hAirteagal 2(4) de Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. ◄  ( 20 ). Breithneoidh na Ballstáit ar thacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ón gCiste Comhtháthaithe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ) agus ón gCiste um Aistriú Cóir a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1056 a sholáthar do thionscadail ar a gcríoch i gcomhthéacs sásraí airgeadais arna bhforbairt faoin gCiste don Nuálaíocht, amhail an scéim “ceantanna mar sheirbhís”.

Cumhdófaí leis an gCiste don Nuálaíocht na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus III, chomh maith le táirgí agus próisis a úsáidtear in ionad cinn atá dian ó thaobh úsáid carbóin de a tháirgtear nó a úsáidtear in earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite agus stórála fuinnimh agus gabháil agus úsáid carbóin (CCU) ar dhóigh atá sábháilte don chomhshaol, a chuideoidh go mór leis an athrú aeráide a mhaolú, go háirithe i gcás astaíochtaí próisis dho-sheachanta, agus chuideofaí le spreagadh a thabhairt chun tionscadail a thógáil agus a oibriú atá dírithe ar ghabháil, iompar agus stóráil (CCS) CO2 go geolaíoch, go háirithe i gcás astaíochtaí próisis thionsclaíocha dho-sheachanta, agus gabháil dhíreach CO2 ón atmaisféar le buanstóráil sábháilte agus inbhuanaithe, in áiteanna atá cothrom ó thaobh na geografaíochta de. Féadfaidh an Ciste don Nuálaíocht tacú freisin le teicneolaíochtaí nuálacha ceannródaíocha agus bonneagar nuálach ceannródaíoch, lena n-áirítear táirgeadh breoslaí ísealcharbóin agus saor ó charbón, chun na hearnálacha muirí, eitlíochta, iompar iarnróid agus iompar de bhóthar a dhícharbónú, lena n-áirítear cineálacha coiteanna iompair amhail iompar poiblí agus seirbhísí cóiste.

Maidir le heitlíocht, féadfaidh sí tacú freisin le leictriú agus le gníomhaíochtaí chun tionchair aeráide fhoriomlána na heitlíochta a laghdú.

Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar thionscadail in earnálacha a chumhdaítear faoi Rialachán (AE) 2023/956 chun tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, CCU, CCS, fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a chuideoidh leis an athrú aeráide a mhaolú agus é d’aidhm leis sin, thar an tréimhse ó 2021 go 2030, sciar suntasach de choibhéis i luach airgeadais na lamháltas dá dtagraítear i mír 1a, an ceathrú fomhír, den Airteagal seo a bhronnadh ar thionscadail sna hearnálacha sin. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún glaonna ar thograí a sheoladh, roimh 2027, ar tograí iad a bheidh tiomnaithe do na hearnálacha a chumhdaítear faoin Rialachán sin.

Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith freisin ar thionscadail lena rannchuidítear leis an earnáil mhuirí a dhícharbónú agus áireoidh sé ábhair atá tiomnaithe don chríoch sin sna glaonna ar thograí faoin gCiste don Nuálaíocht, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear chun muiriompar a leictriú, agus chun aghaidh a thabhairt ar a tionchar iomlán ar an aeráid, lena n-áirítear astaíochtaí carbóin dhuibh. Leis na glaonna ar thograí den sórt sin, sna critéir a úsáidtear chun tionscadail a roghnú, tabharfar aird ar leith freisin ar an fhéidireacht atá ann maidir le cosaint na bithéagsúlachta a mhéadú agus truailliú torainn agus uisce ó thionscadail agus infheistíochtaí a laghdú.

Féadfaidh an Ciste don Nuálaíocht, i gcomhréir le mír 8a, tacú le tionscadail trí imthairiscint iomaíoch, amhail CDanna, CCDanna nó conarthaí préimhe seasta chun tacú le teicneolaíochtaí dícharbónaithe a bhféadfadh sé nach dreasacht leordhóthanach a bheadh sa phraghas carbóin ina leith.

Lorgóidh an Coimisiún sineirgí idir an Ciste don Nuálaíocht agus Fís Eorpach, go háirithe maidir le comhpháirtíochtaí Eorpacha, agus déanfaidh sé, i gcás inarb ábhartha, sineirgí a lorg idir an Ciste don Nuálaíocht agus cláir eile de chuid an Aontais.

Beidh tionscadail i gcríoch gach Ballstáit, lena n-áirítear tionscadail ar mhionscála agus tionscadail ar mheánscála, incháilithe, agus, maidir le gníomhaíochtaí muirí, beidh tionscadail ag a mbaineann breisluach soiléir don Aontas incháilithe. Teicneolaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht, beidh siad nuálach agus ní bheidh siad ar fáil ó thaobh tráchtála go fóill ar scála comhchosúil gan tacaíocht, ach beidh siad ina réitigh cheannródaíocha nó beidh siad aibí a ndóthain chun iad a chur i bhfeidhm ar scála réamhthráchtála.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá dírithe ar an gCiste don Nuálaíocht ar ceant i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na módúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(4) den Treoir seo. Measfar na méideanna sin a bheith ina n-ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 22 ). Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le bearta ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

Cuirfidh an Coimisiún, arna iarraidh sin air, cúnamh teicniúil ar fáil do na Ballstáit a mbíonn éifeacht íseal lena rannpháirtíocht i dtionscadail faoin gCiste Nuálaíochta chun cur le cumas an Bhallstáit iarrthaigh tacú le hiarrachtaí thionscnóirí na dtionscadal ar a gcríoch faoi seach iarratais a chur isteach ar chistiú ón gCiste don Nuálaíocht, d’fhonn rannpháirtíocht éifeachtach gheografach sa Chiste don Nuálaíocht a fheabhsú agus cáilíocht fhoriomlán na dtionscadal arna dtíolacadh a mhéadú. Déanfaidh an Coimisiún clúdach geografach éifeachtach atá bunaithe ar cháilíocht a shaothrú i ndáil le cistiú ón gCiste don Nuálaíocht ar fud an Aontais agus áiritheoidh sé go ndéanfar faireachán cuimsitheach ar an dul chun cinn agus go ndéanfar obair leantach iomchuí air ina leith sin.

Faoi réir chomhaontú na n-iarratasóirí, tar éis dheireadh an ghlao ar thograí, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na hiarratais ar mhaoiniú le haghaidh tionscadail ar a gcríoch faoi seach agus cuirfidh sé faisnéis mhionsonraithe ar fáil dóibh a bhaineann leis na hiarratais sin chun gur fusa do na Ballstáit tacaíocht do thionscadail a chomhordú. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi liosta na dtionscadal réamhroghnaithe roimh dhámhachtain na tacaíochta.

Roghnófar tionscadail trí nós imeachta roghnúcháin trédhearcach, ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de i gcomhréir le cuspóirí an Chiste don Nuálaíocht mar a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo agus ar bhonn critéir oibiachtúla agus thrédhearcacha, agus aird á tabhairt ar a mhéid a rannchuidíonn tionscadail go suntasach le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais agus, ag an am céanna, leis na cuspóirí nialasacha truaillithe agus ciorclaíochta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, agus, i gcás inarb ábhartha, ar a mhéid a rannchuidíonn tionscadail le laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach go mór faoi bhun na dtagarmharcanna dá dtagraítear i mír 2. Beidh d’acmhainneacht ag tionscadail go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm go forleathan nó costais a laghdú i leith aistriú chuig geilleagair aeráidneodrach sna hearnálacha lena mbaineann. Tabharfar tosaíocht do theicneolaíochtaí nuálacha agus do phróisis lena dtugtar aghaidh ar thionchair iomadúla ar an gcomhshaol. Le tionscadail lena mbaineann CCU, léireofar glanlaghdú in astaíochtaí agus áiritheofar go ndéanfar CO2 a sheachaint nó a stóráil go buan. I gcás deontais a chuirtear ar fáil trí ghlao ar thograí, féadfar tacú le suas le 60 % de chostais ábhartha na dtionscadal agus as a measc sin ní gá suas le 40 % a bheith ag brath ar sheachaint fhíoraithe astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar choinníoll go mbainfear amach garspriocanna réamhshocraithe, agus an teicneolaíocht atá in úsáid á cur san áireamh. I gcás tacaíocht a chuirtear ar fáil trí thairiscint iomaíoch agus i gcás tacaíocht cúnaimh teicniúil, féadfar tacú le suas le 100 % de chostais ábhartha na dtionscadal. Cuirfear san áireamh sna critéir a úsáidtear chun tionscadail a roghnú na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil trí thionscadail chomhcheangailte maidir le hastaíochtaí a laghdú i roinnt earnálacha, lena n-áirítear i limistéir in aice láimhe.

Tionscadail arna gcistiú ag an gCiste don Nuálaíocht, cuirfear de cheangal orthu eolas a chomhroinnt le tionscadail ábhartha eile agus le taighdeoirí atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil leas dlisteanach acu. Déanfaidh an Coimisiún téarmaí na comhroinnte eolais a shainiú i nglaonna ar thograí.

Beidh na glaonna ar thograí oscailte agus trédhearcach. Agus na glaonna ar thograí á n-ullmhú aige, féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú go gcumhdófar gach earnáil go cuí. Déanfaidh an Coimisiún bearta chun a áirithiú go gcuirfear na glaonna in iúl ar bhealach chomh forleathan agus is féidir, agus go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht, lena n-áirítear an nós imeachta agus na critéir roghnúcháin, agus na hearnálacha incháilithe agus ceanglais teicneolaíocha le haghaidh na gcineálacha éagsúla tacaíochta.

Ní bhfaighidh aon tionscadal tacaíocht tríd an sásra faoin mír seo a sháróidh 15 % de líon iomlán na lamháltas a bheidh ar fáil chun na críche sin. Cuirfear na lamháltais sin san áireamh i mír 7.

Faoin 31 Nollaig 2023 agus gach bliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún don Choiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear in Airteagal 22a(1) den Treoir seo maidir le cur chun feidhme an Chiste don Nuálaíocht, ina soláthrófar anailís ar thionscadail lena ndéantar cistiú a dhámhachtin, de réir earnála agus de réir Ballstáit, agus ar an rannchuidiú a mheastar a dhéanfaidh na tionscadail sin i dtreo chuspóir na haeráidneodrachta san Aontas mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus déanfaidh sé an tuarascáil sin a phoibliú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.