+Article 10a 8a.

Article 10a 8a.

Maidir le CDanna agus CCDanna arna ndámhachtain tar éis sásra um imthairiscint iomaíoch a thabhairt chun críche, soláthrófar cumhdach iomchuí tri ghealltanais bhuiséadacha a eascraíonn as fáltais ó cheantáil lamháltas atá ar fáil sa Chiste don Nuálaíocht agus féadfar na gealltanais bhuiséadacha sin a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta. I gcás an chéad dá bhabhta den sásra um imthairiscint iomaíoch, déanfar cumhdach an dliteanais airgeadais a bhaineann le CDanna agus CCDanna a áirithiú go hiomlán trí leithreasuithe a thagann as na fáltais a eascraíonn as ceantáil na lamháltas a leithdháiltear ar an gCiste don Nuálaíocht de bhun mhír 8.

Ar bhonn measúnú cáilíochtúil agus cainníochtúil arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as cur chun feidhme CDanna agus CCDanna, a bheidh le déanamh tar éis an chéad dá bhabhta den sásra um imthairiscint iomaíoch a thabhairt chun críche agus gach uair is gá ina dhiaidh sin i gcomhréir le prionsabal na stuamachta, i gcas nach mbeidh rómheastachán ar shócmhainní agus ar bhrabúis le déanamh agus nach mbeidh gannmheas ar dhliteanais agus ar chaillteanais le déanamh, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an gcumhachtú san ochtú fomhír, a chinneadh gan ach cuid den dliteanas airgeadais a bhaineann le CDanna agus CCDanna trí na modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an chuid atá fágtha a chumhdach trí mhodh eile. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún teorainn a chur le húsáid modhanna eile cumhdaigh.

I gcás inarb é conclúid an mheasúnaithe go bhfuil gá le modhanna eile cumhdaigh chun acmhainneacht iomlán CDanna agus CCDanna a bhaint amach, féachfaidh an Coimisiún le meascán cothrom de mhodhanna eile cumhdaigh a bhaint amach. De mhaolú ar Airteagal 210(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, cinnfidh an Coimisiún méid na húsáide a bhaintear as modhanna eile cumhdaigh de bhun an ghnímh tharmligthe dá bhforáiltear san ochtú fomhír den mhír seo.

Déanfar an chuid eile den dliteanas airgeadais a chumhdach go leordhóthanach, ag féachaint do phrionsabail Theideal X de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, más gá, arna n-oiriúnú do shainiúlachtaí CDanna agus CCDanna, de mhaolú ar Airteagal 209(2), pointí (d) agus (h), Airteagal 210(1), Airteagal 211(1), (2), (4) agus (6), Airteagail 212, 213 agus 214, Airteagal 218(1) agus Airteagal 219(3) agus (6) den Rialachán sin. I gcás inarb infheidhme, bunófar modhanna eile cumhdaigh, an ráta soláthair agus na maoluithe is gá i ngníomh tarmligthe dá bhforáiltear san ochtú fomhír den mhír seo.

Ní úsáidfidh an Coimisiún níos mó ná 30 % de na fáltais ó cheantáil lamháltas arna leithdháileadh ar an gCiste don Nuálaíocht de bhun mhír 8 le haghaidh soláthar do CDanna agus do CCDanna.

Ní bheidh an ráta soláthair níos ísle ná 50 % den dliteanas airgeadais iomlán arna iompar ag buiséad an Aontais do CDanna agus do CCDanna. Nuair a bheidh an ráta soláthair a bhunú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na gnéithe a d’fhéadfadh na rioscaí airgeadais do bhuiséad an Aontais a laghdú, cé is moite de na leithreasuithe atá ar fáil sa Chiste don Nuálaíocht, amhail comhroinnt fhéideartha dliteanais leis na Ballstáit ar bhonn deonach, nó sásra athárachais ón earnáil phríobháideach a d’fhéadfadh a bheith ann. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an ráta soláthair gach trí bliana ar a laghad ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe a bhunaítear é den chéad uair.

D’fhonn iarratais amhantracha a sheachaint, féadfar rochtain ar thairiscint iomaíoch a bheith faoi réir íocaíocht taisce ag iarratasóirí, a bheidh le forghéilleadh i gcás nach gcomhlíonfar an conradh. Úsáidfear taiscí forghéillte den sórt sin le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht mar ioncam sannta seachtrach de bhun Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Aon ranníocaíocht a íocfaidh tairbhí leis an údarás deonúcháin i gcomhréir le téarmaí CD nó CCD i gcás ina bhfuil an praghas tagartha níos airde ná an praghas ceangail (“athshreabha”), úsáidfear í le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht mar ioncam sannta seachtrach de bhun Airteagal 21(5) den Rialachán sin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Treoir seo chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun foráil a dhéanamh maidir le modhanna eile cumhdaigh agus eolas a thabhairt fúthu, más ann dóibh, agus, i gcás inarb infheidhme, an ráta soláthair agus na maoluithe breise is gá ar Theideal X de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 mar a leagtar amach sa cheathrú fomhír den mhír seo, agus ina theannta sin na rialacha maidir leis an sásra um thairiscint iomaíoch a oibriú, go háirithe i ndáil le taiscí agus athshreabha.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an cúigiú fomhír den mhír seo a leasú tríd an teorainn 30 % dá dtagraítear san fhomhír sin a ardú faoi mhéid nach mó ná 20 pointe céatadáin san iomlán i gcás inar gá chun freagairt d’éileamh ar CDanna agus ar CCDanna, agus na ceachtanna a foghlaimíodh sna céad bhabhtaí den sásra um imthairiscint iomaíoch á gcur san áireamh agus i bhfianaise an ghá atá ann cothromaíocht iomchuí a aimsiú sa tacaíocht ón gCiste don Nuálaíocht idir deontais agus conarthaí den sórt sin.

Beidh tacaíocht airgeadais ón gCiste don Nuálaíocht comhréireach leis na cuspóirí beartais a leagtar amach san Airteagal seo agus ní bheidh saobhadh míchuí ar an margadh inmheánach mar thoradh uirthi. Chuige sin, ní dheonófar tacaíocht ach amháin chun costais bhreise nó rioscaí infheistíochta a chumhdach nach féidir le hinfheisteoirí a íoc faoi ghnáthdhálaí margaidh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.