|
+Airteagal 10b 3. |
Airteagal 10b 3.Earnálacha agus fo-earnálacha nach sáraíonn an tairseach dá dtagraítear i mír 1, ach ag a mbeidh déine astaíochtaí a thomhaistear in kgCO2, arna roinnt ar a n-ollbhreisluach (in euro), atá níos mó ná 1,5, déanfar na hearnálacha agus na fo-earnálacha sin a mheasúnú freisin ar leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4). Cuirfidh an Coimisiún torthaí an mheasúnaithe sin ar fáil don phobal. Laistigh de thrí mhí ó dháta an fhoilsithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na hearnálacha agus na fo-earnálacha dá dtagraítear san fhomhír sin iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfadh sé measúnú cáilíochtúil ar a neamhchosaint ar sceitheadh carbóin ag leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4) nó measúnú ar bhonn an aicmithe earraí a úsáidtear le haghaidh staidreamh maidir le táirgeadh tionsclaíoch san Aontas ar leibhéal 8-dhigit (Prodcom). Chuige sin, tíolacfaidh earnálacha agus fo-earnálacha sonraí a mbeidh bunús cuí leo agus a bheidh iomlán agus a bheidh fíoraithe go neamhspleách chun go bhféadfaidh an Coimisiún an measúnú a dhéanamh agus freastal ar an iarratas. I gcás ina roghnóidh earnáil nó fo-earnáil go ndéanfar measúnú uirthi ar leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4), féadfar í a áireamh sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2. I gcás ina roghnóidh earnáil nó fo-earnáil go ndéanfar measúnú uirthi ar leibhéal 8-ndigit (Prodcom), áireofar í sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go sáraítear, ar an leibhéal sin, an tairseach de 0,2 dá dtagraítear i mír 1. Earnálacha agus fo-earnálacha a ndéantar saor-leithdháileadh a ríomh ar bhonn na luachanna tagarmhairc dá dtagraítear sa cheathrú fomhír d'Airteagal 10a(2), féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfar measúnú orthu i gcomhréir leis an tríú fomhír den mhír seo. De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, féadfaidh Ballstát a iarraidh, faoin 30 Meitheamh 2018, go mbeartófar go ndéanfar earnáil nó fo-earnáil, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún ( 24 ) i leith aicmithe ar leibhéal 6-dhigit nó ar leibhéal 8-ndigit (Prodcom), a áireamh sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1. Ní dhéanfar aon iarraidh den sórt sin a mheas ach amháin i gcás ina suífidh an Ballstát iarrthach go mbeidh bonn cirt le cur i bhfeidhm an mhaolaithe sin ar bhonn sonraí a sholáthróidh an earnáil nó an fho-earnáil lena mbaineann, ar sonraí iad a mbeidh bunús cuí leo agus a bheidh iomlán, fíoraithe agus iniúchta do na cúig bliana is déanaí, agus go n-áireoidh sé san iarratas an fhaisnéis uile a bheidh ábhartha. Ar bhonn na sonraí sin, áireofar an earnáil nó an fho-earnáil lena mbaineann i leith na n-aicmithe sin i gcás ina léirítear ina leith, laistigh de chód ilchineálach leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4), go bhfuil déine trádála agus déine astaíochtaí aici, ar leibhéal 6-dhigit nó ar leibhéal 8-ndigit (Prodcom) atá i bhfad níos airde agus lena sáraítear an tairseach a leagtar amach i mír 1. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|