+Airteagal 10b Bearta idirthréimhseacha chun tacú le tionscail áirithe dianfhuinnimh i gcás sceitheadh carbóin a bheith ann
---+Airteagal 10b 1.
---+Airteagal 10b 2.
---+Airteagal 10b 3.
---+Airteagal 10b 4.
---+Airteagal 10b 5.
|
Airteagal 10b Bearta idirthréimhseacha chun tacú le tionscail áirithe dianfhuinnimh i gcás sceitheadh carbóin a bheith ann
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10b 1.
|
Earnálacha agus fo-earnálacha ar ina leith is mó ná 0,2 an toradh a fhaightear tar éis déine a gcuid trádála le tríú tíortha, arna sainmhíniú amhail an cóimheas idir luach iomlán na n-onnmhairithe chuig tríú tíortha móide luach na n-allmhairí ó thríú tíortha agus méid iomlán an mhargaidh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (an láimhdeachas bliantúil móide iomlán na n-allmhairí ó thríú tíortha), a iolrú faoi dhéine a gcuid astaíochtaí, arna dtomhas in kgCO2, arna roinnt ar a n-oll-bhreisluach (in euro), measfar go bhfuil riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo. Leithdháilfear lamháltais saor in aisce ar earnálacha agus fo-earnálacha den sórt sin don tréimhse go dtí 2030 de réir 100 % den chainníocht a chinntear de bhun Airteagal 10a.
|
|
Airteagal 10b 2.
|
Earnálacha agus fo-earnálacha ar ina leith is mó ná 0,15 an toradh a fhaightear tar éis déine a gcuid trádála le tríú tíortha a iolrú faoi dhéine a gcuid astaíochtaí, féadfar iad a áireamh sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1, agus leas á bhaint as sonraí do na blianta ó 2014 go 2016, ar bhonn measúnú cáilíochtúil a dhéanamh agus ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
(a)
a mhéid is féidir do shuiteálacha aonair san earnáil nó san fho-earnáil lena mbaineann leibhéil na n-astaíochtaí nó tomhaltas leictreachais a laghdú;
(b)
saintréithe reatha agus réamh-mheasta an mhargaidh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon phraghas tagartha comhchoiteann;
(c)
corrlaigh bhrabúis mar tháscaire féideartha ar an infheistíocht fadtréimhse nó ar chinntí maidir le hathshuíomh, agus aird á tabhairt ar athruithe i gcostais táirgthe a bhaineann le laghduithe ar astaíochtaí.
|
|
Airteagal 10b 3.
|
Earnálacha agus fo-earnálacha nach sáraíonn an tairseach dá dtagraítear i mír 1, ach ag a mbeidh déine astaíochtaí a thomhaistear in kgCO2, arna roinnt ar a n-ollbhreisluach (in euro), atá níos mó ná 1,5, déanfar na hearnálacha agus na fo-earnálacha sin a mheasúnú freisin ar leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4). Cuirfidh an Coimisiún torthaí an mheasúnaithe sin ar fáil don phobal. Laistigh de thrí mhí ó dháta an fhoilsithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na hearnálacha agus na fo-earnálacha dá dtagraítear san fhomhír sin iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfadh sé measúnú cáilíochtúil ar a neamhchosaint ar sceitheadh carbóin ag leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4) nó measúnú ar bhonn an aicmithe earraí a úsáidtear le haghaidh staidreamh maidir le táirgeadh tionsclaíoch san Aontas ar leibhéal 8-dhigit (Prodcom). Chuige sin, tíolacfaidh earnálacha agus fo-earnálacha sonraí a mbeidh bunús cuí leo agus a bheidh iomlán agus a bheidh fíoraithe go neamhspleách chun go bhféadfaidh an Coimisiún an measúnú a dhéanamh agus freastal ar an iarratas. I gcás ina roghnóidh earnáil nó fo-earnáil go ndéanfar measúnú uirthi ar leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4), féadfar í a áireamh sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2. I gcás ina roghnóidh earnáil nó fo-earnáil go ndéanfar measúnú uirthi ar leibhéal 8-ndigit (Prodcom), áireofar í sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go sáraítear, ar an leibhéal sin, an tairseach de 0,2 dá dtagraítear i mír 1. Earnálacha agus fo-earnálacha a ndéantar saor-leithdháileadh a ríomh ar bhonn na luachanna tagarmhairc dá dtagraítear sa cheathrú fomhír d'Airteagal 10a(2), féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfar measúnú orthu i gcomhréir leis an tríú fomhír den mhír seo. De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, féadfaidh Ballstát a iarraidh, faoin 30 Meitheamh 2018, go mbeartófar go ndéanfar earnáil nó fo-earnáil, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún (
24
) i leith aicmithe ar leibhéal 6-dhigit nó ar leibhéal 8-ndigit (Prodcom), a áireamh sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1. Ní dhéanfar aon iarraidh den sórt sin a mheas ach amháin i gcás ina suífidh an Ballstát iarrthach go mbeidh bonn cirt le cur i bhfeidhm an mhaolaithe sin ar bhonn sonraí a sholáthróidh an earnáil nó an fho-earnáil lena mbaineann, ar sonraí iad a mbeidh bunús cuí leo agus a bheidh iomlán, fíoraithe agus iniúchta do na cúig bliana is déanaí, agus go n-áireoidh sé san iarratas an fhaisnéis uile a bheidh ábhartha. Ar bhonn na sonraí sin, áireofar an earnáil nó an fho-earnáil lena mbaineann i leith na n-aicmithe sin i gcás ina léirítear ina leith, laistigh de chód ilchineálach leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4), go bhfuil déine trádála agus déine astaíochtaí aici, ar leibhéal 6-dhigit nó ar leibhéal 8-ndigit (Prodcom) atá i bhfad níos airde agus lena sáraítear an tairseach a leagtar amach i mír 1.
|
|
Airteagal 10b 4.
|
Meastar go bhfuil earnálacha agus fo-earnálacha eile in ann níos mó de chostais na lamháltas a thabhairt ar aghaidh i bpraghsanna táirgí, agus leithdháilfear lamháltais saor in aisce orthu de réir 30 % den cháilíocht a chinntear de bhun Airteagal 10a. Mura gcinntear a mhalairt san athbhreithniú de bhun Airteagal 30, saor-leithdháiltí d'earnálacha agus d'fho-earnálacha eile, cé is moite de théamh ceantair, laghdófar iad de réir méideanna cothroma tar éis 2026 ionas nach mbeidh saor-leithdháileadh ar bith ann in 2030. I mBallstát inar mó ná 5, ar an meán thar na blianta ó 2014 go 2018, a sciar d’astaíochtaí ó théamh ceantair d’iomlán na n-aistíóchtaí sin san Aontais, arna roinnt ar sciar OTI an Bhallstáit sin de OTI iomlán an Aontais, déanfar leithdháileadh breise saor in aisce 30 % den chainníocht arna cinneadh de bhun Airteagal 10a a thabhairt do théamh ceantair don tréimhse ó 2016 go 2030, ar choinníoll go n-infheisteofar méid arb ionann é agus luach an leithdháilte saor in aisce sin chun astaíochtaí a laghdú go suntasach roimh 2030 i gcomhréir le pleananna aeráidneodrachta dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo agus go ndearbhófar gnóthú na spriocanna agus na ngarspriocanna dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin leis an bhfíorú arna dhéanamh i gcomhréir leis an gceathrú fomhír den mhír seo. Faoin 1 Bealtaine 2024, bunóidh oibreoirí téimh ceantair plean aeráidneodrachta do na suiteálacha a ndéanann siad iarratas ar leithdháileadh saor in aisce breise ina leith i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo. Beidh an plean sin comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus leagfar amach an méid seo a leanas ann:
(a)
bearta agus infheistíochtaí chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar leibhéal na suiteála nó ar leibhéal na cuideachta, gan úsáid creidmheasanna fritháirithe carbóin a chur san áireamh;
(b)
spriocanna idirmheánacha agus garspriocanna le tomhas a dhéanamh, faoin 31 Nollaig 2025 agus faoin 31 Nollaig gach cúigiú bliain ina dhiaidh sin, ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach mar a leagtar amach i bpointe (a) den fhomhír seo;
(c)
meastachán ar thionchar gach ceann de na bearta agus infheistíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.
Fíorófar gnóthú na spriocanna agus na ngarspriocanna dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (b), den mhír seo, maidir leis an tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2025 agus maidir le gach tréimhse a chríochnaíonn an 31 Nollaig gach cúigiú bliain ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le fíorú agus creidiúnú dá bhforáiltear in Airteagal 15. Ní leithdháilfear aon lamháltais saor in aisce thar an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo mura mbeidh gnóthú na spriocanna idirmheánacha agus na ngarspriocanna fíoraithe i leith na tréimhse suas go dtí deireadh 2025 nó i leith na tréimhse ó 2026 go 2030. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun sonrú a dhéanamh ar íosmhéid inneachair na faisnéise dá dtagraítear sa tríú fomhír, i bpointe (a), (b) agus (c) den mhír seo, agus ar fhormáid na bpleananna aeráidneodrachta dá dtagraítear san fhomhír sin agus in Airteagal 10a(1), an cúigiú fomhír. Lorgóidh an Coimisiún sineirgí le pleananna comhchosúla dá bhforáiltear i ndlí an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(a)2.
|
|
Airteagal 10b 5.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, faoin 31 Nollaig 2019, i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis na hearnálacha agus na fo-earnálacha a chinneadh a meastar a bhfuil riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo, amhail dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, i dtaca le gníomhaíochtaí ar leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4) a mhéid a bhaineann le mír 1 den Airteagal seo, bunaithe ar na sonraí do na trí bliana féilire is déanaí a chur ar fáil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|