|
+Airteagal 10b 4. |
Airteagal 10b 4.Meastar go bhfuil earnálacha agus fo-earnálacha eile in ann níos mó de chostais na lamháltas a thabhairt ar aghaidh i bpraghsanna táirgí, agus leithdháilfear lamháltais saor in aisce orthu de réir 30 % den cháilíocht a chinntear de bhun Airteagal 10a. Mura gcinntear a mhalairt san athbhreithniú de bhun Airteagal 30, saor-leithdháiltí d'earnálacha agus d'fho-earnálacha eile, cé is moite de théamh ceantair, laghdófar iad de réir méideanna cothroma tar éis 2026 ionas nach mbeidh saor-leithdháileadh ar bith ann in 2030. I mBallstát inar mó ná 5, ar an meán thar na blianta ó 2014 go 2018, a sciar d’astaíochtaí ó théamh ceantair d’iomlán na n-aistíóchtaí sin san Aontais, arna roinnt ar sciar OTI an Bhallstáit sin de OTI iomlán an Aontais, déanfar leithdháileadh breise saor in aisce 30 % den chainníocht arna cinneadh de bhun Airteagal 10a a thabhairt do théamh ceantair don tréimhse ó 2016 go 2030, ar choinníoll go n-infheisteofar méid arb ionann é agus luach an leithdháilte saor in aisce sin chun astaíochtaí a laghdú go suntasach roimh 2030 i gcomhréir le pleananna aeráidneodrachta dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo agus go ndearbhófar gnóthú na spriocanna agus na ngarspriocanna dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin leis an bhfíorú arna dhéanamh i gcomhréir leis an gceathrú fomhír den mhír seo. Faoin 1 Bealtaine 2024, bunóidh oibreoirí téimh ceantair plean aeráidneodrachta do na suiteálacha a ndéanann siad iarratas ar leithdháileadh saor in aisce breise ina leith i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo. Beidh an plean sin comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus leagfar amach an méid seo a leanas ann:
(a)
bearta agus infheistíochtaí chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar leibhéal na suiteála nó ar leibhéal na cuideachta, gan úsáid creidmheasanna fritháirithe carbóin a chur san áireamh;
(b)
spriocanna idirmheánacha agus garspriocanna le tomhas a dhéanamh, faoin 31 Nollaig 2025 agus faoin 31 Nollaig gach cúigiú bliain ina dhiaidh sin, ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach mar a leagtar amach i bpointe (a) den fhomhír seo;
(c)
meastachán ar thionchar gach ceann de na bearta agus infheistíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Fíorófar gnóthú na spriocanna agus na ngarspriocanna dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (b), den mhír seo, maidir leis an tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2025 agus maidir le gach tréimhse a chríochnaíonn an 31 Nollaig gach cúigiú bliain ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le fíorú agus creidiúnú dá bhforáiltear in Airteagal 15. Ní leithdháilfear aon lamháltais saor in aisce thar an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo mura mbeidh gnóthú na spriocanna idirmheánacha agus na ngarspriocanna fíoraithe i leith na tréimhse suas go dtí deireadh 2025 nó i leith na tréimhse ó 2026 go 2030. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun sonrú a dhéanamh ar íosmhéid inneachair na faisnéise dá dtagraítear sa tríú fomhír, i bpointe (a), (b) agus (c) den mhír seo, agus ar fhormáid na bpleananna aeráidneodrachta dá dtagraítear san fhomhír sin agus in Airteagal 10a(1), an cúigiú fomhír. Lorgóidh an Coimisiún sineirgí le pleananna comhchosúla dá bhforáiltear i ndlí an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(a)2. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|