+Airteagal 10c Rogha le haghaidh saor-leithdháileadh idirthréimhseach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú
---+Airteagal 10c 1.
---+Airteagal 10c 2.
---+Airteagal 10c 3.
---+Airteagal 10c 4.
---+Airteagal 10c 5.
---+Airteagal 10c 6.
---+Airteagal 10c 7.
|
Airteagal 10c Rogha le haghaidh saor-leithdháileadh idirthréimhseach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10c 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 10a(1) go (5), maidir leis na Ballstáit ina raibh OTI per capita in 2013 de réir margadhphraghsanna (in euro) atá faoi bhun 60 % de mheán an Aontais, féadfaidh siad saor-leithdháileadh idirthréimhseach a thabhairt do shuiteálacha chun leictreachas a ghiniúint d'fhonn an earnáil fuinnimh a nuachóiriú agus a éagsúlú, agus d'fhonn í a chlaochlú ar bhonn inbhuanaithe. Na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht, beidh siad ag teacht leis an aistriú chuig geilleagar sábháilte, inbhuanaithe ísealcharbóin, le cuspóirí chreat beartais 2030 an Aontais don aeráid agus don fhuinneamh, agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras a bhaint amach. Tiocfaidh deireadh leis an maolú dá bhforáiltear sa mhír seo an 31 Nollaig 2030.
|
|
Airteagal 10c 2.
|
Eagróidh an Ballstát lena mbaineann próiseas tairisceana iomaíoch, a chuirfear ar bun idir 2021 agus 2030 agus ina mbeidh babhta amháin nó níos mó i gceist leis, le haghaidh tionscadail lena mbaineann infheistíocht de mhéid iomlán is mó ná EUR 12,5 milliún, chun na hinfheistíochtaí atá le maoiniú trí shaor-leithdháileadh a roghnú. Leis an bpróiseas tairisceana iomaíoch sin:
(a)
comhlíonfar prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne agus na bainistíochta fónta airgeadais;
(b)
cinnteofar nach mbeidh ach na tionscadail lena gcuirtear le héagsúlú a bhfoinsí éagsúla fuinnimh agus a bhfoinsí soláthair, athstruchtúrú riachtanach, uasghrádú comhshaoil agus iarfheistiú comhshaoil an bhonneagair, teicneolaíochtaí glana, amhail teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, nó nuachóiriú earnáil an táirgthe fuinnimh, amhail téamh ceantair éifeachtúil, inbhuanaithe, agus nuachóiriú earnáil an tarchuir agus earnáil an dáilte fuinnimh, incháilithe chun tairiscintí a dhéanamh;
(c)
saineofar critéir roghnúcháin shoiléire, oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha chun tionscadail a rangú, ionas go gcinnteofar nach roghnófar tionscadail ach amháin na cinn seo a leanas:
(i)
na cinn lena gcinnteofar gnóthachan glan dearfach ó thaobh laghdú astaíochtaí agus lena réadófar leibhéal suntasach réamh-shainaitheanta laghduithe CO2, ar bhonn anailís chostais agus sochair agus aird á tabhairt ar mhéid an tionscadail;
(ii)
na cinn is tionscadail bhreise, lena bhfreagraítear go soiléir do riachtanais athsholáthair agus nuachóirithe agus nach soláthraítear méadú leo atá faoi thionchar an mhargaidh san éileamh fuinnimh;
(iii)
na cinn a thugann an luach is fearr ar airgead; agus
(iv)
na cinn nach rannchuidíonn le hinmharthanacht airgeadais na giniúna leictreachais sin atá dian ar astaíochtaí nó nach méadaíonn an spleáchas ar bhreoslaí iontaise atá dian ar astaíochtaí.
De mhaolú ar Airteagal 10(1), agus gan dochar d'abairt deiridh mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina ndéantar infheistíocht a roghnaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch a chur ar ceal nó nach mbaintear amach an fheidhmíocht atá beartaithe, féadfar na lamháltais arna gcur in áirithe a úsáid trí aon bhabhta breise amháin den phróiseas tairisceana iomaíoch aon bhliain amháin ina dhiaidh sin, ar a luaithe, chun infheistíochtaí eile a mhaoiniú. Faoin 30 Meitheamh 2019, maidir le haon Bhallstát a bhfuil sé beartaithe aige úsáid a bhaint as saor-leithdháileadh idirthréimhseach roghnach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú, foilseoidh sé creat náisiúnta mionsonraithe ina leagfar amach an próiseas tairisceana iomaíoch, lena n-áirítear an méid babhtaí a bheartaítear dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus na critéir roghnúcháin chun go ndéanfadh an pobal trácht air. I gcás infheistíochtaí a bhfuil a luach níos lú ná EUR 12,5 milliún atá le tacú le saor-leithdháileadh agus nach roghnaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear sa mhír seo a dhéanamh, déanfaidh an Ballstát na tionscadail a roghnú ar bhonn critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla. Foilseofar torthaí an phróisis roghnúcháin sin chun go ndéanfadh an pobal trácht orthu. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, faoin 30 Meitheamh 2019, liosta infheistíochtaí a bhunú agus a fhoilsiú agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é. I gcás ina ndéantar níos mó ná infheistíocht amháin laistigh den suiteáil chéanna, déanfar iad a mheas ina n-iomláine chun a fháil amach cé acu a sháraítear nó nach sáraítear an luach tairsí de EUR 12,5 milliún, mura rud é go bhfuil na hinfheistíochtaí sin, ar bhealach neamhspleách, inmharthana go teicniúil nó ó thaobh an airgeadais de.
|
|
Airteagal 10c 3.
|
Beidh luach na n-infheistíochtaí beartaithe ar a laghad comhionann le margadhluach an tsaor-leithdháilte, agus an gá le teorainn a chur le méaduithe ar phraghsanna atá nasctha go díreach á chur san áireamh ag an am céanna. Is ionann an margadhluach agus meán phraghas na lamháltas ar an gcomhardán ceantála sa bhliain féilire roimhe sin. Féadfar suas go dtí 70 % de chostais ábhartha infheistíochta a thacú trí leas a bhaint as an saor-leithdháileadh, ar choinníoll go ndéanann eintitis dhlíthiúla phríobháideacha na costais atá fágtha a mhaoiniú.
|
|
Airteagal 10c 4.
|
Déanfar saor-leithdháiltí idirthréimhseacha a bhaint as cainníocht na lamháltas a chuirfeadh an Ballstát ar ceant thairis sin. Ní mó an saor-leithdháileadh iomlán ná 40 % de na lamháltais a gheobhaidh an Ballstát lena mbaineann, de bhun Airteagal 10(2)(a), sa tréimhse ó 2021 go 2030, arna leathadh amach i méideanna bliantúla comhionanna thar an tréimhse sin.
|
|
Airteagal 10c 5.
|
I gcás ina n-úsáidfidh Ballstát, de bhun Airteagal 10d(4), lamháltais a dháiltear chun críocha na dlúthpháirtíochta, an fháis agus idirnasc laistigh den Aontas i gcomhréir le Airteagal 10(2)(b) féadfaidh an Ballstát sin, de mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, cainníocht iomlán, suas go dtí 60 % de na lamháltais a fhaightear sa tréimhse ó 2021 go 2030 de bhun Airteagal 10(2)(a), a úsáid le haghaidh saor-leithdháileadh idirthréimhseach, agus leas á bhaint as méid comhfhreagrach de na lamháltais a dháiltear i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(b). Aon lamháltais nach leithdháilfear faoin Airteagal seo faoi 2020, féadfar iad a leithdháileadh thar an tréimhse ó 2021 go 2030 d'infheistíochtaí a roghnaítear tríd an bpróiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i mír 2, mura rud é go gcuireann an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún faoin 30 Meán Fómhair 2019 go bhfuil rún aige gan cuid de na lamháltais sin, nó na lamháltais go léir, a leithdháileadh thar an tréimhse ó 2021 go 2030 agus go gcuireann sé an Coimisiún ar an eolas faoi mhéid na lamháltas a bheidh le cur ar ceant ina ionad sin in 2020. I gcás ina leithdháiltear lamháltas den sórt sin thar an tréimhse ó 2021 go 2030, cuirfear méid comhfhreagrach lamháltas san áireamh le haghaidh theorainn 60 %, a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 10c 6.
|
Déanfar leithdháiltí ar oibreoirí tar éis a léiriú go ndearnadh infheistíocht arna roghnú i gcomhréir le rialacha an phróisis tairisceana iomaíoch. Más rud é go mbeidh acmhainn bhreise giniúna leictreachais ann mar thoradh ar infheistíocht, léireoidh an t-oibreoir lena mbaineann, freisin, go ndearna sé, nó go ndearna oibreoir comhlachaithe eile, méid comhfhreagrach de chumas giniúna leictreachais a bhfuil déine a chuid astaíochtaí níos airde, a dhíchoimisiúnú faoin am a gcuirtear tús le hoibriú an chumais bhreise.
|
|
Airteagal 10c 7.
|
Ceanglóidh na Ballstáit ar shuiteálacha giniúna leictreachais agus ar oibreoirí líonra is tairbhithe tuarascáil a thabhairt, faoin 28 Feabhra gach bliain, maidir le cur chun feidhme a n-infheistíochtaí roghnaithe, lena n-áirítear iarmhéid an leithdháilte saor in aisce agus an chaiteachais infheistíochta a tabhaíodh agus na cineálacha infheistíochtaí a dtacaítear leo. Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis sin, agus cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar fáil don phobal.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|