+Airteagal 10c 2.

Airteagal 10c 2.

Eagróidh an Ballstát lena mbaineann próiseas tairisceana iomaíoch, a chuirfear ar bun idir 2021 agus 2030 agus ina mbeidh babhta amháin nó níos mó i gceist leis, le haghaidh tionscadail lena mbaineann infheistíocht de mhéid iomlán is mó ná EUR 12,5 milliún, chun na hinfheistíochtaí atá le maoiniú trí shaor-leithdháileadh a roghnú. Leis an bpróiseas tairisceana iomaíoch sin:

(a) 

comhlíonfar prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne agus na bainistíochta fónta airgeadais;

(b) 

cinnteofar nach mbeidh ach na tionscadail lena gcuirtear le héagsúlú a bhfoinsí éagsúla fuinnimh agus a bhfoinsí soláthair, athstruchtúrú riachtanach, uasghrádú comhshaoil agus iarfheistiú comhshaoil an bhonneagair, teicneolaíochtaí glana, amhail teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, nó nuachóiriú earnáil an táirgthe fuinnimh, amhail téamh ceantair éifeachtúil, inbhuanaithe, agus nuachóiriú earnáil an tarchuir agus earnáil an dáilte fuinnimh, incháilithe chun tairiscintí a dhéanamh;

(c) 

saineofar critéir roghnúcháin shoiléire, oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha chun tionscadail a rangú, ionas go gcinnteofar nach roghnófar tionscadail ach amháin na cinn seo a leanas:

(i) 

na cinn lena gcinnteofar gnóthachan glan dearfach ó thaobh laghdú astaíochtaí agus lena réadófar leibhéal suntasach réamh-shainaitheanta laghduithe CO2, ar bhonn anailís chostais agus sochair agus aird á tabhairt ar mhéid an tionscadail;

(ii) 

na cinn is tionscadail bhreise, lena bhfreagraítear go soiléir do riachtanais athsholáthair agus nuachóirithe agus nach soláthraítear méadú leo atá faoi thionchar an mhargaidh san éileamh fuinnimh;

(iii) 

na cinn a thugann an luach is fearr ar airgead; agus

(iv) 

na cinn nach rannchuidíonn le hinmharthanacht airgeadais na giniúna leictreachais sin atá dian ar astaíochtaí nó nach méadaíonn an spleáchas ar bhreoslaí iontaise atá dian ar astaíochtaí.

De mhaolú ar Airteagal 10(1), agus gan dochar d'abairt deiridh mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina ndéantar infheistíocht a roghnaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch a chur ar ceal nó nach mbaintear amach an fheidhmíocht atá beartaithe, féadfar na lamháltais arna gcur in áirithe a úsáid trí aon bhabhta breise amháin den phróiseas tairisceana iomaíoch aon bhliain amháin ina dhiaidh sin, ar a luaithe, chun infheistíochtaí eile a mhaoiniú.

Faoin 30 Meitheamh 2019, maidir le haon Bhallstát a bhfuil sé beartaithe aige úsáid a bhaint as saor-leithdháileadh idirthréimhseach roghnach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú, foilseoidh sé creat náisiúnta mionsonraithe ina leagfar amach an próiseas tairisceana iomaíoch, lena n-áirítear an méid babhtaí a bheartaítear dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus na critéir roghnúcháin chun go ndéanfadh an pobal trácht air.

I gcás infheistíochtaí a bhfuil a luach níos lú ná EUR 12,5 milliún atá le tacú le saor-leithdháileadh agus nach roghnaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear sa mhír seo a dhéanamh, déanfaidh an Ballstát na tionscadail a roghnú ar bhonn critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla. Foilseofar torthaí an phróisis roghnúcháin sin chun go ndéanfadh an pobal trácht orthu. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, faoin 30 Meitheamh 2019, liosta infheistíochtaí a bhunú agus a fhoilsiú agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é. I gcás ina ndéantar níos mó ná infheistíocht amháin laistigh den suiteáil chéanna, déanfar iad a mheas ina n-iomláine chun a fháil amach cé acu a sháraítear nó nach sáraítear an luach tairsí de EUR 12,5 milliún, mura rud é go bhfuil na hinfheistíochtaí sin, ar bhealach neamhspleách, inmharthana go teicniúil nó ó thaobh an airgeadais de.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.