|
+Article 11a 1. |
Article 11a 1.Faoi réir mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, beidh oibreoirí aerárthaí a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin, in ann na haonaid seo a leanas a úsáid chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le haonaid a chealú i leith na cainníochta a bhfuil fógra tugtha ina leith de bhun Airteagal 12(6) mar a leagtar síos in Airteagal 12(9):
(a)
creidmheasanna atá údaraithe ag páirtithe atá rannpháirteach sa sásra a bunaíodh faoi Airteagal 6(4) de Chomhaontú Pháras;
(b)
creidmheasanna atá údaraithe ag páirtithe atá rannpháirteach i gcláir chreidmheasa ar mheas Comhairle ICAO go raibh siad incháilithe arna sainaithint sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 8;
(c)
creidmheasanna atá údaraithe ag páirtithe i gcomhaontuithe de bhun mhír 5;
(d)
creidmheasanna a eisíodh i ndáil le tionscadail ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 24a. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|