+Article 12 8.

Article 12 8.

Maidir le ríomh na gceanglas fritháirimh dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo chun críocha CORSIA, déanfar an ríomh sin i gcomhréir le modheolaíocht atá le sainiú ag an gCoimisiún i ndáil le heitiltí chuig Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3), amach as Stáit den sórt sin agus idir Stáit den sórt sin, agus i ndáil le heitiltí idir an Eilvéis nó an Ríocht Aontaithe agus na Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3).

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear an mhodheolaíocht chun na ceanglais fritháirimh a ríomh d’oibreoirí aerárthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Go háirithe, tabharfar mionsonraí breise sna gníomhartha cur chun feidhme sin maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas a eascraíonn as forálacha ábhartha na Treorach seo, go háirithe Airteagail 3c, 11a, 12 agus 25a, agus, a mhéid is féidir i bhfianaise fhorálacha ábhartha na Treorach seo, as na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta Idirnáisiúnta maidir le Cosaint an Chomhshaoil le haghaidh CORSIA (SARPanna CORSIA).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2). Déanfar an chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2024.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.