+Article 14 5.

Article 14 5.

Tuairisceoidh oibreoirí aerárthaí uair sa bhliain maidir leis na héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2025. Chun na críche sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun mhír 1 faoin 31 Lúnasa 2024 chun éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a chur san áireamh i gcreat faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe. Beidh sa chreat faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe sin, ar a laghad, na sonraí atá ar fáil faoi ruthag tríthoiseach an aerárthaigh, agus an bhogthaise chomhthimpeallach agus an teocht chomhthimpeallach chun gur féidir coibhéis CO2 a tháirgeadh in aghaidh na heitilte. Áiritheoidh an Coimisiún, ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil, go bhfuil uirlisí ar fáil chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a éascú agus, a mhéid is féidir, a uathoibriú chun aon ualach riaracháin a íoslaghdú.

Ón 1 Eanáir 2025, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann gach oibreoir aerárthaí faireachán ar na héifeachtaí neamh-CO2 ó gach aerárthach atá á oibriú aige le linn gach bliana féilire agus go ndéanann siad na héifeachtaí sin a thuairisciú don údarás inniúil tar éis dheireadh gach bliana i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1.

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar bhonn bliantúil ó 2026, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10(5), maidir leis na torthaí ó chur i bhfeidhm an chreata faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Faoin 31 Nollaig 2027, bunaithe ar na torthaí ó chur i bhfeidhm an chreata faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe le haghaidh éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil agus, i gcás inarb iomchuí agus tar éis dó measúnú tionchair a dhéanamh ar dtús, togra reachtach chun éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a mhaolú trí raon feidhme EU ETS a leathnú chun éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a chur san áireamh ann.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.