+Article 14 Monitoring and reporting of emissions
---+Article 14 1.
---+Article 14 2.
---+Article 14 3.
---+Article 14 4.
---+Article 14 5.
---+Article 14 6.
|
Article 14 Monitoring and reporting of emissions
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Article 14 1.
|
►M15
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí agus, i gcás inarb ábhartha, ar shonraí gníomhaíochta, ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, agus ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO 2 ar aerbhealaí a ndéantar astaíochtaí a thuairisciú ina leith faoin Treoir seo, a bheidh bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo agus ar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 agus 5 den Airteagal seo. Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin freisin acmhainneacht téite domhanda gach gáis cheaptha teasa agus cuirfear san áireamh iontu eolas eolaíoch atá cothrom le dáta maidir le héifeachtaí astaíochtaí eitlíochta neamh-CO 2 sna ceanglais maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na hastaíochtaí sin agus ar a n-éifeachtaí, lena n-áirítear éifeachtaí eitlíochta neamh-CO 2. Déanfar foráil leis na gníomhartha cur chun feidhme sin do chur i bhfeidhm na critéir inbhuanaitheachta agus coigiltis astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le húsáid bhithmhaise a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001, le haon choigeartú is gá lena gcur i bhfeidhm faoin Treoir seo, chun go mbeidh bithmhais den sórt sin nialas-rátaithe. Sonrófar iontu an chaoi le haghaidh stóráil astaíochtaí ó mheascán d’fhoinsí atá nialas-rátaithe agus foinsí nach bhfuil nialas-rátaithe a chur san áireamh. Sonrófar iontu freisin conas le hastaíochtaí ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh, lena n-áirithítear go gcuirfear astaíochtaí den sórt sin san áireamh agus go seachnófar an t-áireamh dúbailte. ◄
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).
|
|
Article 14 2.
|
The
►M9
gníomhartha ◄ referred to in paragraph 1 shall take into account the most accurate and up-to-date scientific evidence available, in particular from the IPCC, and may also specify requirements for operators to report on emissions associated with the production of goods produced by energy intensive industries which may be subject to international competition. These
►M9
gníomhartha ◄ may also specify requirements for this information to be verified independently.
Those requirements may include reporting on levels of emissions from electricity generation covered by the
►M9
EU ETS ◄ associated with the production of such goods.
|
|
Article 14 3.
|
Member States shall ensure that each operator of an installation or an aircraft operator monitors and reports the emissions from that installation during each calendar year, or, from 1 January 2010, the aircraft which it operates, to the competent authority after the end of that year in accordance with the
►M9
gníomhartha ◄ referred to in paragraph 1.
|
|
Article 14 4.
|
The
►M9
gníomhartha ◄ referred to in paragraph 1 may include requirements on the use of automated systems and data exchange formats to harmonise communication on the monitoring plan, the annual emission report and the verification activities between the operator, the verifier and competent authorities.
|
|
Article 14 5.
|
Tuairisceoidh oibreoirí aerárthaí uair sa bhliain maidir leis na héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2025. Chun na críche sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun mhír 1 faoin 31 Lúnasa 2024 chun éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a chur san áireamh i gcreat faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe. Beidh sa chreat faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe sin, ar a laghad, na sonraí atá ar fáil faoi ruthag tríthoiseach an aerárthaigh, agus an bhogthaise chomhthimpeallach agus an teocht chomhthimpeallach chun gur féidir coibhéis CO2 a tháirgeadh in aghaidh na heitilte. Áiritheoidh an Coimisiún, ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil, go bhfuil uirlisí ar fáil chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a éascú agus, a mhéid is féidir, a uathoibriú chun aon ualach riaracháin a íoslaghdú. Ón 1 Eanáir 2025, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann gach oibreoir aerárthaí faireachán ar na héifeachtaí neamh-CO2 ó gach aerárthach atá á oibriú aige le linn gach bliana féilire agus go ndéanann siad na héifeachtaí sin a thuairisciú don údarás inniúil tar éis dheireadh gach bliana i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1. Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar bhonn bliantúil ó 2026, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10(5), maidir leis na torthaí ó chur i bhfeidhm an chreata faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Faoin 31 Nollaig 2027, bunaithe ar na torthaí ó chur i bhfeidhm an chreata faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe le haghaidh éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil agus, i gcás inarb iomchuí agus tar éis dó measúnú tionchair a dhéanamh ar dtús, togra reachtach chun éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a mhaolú trí raon feidhme EU ETS a leathnú chun éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a chur san áireamh ann.
|
|
Article 14 6.
|
Foilseoidh an Coimisiún, ar a laghad, na sonraí bliantúla comhiomlánaithe seo a leanas maidir le hastaíochtaí ó ghníomhaíochtaí eitlíochta arna dtuairisciú do na Ballstáit nó arna dtarchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (
31
) agus Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún (
32
), 3 mhí ar a dhéanaí tar éis an spriocdháta tuairiscithe faoi seach agus ar bhealach sothuigthe:
(a)
in aghaidh an phéire aeradróm laistigh de LEE:
(i)
na hastaíochtaí ó gach eitilt;
(ii)
líon iomlán na n-eitiltí;
(iii)
líon iomlán na bpaisinéirí;
(b)
in aghaidh an oibreora aerárthaí;
(i)
sonraí faoi astaíochtaí ó eitiltí laistigh de LEE, ó eitiltí a imíonn ó LEE, ó eitiltí a thuirlingíonn in LEE agus ó eitiltí idir dhá thríú tír, arna miondealú de réir an phéire Stát, agus sonraí faoi astaíochtaí atá faoi réir na hoibleagáide i dtaca le haonaid astaíochtaí incháilithe CORSIA a chur ar ceal;
(ii)
méid na gceanglas fritháirimh, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 12(8);
(iii)
méid agus cineál na gcreidmheasanna de bhun Airteagal 11a a úsáidtear chun ceanglais fritháirimh an oibreora aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (ii) den phointe seo a chomhlíonadh.
(iv)
méid agus cineál na mbreoslaí a úsáidtear a bhfuil fachtóir astaíochta nialasach acu faoin Treoir seo nó a fhágann go bhfuil an t-oibreoir aerárthaí i dteideal lamháltais a fháil de bhun Airteagal 3c(6).
I gcás phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, in imthosca sonracha ina mbíonn oibreoir aerárthaí ag oibriú i líon an-teoranta péirí aeradróm nó i líon an-teoranta péirí Stát atá faoi réir ceanglais fritháirimh nó i líon an-teoranta péirí Stát nach bhfuil faoi réir ceanglais fritháirimh, féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí sin a iarraidh ar an mBallstát riaracháin gan sonraí den sórt sin a fhoilsiú ar leibhéal an oibreora aerárthaí, agus míniú á thabhairt aige ar an bhfáth a gceapann sé go ndéanfadh nochtadh sonraí den sórt sin dochar dá chuid leasanna tráchtála. Bunaithe ar an iarraidh sin, féadfaidh an Ballstát riaracháin a iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí sin a fhoilsiú ar leibhéal comhiomlánaithe níos airde. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoin iarraidh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|