|
+Article 14 6. |
Article 14 6.Foilseoidh an Coimisiún, ar a laghad, na sonraí bliantúla comhiomlánaithe seo a leanas maidir le hastaíochtaí ó ghníomhaíochtaí eitlíochta arna dtuairisciú do na Ballstáit nó arna dtarchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún ( 31 ) agus Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún ( 32 ), 3 mhí ar a dhéanaí tar éis an spriocdháta tuairiscithe faoi seach agus ar bhealach sothuigthe:
(a)
in aghaidh an phéire aeradróm laistigh de LEE:
(i)
na hastaíochtaí ó gach eitilt;
(ii)
líon iomlán na n-eitiltí;
(iii)
líon iomlán na bpaisinéirí;
(iv)
na cineálacha aerárthaí;
(b)
in aghaidh an oibreora aerárthaí;
(i)
sonraí faoi astaíochtaí ó eitiltí laistigh de LEE, ó eitiltí a imíonn ó LEE, ó eitiltí a thuirlingíonn in LEE agus ó eitiltí idir dhá thríú tír, arna miondealú de réir an phéire Stát, agus sonraí faoi astaíochtaí atá faoi réir na hoibleagáide i dtaca le haonaid astaíochtaí incháilithe CORSIA a chur ar ceal;
(ii)
méid na gceanglas fritháirimh, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 12(8);
(iii)
méid agus cineál na gcreidmheasanna de bhun Airteagal 11a a úsáidtear chun ceanglais fritháirimh an oibreora aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (ii) den phointe seo a chomhlíonadh.
(iv)
méid agus cineál na mbreoslaí a úsáidtear a bhfuil fachtóir astaíochta nialasach acu faoin Treoir seo nó a fhágann go bhfuil an t-oibreoir aerárthaí i dteideal lamháltais a fháil de bhun Airteagal 3c(6). I gcás phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, in imthosca sonracha ina mbíonn oibreoir aerárthaí ag oibriú i líon an-teoranta péirí aeradróm nó i líon an-teoranta péirí Stát atá faoi réir ceanglais fritháirimh nó i líon an-teoranta péirí Stát nach bhfuil faoi réir ceanglais fritháirimh, féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí sin a iarraidh ar an mBallstát riaracháin gan sonraí den sórt sin a fhoilsiú ar leibhéal an oibreora aerárthaí, agus míniú á thabhairt aige ar an bhfáth a gceapann sé go ndéanfadh nochtadh sonraí den sórt sin dochar dá chuid leasanna tráchtála. Bunaithe ar an iarraidh sin, féadfaidh an Ballstát riaracháin a iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí sin a fhoilsiú ar leibhéal comhiomlánaithe níos airde. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoin iarraidh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|