+Article 25a Third country measures to reduce the climate change impact of aviation
---+Article 25a 1.
---+Article 25a 2.
---+Article 25a 3.
---+Article 25a 4.
---+Article 25a 5.
---+Article 25a 6.
---+Article 25a 7.
---+Article 25a 8.

Article 25a Third country measures to reduce the climate change impact of aviation

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Article 25a 1.
►M9  I gcás ina nglacann tríú tír bearta chun laghdú a dhéanamh ar an tionchar ar an athrú aeráide a bhíonn ag eitiltí a imíonn ón tír sin agus a thuirlingíonn san Aontas, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an tríú tír sin, agus le Ballstáit laistigh den Choiste dá dtagraítear in Airteagal 22a(1), na roghanna atá ar fáil a mheas chun an idirghníomhaíocht is mó a chinntiú idir EU ETS agus bearta na tíre sin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a leasú chun foráil a dhéanamh chun na heitiltí a thagann ón tríú tír lena mbaineann a eisiamh ó na gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I nó chun foráil a dhéanamh maidir le haon leasuithe eile ar na gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a cheanglaítear le comhaontú arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ach amháin iad siúd a bhaineann le raon feidhme. ◄

The Commission may propose to the European Parliament and the Council any other amendments to this Directive.

The Commission may also, where appropriate, make recommendations to the Council in accordance with Article 300(1) of the Treaty to open negotiations with a view to concluding an agreement with the third country concerned.

Article 25a 2.
Leanfaidh an tAontas agus a chuid Ballstát de chomhaontuithe a lorg maidir le bearta domhanda chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón eitlíocht a laghdú, ar comhaontuithe iad a bheidh ailínithe le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 agus Chomhaontú Pháras. I bhfianaise aon chomhaontuithe den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar cibé atá nó nach bhfuil gá le leasuithe ar an Treoir seo amhail mar atá feidhm aici maidir le hoibreoirí aerárthaí.
Article 25a 3.
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena liostaítear Stáit seachas Stáit LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe a mheastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha na Treorach seo, le bonnlíne 2019 le haghaidh 2021 go 2023 agus bonnlíne 85 % d’astaíochtaí 2019 le haghaidh gach bliana ó 2024. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).
Article 25a 4.
Maidir le hastaíochtaí a scaoiltear go dtí an 31 Nollaig 2026 ó eitiltí chuig Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo nó ó eitiltí amach as na tíortha sin, ní cheanglófar ar oibreoirí aerárthaí lamháltais a thabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 12(3) i leith na n-astaíochtaí sin.
Article 25a 5.
Maidir le hastaíochtaí a scaoiltear go dtí an 31 Nollaig 2026 ó eitiltí idir LEE agus Stáit nach liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo, seachas eitiltí chuig an Eilvéis agus chuig an Ríocht Aontaithe, ní cheanglófar ar oibreoirí aerárthaí lamháltais a thabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 12(3) i leith na n-astaíochtaí sin.
Article 25a 6.
Maidir le hastaíochtaí ó eitiltí chuig na tíortha is lú forbairt agus Stáit oileánacha bheaga i mbéal forbartha mar atá siad sainmhínithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus ó eitiltí amach as tíortha agus Stáit den sórt sin, seachas iad sin a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus na Stáit sin a bhfuil a OTI per capita cothrom le meán an Aontais nó níos mó, ní cheanglófar ar oibreoirí aerárthaí lamháltais a thabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 12(3) i leith na n-astaíochtaí sin.
Article 25a 7.
I gcás ina gcinneann an Coimisiún gurb ann do shaobhadh suntasach iomaíochta, amhail saobhadh arb é is cúis leis tríú tír a bheith ag cur CORSIA i bhfeidhm ar bhealach nach bhfuil chomh dian céanna ina dhlí intíre nó a bheith ag mainneachtain forálacha CORSIA a fhorfheidhmiú ar bhealach atá cothrom a mhéid a bhaineann le gach oibreoir aerárthaí, a dhéanann dochar d’oibreoirí aerárthaí a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na hoibreoirí aerárthaí sin a dhíolmhú ó na ceanglais fritháirimh mar a leagtar síos in Airteagal 12(9) i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí chuig Stáit den sórt sin agus amach astu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).
Article 25a 8.
Maidir le hoibreoirí aerárthaí a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin, i gcás ina n-oibríonn na hoibreoirí aerárthaí sin eitiltí idir dhá Stát dhifriúla a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear eitiltí a dhéantar idir an Eilvéis, an Ríocht Aontaithe agus Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus ina gceadaíonn na Stáit sin d’oibreoirí aerárthaí aonaid a úsáid sa bhreis ar na cinn atá ar an liosta sin atá ar an liosta arna ghlacadh de bhun Airteagal 11a(8), tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceadaítear do na hoibreoirí aerárthaí sin cineálacha aonad a úsáid atá sa bhreis ar na cinn atá ar an liosta nó gan a bheith faoi cheangal na gcoinníollacha in Airteagal 11a(2) agus (3) i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí den sórt sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.