+Airteagal 27a Eisiamh roghnach suiteálacha a astaíonn níos lú ná 2 500 tona
---+Airteagal 27a 1.
---+Airteagal 27a 2.
---+Airteagal 27a 3.
|
Airteagal 27a Eisiamh roghnach suiteálacha a astaíonn níos lú ná 2 500 tona
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27a 1.
|
Féadfaidh na Ballstáit suiteálacha a eisiamh ó EU ETS, ar suiteálacha iad a thuairiscigh d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gur astaíodh coibhéis dé-ocsáid charbóin dar luach níos lú ná 2 500 tona, gan aird a thabhairt ar astaíochtaí bithmhaise, i ngach ceann de na trí bliana roimh an bhfógra faoi phointe (a), ar choinníoll go ndéanann an Ballstát lena mbaineann an méid seo a leanas go léir:
(a)
an Coimisiún a chur ar an eolas faoi gach suiteáil den sórt sin sula mbeidh liosta na suiteálacha le tíolaic de bhun Airteagal 11(1) nó ar a dhéanaí nuair a chuirtear an liosta faoi bhráid an Choimisiúin;
(b)
a dheimhniú go bhfuil socruithe simplithe faireacháin i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh an n-astaíonn suiteáil 2 500 tona, nó níos mó ná sin, de choibhéis dé-ocsaíde carbóin, gan aird a thabhairt ar astaíochtaí bithmhaise, in aon bhliain féilire;
(c)
a dheimniú go gcuirfear ar ais in EU ETS suiteáil ar bith a astaíonn 2 500 tona, nó níos mó ná sin, de choibhéis dé-ocsaíde carbóin, gan aird a thabhairt ar astaíochtaí bithmhaise, in aon bhliain féilire; agus
(d)
an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus (c) a chur ar fáil don phobal.
|
|
Airteagal 27a 2.
|
I gcás ina gcuirtear suiteáil ar ais in EU ETS de bhun phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, deonófar aon lamháltas a leithdháiltear de bhun Airteagal 10a agus tosófar leis sin an bhliain ina ndéantar í a chur ar ais. Bainfear na lamháltais a leithdháiltear do shuiteáil den sórt sin ón méid a bheidh le cur ar ceant de bhun Airteagal 10(2) ag an mBallstát ina bhfuil an tsuiteáil bunaithe.
|
|
Airteagal 27a 3.
|
Féadfaidh Ballstáit cúlaonaid nó aonaid chúltaca a eisiamh ó EU ETS freisin mura raibh siad ag obair níos mó ná 300 uair in aghaidh na bliana i ngach ceann de na trí bliana roimh an bhfógra faoi phointe (a) de mhír 1, faoi na coinníollacha céanna arna leagan amach i mír 1 agus i mír 2.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|