|
+Airteagal 27a 1. |
Airteagal 27a 1.Féadfaidh na Ballstáit suiteálacha a eisiamh ó EU ETS, ar suiteálacha iad a thuairiscigh d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gur astaíodh coibhéis dé-ocsáid charbóin dar luach níos lú ná 2 500 tona, gan aird a thabhairt ar astaíochtaí bithmhaise, i ngach ceann de na trí bliana roimh an bhfógra faoi phointe (a), ar choinníoll go ndéanann an Ballstát lena mbaineann an méid seo a leanas go léir:
(a)
an Coimisiún a chur ar an eolas faoi gach suiteáil den sórt sin sula mbeidh liosta na suiteálacha le tíolaic de bhun Airteagal 11(1) nó ar a dhéanaí nuair a chuirtear an liosta faoi bhráid an Choimisiúin;
(b)
a dheimhniú go bhfuil socruithe simplithe faireacháin i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh an n-astaíonn suiteáil 2 500 tona, nó níos mó ná sin, de choibhéis dé-ocsaíde carbóin, gan aird a thabhairt ar astaíochtaí bithmhaise, in aon bhliain féilire;
(c)
a dheimniú go gcuirfear ar ais in EU ETS suiteáil ar bith a astaíonn 2 500 tona, nó níos mó ná sin, de choibhéis dé-ocsaíde carbóin, gan aird a thabhairt ar astaíochtaí bithmhaise, in aon bhliain féilire; agus
(d)
an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus (c) a chur ar fáil don phobal. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|