|
+Airteagal 28b 3. |
Airteagal 28b 3.Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb iomchuí, chun an Treoir seo a leasú ar bhealach atá i gcomhréir le sprioc teochta Chomhaontú Pháras, gealltanas uile-gheilleagair an Aontais le haghaidh 2030 ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an cuspóir go mbainfí aeráidneodracht amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus é mar aidhm leis sin go gcaomhnófaí an tsláine comhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais. Áireofar i dtogra a ghabhann leis an tuarascáil, de réir mar is iomchuí, cur i bhfeidhm EU ETS maidir le heitiltí a imíonn ó aeradróim atá lonnaithe i Stáit in LEE chuig aeradróim atá lonnaithe lasmuigh de LEE ó mhí Eanáir 2027 ach ní áireofar ann eitiltí atá ag teacht isteach ó aeradróim atá lonnaithe lasmuigh de LEE i gcás ina léirítear an méid seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2:
(a)
níor neartaigh Comhthionól ICAO CORSIA faoi 31 Nollaig 2025 i gcomhréir leis an sprioc mhianaidhme dhomhanda fhadtéarmach atá aige go mbainfí spriocanna Chomhaontú Pháras amach; nó
(b)
is ionann na Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3) agus níos lú ná 70 % d’astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta trí úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí atá ar fáil. Fágfaidh an togra a ghabhann leis an tuarascáil freisin, de réir mar is iomchuí, go mbeidh deis ag oibreoirí aerárthaí aon chostais a thabhaíonn siad mar gheall ar fhritháireamh CORSIA ar na bealaí sin a asbhaint, chun muirearú dúbailte a sheachaint. Mura gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b) den mhír seo, déanfar leasú leis an togra ar an Treoir seo, de réir mar is iomchuí, chun gur féidir leanúint de EU ETS a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh de LEE, maidir le heitiltí go dtí an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe agus maidir le heitiltí go Stáit nach liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3) agus maidir leis na heitiltí sin amháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|