+Airteagal 28b An tuairisciú agus an t-athbhreithniú a dhéanann an Coimisiún maidir le cur chun feidhme bheart domhanda margadhbhunaithe ICAO
---+Airteagal 28b 1.
---+Airteagal 28b 2.
---+Airteagal 28b 3.

Airteagal 28b An tuairisciú agus an t-athbhreithniú a dhéanann an Coimisiún maidir le cur chun feidhme bheart domhanda margadhbhunaithe ICAO

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28b 1.

Roimh an 1 Eanáir 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn sa chaibidlíocht le ICAO chun an beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme, ar beart é atá le cur i bhfeidhm i leith astaíochtaí ó 2021 amach, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

ionstraimí ábhartha ICAO, lena n-áirítear caighdeáin agus cleachtais mholta, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh gach gné de bhascaed beart ICAO a chur chun feidhme chun an sprioc mhianaidhme dhomhanda fhadtéarmach a glacadh ag an 41ú Comhthionól ICAO a bhaint amach;

(b) 

moltaí ICAO arna bhformheas ag an gComhairle agus atá ábhartha maidir leis an mbeart domhanda margadhbhunaithe, lena n-áirítear aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na bonnlínte;

(c) 

clár domhanda a bhunú;

(d) 

bearta intíre arna ndéanamh ag tríú tíortha chun an beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme atá le cur i bhfeidhm i leith astaíochtaí ó 2021 amach;

(e) 

leibhéal rannpháirtíochta tríú tíortha sa fhritháireamh faoi CORSIA, lena n-áirítear impleachtaí a bhforchoimeádas maidir le rannpháirtíocht den sórt sin; agus

(f) 

forbairtí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ionstraimí eile is infheidhme, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh laghdú a dhéanamh ar na tionchair iomlána atá ag an eitlíocht ar an athrú aeráide.

I gcomhréir leis an athbhreithniú iomlán ar Chomhaontú Pháras, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil freisin maidir leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an sprioc mhianaidhme dhomhanda fhadtéarmach atá ag earnáil na heitlíochta a bhaint amach, is é sin go laghdófaí astaíochtaí CO2 go glan-nialas faoi 2050, rud a ndéantar measúnú air i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (f).

Airteagal 28b 2.
Faoin 1 Iúil 2026, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé measúnú ar shláine comhshaoil bheart domhanda margadhbhunaithe ICAO, lena n-áirítear an uaillmhian ghinearálta atá aige i ndáil leis na spriocanna faoi Chomhaontú Pháras, an leibhéal rannpháirtíochta sa fhritháireamh faoi CORSIA, a in-fhorfheidhmitheacht, an trédhearcacht, na pionóis i gcás neamhchomhlíonta, na próisis chun ionchur a fháil ón bpobal, cáilíocht na gcreidmheasanna fritháirimh, faireachán, tuairisciú agus fíorú na n-astaíochtaí, na clárlanna, an chuntasacht mar aon le rialacha maidir le húsáid bithbhreoslaí. Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil sin freisin faoin 1 Iúil 2026.
Airteagal 28b 3.

Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb iomchuí, chun an Treoir seo a leasú ar bhealach atá i gcomhréir le sprioc teochta Chomhaontú Pháras, gealltanas uile-gheilleagair an Aontais le haghaidh 2030 ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an cuspóir go mbainfí aeráidneodracht amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus é mar aidhm leis sin go gcaomhnófaí an tsláine comhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais. Áireofar i dtogra a ghabhann leis an tuarascáil, de réir mar is iomchuí, cur i bhfeidhm EU ETS maidir le heitiltí a imíonn ó aeradróim atá lonnaithe i Stáit in LEE chuig aeradróim atá lonnaithe lasmuigh de LEE ó mhí Eanáir 2027 ach ní áireofar ann eitiltí atá ag teacht isteach ó aeradróim atá lonnaithe lasmuigh de LEE i gcás ina léirítear an méid seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2:

(a) 

níor neartaigh Comhthionól ICAO CORSIA faoi 31 Nollaig 2025 i gcomhréir leis an sprioc mhianaidhme dhomhanda fhadtéarmach atá aige go mbainfí spriocanna Chomhaontú Pháras amach; nó

(b) 

is ionann na Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3) agus níos lú ná 70 % d’astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta trí úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí atá ar fáil.

Fágfaidh an togra a ghabhann leis an tuarascáil freisin, de réir mar is iomchuí, go mbeidh deis ag oibreoirí aerárthaí aon chostais a thabhaíonn siad mar gheall ar fhritháireamh CORSIA ar na bealaí sin a asbhaint, chun muirearú dúbailte a sheachaint. Mura gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b) den mhír seo, déanfar leasú leis an togra ar an Treoir seo, de réir mar is iomchuí, chun gur féidir leanúint de EU ETS a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh de LEE, maidir le heitiltí go dtí an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe agus maidir le heitiltí go Stáit nach liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3) agus maidir leis na heitiltí sin amháin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.