+Airteagal 30 Athbhreithniú i bhfianaise Comhaontú Pháras a chur chun feidhme agus i bhfianaise margaí carbóin a fhorbairt i mórgheilleagair eile
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
---+Airteagal 30 6.
---+Airteagal 30 7.
---+Airteagal 30 8.

Airteagal 30 Athbhreithniú i bhfianaise Comhaontú Pháras a chur chun feidhme agus i bhfianaise margaí carbóin a fhorbairt i mórgheilleagair eile

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 1.
Coinneofar an Treoir seo faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí atá déanta chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach, lena n-áirítear aon ghealltanais ábhartha mar thoradh ar Chomhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide.
Airteagal 30 2.
Coinneofar faoi athbhreithniú freisin na bearta lena dtacaítear le tionscail áirithe dianfhuinnimh a d’fhéadfadh a bheith faoi réir sceitheadh carbóin dá dtagraítear in Airteagail 10a agus 10b den Treoir seo, i bhfianaise bearta beartais aeráide i mórgheilleagair eile. Sa chomhthéacs seo, measfaidh an Coimisiún freisin ar cheart bearta i ndáil leis an gcúiteamh as costais neamhdhíreacha a chomhchuibhiú tuilleadh. Leanfar d’athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta is infheidhme i leith earnálacha SCCT i bhfianaise chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956. Roimh an 1 Eanáir 2028, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, mar chuid dá thuarascálacha chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 30(6) den Rialachán sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar SCCT ar an riosca sceite carbóin, lena n-áirítear i ndáil le honnmhairí.

Measúnófar sa tuarascáil an gá atá le bearta breise a dhéanamh, lena n-áirítear bearta reachtacha, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin. Beidh tograí reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 30 3.
Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhthéacs gach athbhreithnithe dhomhanda atá comhaontaithe faoi Chomhaontú Pháras, go háirithe maidir leis an ngá atá le beartais agus bearta breise an Aontais i bhfianaise na laghduithe ar gháis ceaptha teasa nach foláir don Aontas agus do na Ballstát a dhéanamh, lena n-áirítear i ndáil leis an bhfachtóir líneach dá dtagraítear in Airteagal 9 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Treoir seo a leasú, go háirithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus spriocanna aeráide an Aontais a leagtar síos in Airteagal 4 den Rialachán sin. Agus a thogra reachtacha á chur i dtoll a chéile aige, déanfaidh an Coimisiún, chuige sin, inter alia, breithniú ar bhuiséad táscach réamh-mheasta gás ceaptha teasa an Aontais don tréimhse ó 2030 go 2050 dá dtagraítear in Airteagal 4(4) den Rialachán sin.
Airteagal 30 4.
Roimh an 1 Eanáir 2020, cuirfidh an Coimisiún anailís nuashonraithe i láthair ar éifeachtaí na heitlíochta nach éifeachtaí a bhaineann le CO2 iad, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra maidir leis an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin.
Airteagal 30 5.

Faoin 31 Iúil 2026, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar na hábhair seo a leanas, a mbeidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach agus measúnú tionchair ag gabháil leo:

(a) 

an chaoi a bhféadfaí astaíochtaí diúltacha a eascraíonn ó gháis ceaptha teasa a aistrítear as an atmaisféar agus a stóráiltear go buan a chur i gcuntas agus an chaoi a bhféadfaí na hastaíochtaí diúltacha sin a chumhdach le trádáil astaíochtaí, más iomchuí, lena n-áirítear raon feidhme soiléir agus critéir dhochta le haghaidh cumhdach den sórt sin agus coimircí dochta chun a áirithiú nach mbeidh na laghduithe riachtanacha ar astaíochtaí á bhfritháireamh ag na haistrithe sin i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119.

(b) 

a indéanta atá sé ísliú a dhéanamh ar na tairseacha ionchuir theirmigh rátaithe iomláin 20 MW do na gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn I ó 2031 ar aghaidh;

(c) 

cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil astaíochtaí gás ceaptha teasa uile a chumhdaítear leis an Treoir seo curtha i gcuntas go héifeachtach, agus cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar áireamh dúbailte a sheachaint go héifeachtach; go háirithe, déanfaidh sé measúnú ar chuntasaíocht na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheastar a bheith gafa agus úsáidte i dtáirge ar bhealach seachas an bealach dá dtagraítear in Airteagal 12(3b).

Airteagal 30 6.
Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an Treoir seo, i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún anailís ar conas is féidir naisc idir CTA AE agus margaí carbóin eile a chur ar bun gan bac a chur ar an gcuspóir aeráidneodrachta ná ar spriocanna aeráide an Aontais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach.
Airteagal 30 7.
Faoin 31 Iúil 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé measúnú ar a indéanta atá sé suiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach a áireamh in CTA AE, lena n-áirítear d’fhonn iad a áireamh ó 2028 ar aghaidh agus ina ndéanfar measúnú ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le rogha a bheith ag Ballstát diúltú don rogha sin go dtí an 31 Nollaig 2030. Ina leith sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh a thábhachtaí atá na hearnálacha uile a rannchuidíonn le laghduithe astaíochtaí agus leis an atreorú dramhaíola féideartha i dtreo diúscairt trí líonadh talún san Aontas agus trí onnmhairí dramhaíola chuig tríú tíortha. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh critéir ábhartha amhail na héifeachtaí ar an margadh inmheánach, saobhadh féideartha iomaíochta, sláine comhshaoil, ailíniú le cuspóirí Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 39 ) agus stóinseacht agus cruinneas maidir le faireachán agus ríomh a dhéanamh ar astaíochtaí. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí agus gan dochar d’Airteagal 4 den Treoir sin, togra reachtach a thíolacadh a bheidh ag gabháil leis an tuarascáil chun forálacha na Caibidle seo a chur i bhfeidhm maidir le ceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leithdháileadh agus eisiúint lamháltas breise i leith suiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach, agus chun atreorú dramhaíola féideartha a chosc.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an bhféidearthacht próisis eile bainistithe dramhaíola a áireamh in CTA AE, go háirithe líonadh talún lena gcruthaítear meatán agus astaíochtaí ocsaíde nítriúla san Aontas. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an tuarascáil sin freisin chun próisis eile bainistithe dramhaíola den sórt sin a áireamh in CTA AE.

Airteagal 30 8.

In 2026, cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh sa tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 10(5):

(a) 

meastóireacht ar na tionchair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid atá ag eitiltí atá níos lú ná 1 000 km agus breithniú ar na roghanna chun na tionchair sin a laghdú, lena n-áirítear scrúdú ar na modhanna malartacha iompair phoiblí atá ar fáil agus méadú ar úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe;

(b) 

meastóireacht ar na tionchair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid atá ag eitiltí arna ndéanamh ag oibreoirí atá díolmhaithe de bhun phointe (h) nó (k) den iontráil “Eitlíocht” sa cholún “Gníomhaíochtaí” sa tábla in Iarscríbhinn I, agus breithniú ar roghanna chun na tionchair sin a laghdú;

(c) 

meastóireacht ar na tionchair shóisialta atá ag an Treoir seo in earnáil na heitlíochta, lena n-áirítear ar a lucht saothair agus ar chostais aerthaistil; agus

(d) 

meastóireacht ar an nascacht aeir atá ag oileáin agus críocha iargúlta, lena n-áirítear breithniú ar an iomaíochas agus sceitheadh carbóin, chomh maith leis na tionchair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid.

Ina theannta sin, cuirfear san áireamh freisin an tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 10(5), i gcás inarb iomchuí, maidir leis an athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Treoir seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.