|
+Airteagal 30 5. |
Airteagal 30 5.Faoin 31 Iúil 2026, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar na hábhair seo a leanas, a mbeidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach agus measúnú tionchair ag gabháil leo:
(a)
an chaoi a bhféadfaí astaíochtaí diúltacha a eascraíonn ó gháis ceaptha teasa a aistrítear as an atmaisféar agus a stóráiltear go buan a chur i gcuntas agus an chaoi a bhféadfaí na hastaíochtaí diúltacha sin a chumhdach le trádáil astaíochtaí, más iomchuí, lena n-áirítear raon feidhme soiléir agus critéir dhochta le haghaidh cumhdach den sórt sin agus coimircí dochta chun a áirithiú nach mbeidh na laghduithe riachtanacha ar astaíochtaí á bhfritháireamh ag na haistrithe sin i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119.
(b)
a indéanta atá sé ísliú a dhéanamh ar na tairseacha ionchuir theirmigh rátaithe iomláin 20 MW do na gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn I ó 2031 ar aghaidh;
(c)
cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil astaíochtaí gás ceaptha teasa uile a chumhdaítear leis an Treoir seo curtha i gcuntas go héifeachtach, agus cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar áireamh dúbailte a sheachaint go héifeachtach; go háirithe, déanfaidh sé measúnú ar chuntasaíocht na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheastar a bheith gafa agus úsáidte i dtáirge ar bhealach seachas an bealach dá dtagraítear in Airteagal 12(3b). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|