|
+Airteagal 30d 4. |
Airteagal 30d 4.As méid na lamháltas atá fágtha agus chun suas le huasmhéid EUR 65 000 000 000 a ghiniúint, mar aon leis an ioncam ó na lamháltais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagal 10a(8b) den Treoir seo, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear ar ceant méid breise lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus an t-ioncam ó na ceantanna sin agus go gcuirfear ar fáil iad don Chiste Aeráide Sóisialta arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/955 go dtí 2032. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá ceaptha don Chiste Aeráide Sóisialta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus sa mhír seo ar ceant i gcomhréir le prionsabail agus módúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(4) agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail sin. Is é a bheidh san ioncam a thiocfaidh ó na lamháltais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus sa mhír seo ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus úsáidfear é i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste Sóisialta Aeráide. An méid bliantúil a leithdháilfear ar an gCiste Aeráide Sóisialta i gcomhréir le hAirteagal 10a(8b), mír 3 den Airteagal seo agus an mhír seo, ní rachaidh sé thar an méid seo a leanas:
(a)
le haghaidh 2026, EUR 4 000 000 000 ;
(b)
le haghaidh 2027, EUR 10 900 000 000 ;
(c)
le haghaidh 2028, EUR 10 500 000 000 ;
(d)
le haghaidh 2029, EUR 10 300 000 000 ;
(e)
le haghaidh 2030, EUR 10 100 000 000 ;
(f)
le haghaidh 2031, EUR 9 800 000 000 ;
(g)
le haghaidh 2032, EUR 9 400 000 000 . I gcás ina gcuirfear an córas trádála astaíochtaí arna bunú i gcomhréir leis an gCaibidil seo ar atráth go dtí 2028 de bhun Airteagal 30k, is é EUR 54 600 000 000 an t-uasmhéid a chuirfear ar fáil don Chiste Aeráide Sóisialta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo. I gcás den sórt sin, ní bheidh na méideanna bliantúla a leithdháilfear ar an gCiste Aeráide Sóisialta níos mó ná go carnach do na blianta 2026 agus 2027, EUR 4 000 000 000 , agus le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2032, ní rachaidh an méid bliantúil ábhartha thar an méid seo a leanas:
(a)
le haghaidh 2028, EUR 11 400 000 000 ;
(b)
le haghaidh 2029, EUR 10 300 000 000 ;
(c)
le haghaidh 2030, EUR 10 100 000 000 ;
(d)
le haghaidh 2031, EUR 9 800 000 000 ;
(e)
le haghaidh 2032, EUR 9 000 000 000 . I gcás ina mbunófar ioncam a ghintear ón gceantáil dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo mar acmhainn dhílis i gcomhréir le hAirteagal 311, an triú mír, CFAE, ní bheidh Airteagal 10a(8b) den Treoir seo, mír 3 den Airteagal seo agus an mhír seo infheidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|