+Airteagal 30d Ceantáil lamháltas le haghaidh na gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III
---+Airteagal 30d 1.
---+Airteagal 30d 2.
---+Airteagal 30d 3.
---+Airteagal 30d 4.
---+Airteagal 30d 5.
---+Airteagal 30d 6.
---+Airteagal 30d 7.
|
Airteagal 30d Ceantáil lamháltas le haghaidh na gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30d 1.
|
Ó 2027 ar aghaidh, cuirfear lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ar ceant, seachas má chuirtear iad i gcúlchiste cobhsaíochta an mhagaidh, arna bhunú le Cinneadh (AE) 2015/1814. Cuirfear na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ar ceant ar leithligh ó na lamháltais a chumhdaítear le Caibidil II agus III den Treoir seo.
|
|
Airteagal 30d 2.
|
Tosófar ceantáil na lamháltas faoin gCaibidil seo in 2027 le méid a fhreagraíonn do 130 % de na méideanna ceantála le haghaidh 2027 arna mbunú ar bhonn chainníocht uile-Aontais na lamháltas le haghaidh na bliana sin agus na sciartha agus méideanna ceantála faoi seach de bhun mhíreanna 3 go 6 den Airteagal seo. Ní úsáidfear an 30 % breise atá le cur ar ceant ach amháin chun lamháltais a thabhairt suas de bhun Airteagal 30e(2) agus féadfar iad a chur ar ceant go dtí an 31 Bealtaine 2028. Bainfear an 30 % breise as na toirteanna ar ceant don tréimhse ó 2029 go dtí 2031. Socrófar na coinníollacha le haghaidh na gceantanna dá bhforáiltear sa mhír seo i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo agus Airteagal 10(4). In 2027, cruthófar 600 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo mar shealúchais i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh de bhun Airteagal 1a(3) de Chinneadh (AE) 2015/1814.
|
|
Airteagal 30d 3.
|
Cuirfear 150 milliún lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo ar ceant agus cuirfear an t-ioncam uile ó na ceantanna sin ar fáil le haghaidh an Chiste Aeráide Sóisialta a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2023/955 go dtí 2032.
|
|
Airteagal 30d 4.
|
As méid na lamháltas atá fágtha agus chun suas le huasmhéid EUR 65 000 000 000 a ghiniúint, mar aon leis an ioncam ó na lamháltais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagal 10a(8b) den Treoir seo, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear ar ceant méid breise lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus an t-ioncam ó na ceantanna sin agus go gcuirfear ar fáil iad don Chiste Aeráide Sóisialta arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/955 go dtí 2032. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá ceaptha don Chiste Aeráide Sóisialta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus sa mhír seo ar ceant i gcomhréir le prionsabail agus módúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(4) agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail sin. Is é a bheidh san ioncam a thiocfaidh ó na lamháltais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus sa mhír seo ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus úsáidfear é i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste Sóisialta Aeráide. An méid bliantúil a leithdháilfear ar an gCiste Aeráide Sóisialta i gcomhréir le hAirteagal 10a(8b), mír 3 den Airteagal seo agus an mhír seo, ní rachaidh sé thar an méid seo a leanas:
(a)
le haghaidh 2026, EUR 4 000 000 000 ;
(b)
le haghaidh 2027, EUR 10 900 000 000 ;
(c)
le haghaidh 2028, EUR 10 500 000 000 ;
(d)
le haghaidh 2029, EUR 10 300 000 000 ;
(e)
le haghaidh 2030, EUR 10 100 000 000 ;
(f)
le haghaidh 2031, EUR 9 800 000 000 ;
(g)
le haghaidh 2032, EUR 9 400 000 000 .
I gcás ina gcuirfear an córas trádála astaíochtaí arna bunú i gcomhréir leis an gCaibidil seo ar atráth go dtí 2028 de bhun Airteagal 30k, is é EUR 54 600 000 000 an t-uasmhéid a chuirfear ar fáil don Chiste Aeráide Sóisialta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo. I gcás den sórt sin, ní bheidh na méideanna bliantúla a leithdháilfear ar an gCiste Aeráide Sóisialta níos mó ná go carnach do na blianta 2026 agus 2027, EUR 4 000 000 000 , agus le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2032, ní rachaidh an méid bliantúil ábhartha thar an méid seo a leanas:
(a)
le haghaidh 2028, EUR 11 400 000 000 ;
(b)
le haghaidh 2029, EUR 10 300 000 000 ;
(c)
le haghaidh 2030, EUR 10 100 000 000 ;
(d)
le haghaidh 2031, EUR 9 800 000 000 ;
(e)
le haghaidh 2032, EUR 9 000 000 000 .
I gcás ina mbunófar ioncam a ghintear ón gceantáil dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo mar acmhainn dhílis i gcomhréir le hAirteagal 311, an triú mír, CFAE, ní bheidh Airteagal 10a(8b) den Treoir seo, mír 3 den Airteagal seo agus an mhír seo infheidhme.
|
|
Airteagal 30d 5.
|
Cainníocht foriomlán na lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, i ndiaidh na cainníochtaí a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a asbhaint, cuirfidh na Ballstáit ar ceant iad agus leithdháilfear orthu í i sciartha atá díreach mar an gcéanna le sciar astaíochtaí tagartha an Bhallstáit lena mbaineann faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 le haghaidh na gcatagóirí foinsí astaíochtaí dá dtagraítear sa dara mír, pointí (b), (c) agus (d), d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo le haghaidh mheán thréimhse an Bhallstáit lena mbaineann ó 2016 go 2018 arna athbhreithniú go cuimsitheach de bhun Airteagal 4(3) den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 30d 6.
|
Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, seachas an t-ioncam ar ioncam arna shannadh go seachtrach é i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo nó an t-ioncam a bhunaítear mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311, an triú mír, CFAE agus a iontrálfar i mbuiséad an Aontais. Úsáidfidh na Ballstáit a n-ioncam nó a gcoibhéis i luach airgeadais an ioncaim sin chun ceann amháin nó níos mó de na críocha dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Treoir seo, agus tosaíocht á tabhairt do ghníomhaíochtaí ar féidir leo rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta den trádáil astaíochtaí faoin gCaibidil seo, nó ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a)
bearta atá beartaithe rannchuidiú le téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú nó le riachtanais fuinnimh foirgneamh a laghdú, lena n-áirítear fuinnimh inathnuaite agus bearta gaolmhara a chomhtháthú i gcomhréir le hAirteagal 7(11), agus Airteagail 12 agus 20 de Threoir 2012/27/AE, chomh maith le bearta chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do theaghlaigh ar ioncam íseal sna foirgnimh is neamhfheidhmiúla;
(b)
bearta atá beartaithe dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha nó chun tacaíocht airgeadais a sholáthar chun bonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe iomlán idir-inoibritheach le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun feidhme, nó bearta chun athrú chuig iompair phoiblí a spreagadh agus feabhas a chur ar an ilmhódúlacht, nó chun tacaíocht airgeadais a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta a bhaineann le húsáideoirí iompair ar ioncaim ísle agus ar mheánioncaim;
(c)
chun a Plean Aeráide Sóisialta a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2023/955;
(d)
cúiteamh airgeadais a sholáthar do thomhaltóirí deiridh breoslaí i gcásanna nach raibh sé indéanta comhaireamh dúbailte astaíochtaí a sheachaint nó i gcás inar tugadh suas lamháltais le haghaidh astaíochtaí nach gcumhdaítear leis an gCaibidil seo dá dtagraítear in Airteagal 30f(5).
Measfar forálacha na míre seo a bheith comhlíonta ag na Ballstáit má tá beartais fhioscacha nó tacaíochta airgeadais nó beartais rialaitheacha a dhéanann tacaíocht airgeadais a ghiaráil, a bhunaítear chun na gcríoch a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, agus arb ionann a luach agus na hioncaim dá dtagraítear san fhomhír sin a ghintear ó cheantáil na lamháltas dá dtagraítear sa Chaibidil seo, má tá na beartais sin i bhfeidhm acu agus má chuireann siad chun feidhme iad.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid na n-ioncam agus na ngníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na míre seo tríd an bhfaisnéis sin a áireamh ina gcuid tuarascálacha a dhéantar a thíolacadh faoi Rialachán (AE) 2018/1999.
|
|
Airteagal 30d 7.
|
Beidh feidhm ag Airteagal 10(4) agus (5) maidir leis na lamháltais a eisítear faoin gCaibidil seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|