+Airteagal 30f Faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí agus creidiúnú
---+Airteagal 30f 1.
---+Airteagal 30f 2.
---+Airteagal 30f 3.
---+Airteagal 30f 4.
---+Airteagal 30f 5.
---+Airteagal 30f 6.
---+Airteagal 30f 7.
---+Airteagal 30f 8.
|
Airteagal 30f Faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí agus creidiúnú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30f 1.
|
Beidh feidhm ag Airteagail 14 agus 15 maidir leis na hastaíochtaí, na heintitis rialáilte agus na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo. Chun na críche seo:
(a)
léifear aon tagairt d’astaíochtaí amhail is gur tagairt do na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;
(b)
léifear aon tagairt do ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I amhail is gur tagairt don ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III atá ann;
(c)
léifear aon tagairt d’oibreoirí amhail is gur tagairt do na heintitis rialáilte a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;
(d)
léifear aon tagairt do lamháltais amhail is gur tagairt do na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann.
(e)
léifear an tagairt don dáta in Airteagal 15 amhail gur tagairt don 30 Aibreán atá ann.
|
|
Airteagal 30f 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach eintiteas rialáilte, le haghaidh gach bliain féilire ó 2025 amach, faireachán ar na hastaíochtaí a fhreagraíonn do chainníochtaí na mbreoslaí a scaoileadh lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III. Áiritheoidh siad freisin go dtabharfaidh gach eintiteas rialáilte tuairisc i leith na n-astaíochtaí sin don údarás inniúil sa bhliain dar gcionn, ag tosú in 2026, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14(1).
|
|
Airteagal 30f 3.
|
Ón 1 Eanáir 2028, áiritheoidh na Ballstáit go dtuairisceoidh gach eintiteas rialáilte, faoin 30 Aibreán gach bliain go dtí 2030, meánsciar na gcostas a bhaineann le lamháltais a thabhairt suas faoin gCaibidil seo a chuir sé ar aghaidh chuig tomhaltóirí don bhliain roimhe sin. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na ceanglais agus na teimpléid do na tuarascálacha sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2). Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tuarascálacha arna dtíolacadh agus tuarascáil bhliantúil ar a thorthaí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. I gcás ina gcinneann an Coimisiún gurb ann do chleachtais mhíchuí maidir le costais charbóin a chur tríothu, féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na cleachtais mhíchuí sin.
|
|
Airteagal 30f 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh gach eintiteas rialáilte a shealbhaíonn cead i gcomhréir le hAirteagal 30b an 1 Eanáir 2025 tuairisc ar a chuid astaíochtaí stairiúla don bhliain 2024 faoin 30 Aibreán 2025.
|
|
Airteagal 30f 5.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na heintitis rialáilte in ann cainníochtaí beachta an bhreosla a scaoileadh lena dtomhailt a úsáidtear le haghaidh dócháin sna hearnálacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, agus úsáid deiridh na mbreoslaí a scaoileadh lena dtomhailt ag na heintitis rialáilte, go mbeidh siad in ann iad a shainaithint agus a dhoiciméadú go hiontaofa agus go cruinn in aghaidh an chineáil breosla. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun teorainn a chur leis an riosca go ndéanfar na hastaíochtaí a chumhdaítear faoin gCaibidil seo agus na hastaíochtaí faoi Chaibidil II agus Caibidil III a áireamh faoi dhó, chomh maith leis an riosca go dtabharfar suas lamháltais le haghaidh astaíochtaí nach gcumhdaítear leis an gCaibidil seo. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na rialacha mionsonraithe chun comhaireamh dúbailte a sheachaint agus lamháltais a thabhairt suas le haghaidh astaíochtaí nach gcumhdaítear leis an gCaibidil seo, chomh maith le cúiteamh airgeadais a sholáthar do thomhaltóirí deiridh na mbreoslaí i gcásanna nach féidir an comhaireamh dúbailte nó an tabhairt suas sin a sheachaint. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2). Beidh ríomh an chúitimh airgeadais do thomhaltóirí deiridh na mbreoslaí bunaithe ar mheánphraghas na lamháltas sna ceantanna a dhéantar i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(4) sa bhliain tuairiscithe ábhartha.
|
|
Airteagal 30f 6.
|
Leagtar amach na prionsabail i dtaca le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo i gCuid C d’Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 30f 7.
|
Leagtar amach na critéir i dtaca leis na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a fhíorú i gCuid C d’Iarscríbhinn V.
|
|
Airteagal 30f 8.
|
Féadfaidh na Ballstáit bearta simplithe faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a cheadú d’eintitis rialáilte ar lú a n-astaíochtaí bliantúla a fhreagraíonn do chainníochtaí na mbreoslaí a scaoileadh lena dtomhailt ná 1 000 tona de CO2, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14(1).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|