+Airteagal 30h Bearta i gcás ardú iomarcach ar phraghsanna
---+Airteagal 30h 1.
---+Airteagal 30h 2.
---+Airteagal 30h 3.
---+Airteagal 30h 4.
---+Airteagal 30h 5.
---+Airteagal 30h 6.
---+Airteagal 30h 7.
---+Airteagal 30h 8.
---+Airteagal 30h 9.
|
Airteagal 30h Bearta i gcás ardú iomarcach ar phraghsanna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30h 1.
|
I gcás, ar feadh níos mó ná 3 mhí as a chéile, ina bhfuil meánphraghas na lámhaltas sna ceantanna a dhéantar i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(4) den Treoir seo níos mó ná dhá oiread mheánphraghais na lámhaltas le linn na 6 mhí as a chéile roimhe sin sna ceantanna le haghaidh na lámhaltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn práinne, scaoilfear 50 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 1a(7) de Chinneadh (AE) 2015/1814. Maidir leis na blianta 2027 agus 2028, comhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír más rud é, ar feadh níos mó ná 3 mhí as a chéile, gur mó an meánphraghas lamháltais ná 1,5 oiread mheánphraghas na lamháltas i rith na tréimhse tagartha de chuid na 6 mhí as a chéile roimhe sin.
|
|
Airteagal 30h 2.
|
I gcás inar mó meánphraghas na lamháltas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ná praghas EUR 45 le linn tréimhse dhá mhí as a chéile, scaoilfear 20 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 1a(7) de Chinneadh (AE) 2015/1814. Beidh feidhm ag an innéacsú bunaithe ar an innéacs Eorpach praghsanna do thomhaltóirí 2020. Scaoilfear lamháltais suas go dtí an 31 Nollaig 2029 leis an sásra dá bhforáiltear sa mhír seo.
|
|
Airteagal 30h 3.
|
I gcás inar mó meánphraghas na lamháltas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo níos mó ná trí oiread mheánphraghas na lamháltas le linn na sé mhí as a chéile roimhe sin, scaoilfear 150 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 1d(7) de Chinneadh (AE) 2015/1814.
|
|
Airteagal 30h 4.
|
I gcás inar comhlíonadh an coinníoll dá dtagraítear i mír 2 ar an lá céanna leis an gcoinníoll dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 3, ní scaoilfear lamháltais bhreise ach amháin de bhun mhír 1 nó mhír 3.
|
|
Airteagal 30h 5.
|
Roimh an 31 Nollaig 2029, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina measfaidh sé an raibh an sásra dá dtagraítear i mír 2 éifeachtach agus ar cheart leanúint léi. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun an Treoir seo a leasú chun an sásra sin a choigeartú.
|
|
Airteagal 30h 6.
|
I gcás inar comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 nó i mír 3 agus go raibh scaoileadh lamháltas mar thoradh air, ní scaoilfear lamháltais bhreise de bhun an Airteagail seo níos luaithe ná 12 mhí ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 30h 7.
|
Más rud é, laistigh den dara leath den tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, go mbeidh an coinníoll dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo comhlíonta arís, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste, a bunaíodh le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2018/1999, measúnú ar éifeachtacht an bhirt agus féadfaidh sé a chinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme nach bhfuil feidhm le bheith ag mír 6 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2) den Treoir seo.
|
|
Airteagal 30h 8.
|
I gcás inar comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, mír 2 nó i mír 3 agus nach mbeidh mír 6 infheidhme, foilseoidh an Coimisiún fógra go pras in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an dáta ar comhlíonadh an coinníoll nó na coinníollacha sin.
|
|
Airteagal 30h 9.
|
Na Ballstáit atá faoi réir na hoibleagáide plean gníomhaíochta ceartaithí a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2018/842, tabharfaidh siad aird chuí ar éifeachtaí scaoileadh lamháltas breise de bhun mhír 2 den Airteagal seo le linn an dá bhliain roimhe sin agus gníomhaíochtaí breise le cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán sin á meas acu chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán sin a chomhlíonadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|