+Airteagal 30m Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
---+Airteagal 30m 1.
---+Airteagal 30m 2.
---+Airteagal 30m 3.
|
Airteagal 30m Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30m 1.
|
Áiritheoidh an Coimisiún infheictheacht an chistithe ó ioncam ceantála CTA AE dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a áirithiú go dtabharfaidh tairbhithe an chistithe sin aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na tionscadail agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal; agus
(b)
a áirithiú go n-úsáidfidh faighteoirí an chistithe sin lipéad iomchuí arb é “Arna (chomh)chistiú ag Córas AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (an Ciste Nuálaíochta)”, chomh maith le suaitheantas an Aontais agus méid an chistithe; i gcás nach bhfuil sé indéanta an lipéad sin a úsáid, luafar an Ciste don Nuálaíocht i ngach gníomhaíocht cumarsáide lena n-áirítear cláir fógraí in áiteanna straitéiseacha a mbeidh sé le feiceáil ag an bpobal.
Sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10a(8), leagfaidh an Coimisiún amach na ceanglais is gá chun infheictheacht an chistithe ón gCiste don Nuálaíocht a áirithiú, lena n-áirítear ceanglas maidir leis an gCiste sin a lua.
|
|
Airteagal 30m 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit infheictheacht an chistithe ó ioncam ceantála CTA AE dá dtagraítear in Airteagal 10d a chomhfhreagraíonn don mhéid dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, lena n-áirítear ceanglas maidir leis an gCiste don Nuachóiriú a lua.
|
|
Airteagal 30m 3.
|
Agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, féachfaidh na Ballstáit le hinfheictheacht fhoinse chistiú na ngníomhaíochtaí nó na dtionscadal arna gcistiú le hioncam ceantála CTA AE dá gcinneann siad an úsáid i gcomhréir le hAirteagal 3d(4), Airteagal 10(3) agus Airteagal 30d(6), a áirithiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|