|
+Airteagal 30m 1. |
Airteagal 30m 1.Áiritheoidh an Coimisiún infheictheacht an chistithe ó ioncam ceantála CTA AE dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a áirithiú go dtabharfaidh tairbhithe an chistithe sin aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na tionscadail agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal; agus
(b)
a áirithiú go n-úsáidfidh faighteoirí an chistithe sin lipéad iomchuí arb é “Arna (chomh)chistiú ag Córas AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (an Ciste Nuálaíochta)”, chomh maith le suaitheantas an Aontais agus méid an chistithe; i gcás nach bhfuil sé indéanta an lipéad sin a úsáid, luafar an Ciste don Nuálaíocht i ngach gníomhaíocht cumarsáide lena n-áirítear cláir fógraí in áiteanna straitéiseacha a mbeidh sé le feiceáil ag an bpobal. Sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10a(8), leagfaidh an Coimisiún amach na ceanglais is gá chun infheictheacht an chistithe ón gCiste don Nuálaíocht a áirithiú, lena n-áirítear ceanglas maidir leis an gCiste sin a lua. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|