+Airteagal 8 Soláthraithe seirbhísí aerthráchta a ainmniú
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
|
Airteagal 8 Soláthraithe seirbhísí aerthráchta a ainmniú
Soláthraithe seirbhísí aerthráchta a ainmniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit soláthar seirbhísí aerthráchta ar bhonn eisiach laistigh de bhloic shonracha aerspáis i ndáil leis an aerspás atá faoina bhfreagracht. Chuige seo, ainmneoidh na Ballstáit soláthraí seirbhísí aerthráchta a shealbhaíonn deimhniú atá bailí sa Chomhphobal.
|
|
Airteagal 8 2.
|
I dtaca le seirbhísí trasteorann a sholáthar, áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear cosc ar chomhlíonadh an Airteagail seo agus Airteagal 10(3) mar gheall ar fhoráil ina gcóras náisiúnta dlí lena gceanglaítear maidir le soláthraithe seirbhísí aerthráchta a sholáthraíonn seirbhísí san aerspás atá faoi fhreagracht an Bhallstáit sin:
(a)
go bhfuil siad faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí shealúchas tromlaigh, ag an mBallstát sin nó ag a náisiúnaigh;
(b)
go bhfuil a bpríomhionad oibríochta nó a n-oifig chláraithe suite i gcríoch an Bhallstáit sin; nó
(c)
nach n-úsáideann siad ach saoráidí sa Bhallstát sin.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Saineoidh na Ballstáit na cearta agus na hoibleagáidí a bheidh le hurramú ag na soláthraithe seirbhísí aerthráchta ainmnithe. D’fhéadfadh coinníollacha maidir le faisnéis iomchuí a sholáthar go tráthúil a bheith ag gabháil leis na hoibleagáidí sin, ar faisnéis í lena bhféadfar gluaiseachtaí uile na n-aerárthaí san aerspás a bhfuil freagracht acu ina leith a shainaithint.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Beidh cumhachtaí lánroghnacha ag na Ballstáit maidir le soláthraí seirbhísí aerthráchta a roghnú, ar choinníoll go gcomhlíonann an soláthraí sin na ceanglais agus na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Maidir le bloic feidhme aerspáis arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 9a ar bloic iad a shíneann thar aerspás a thagann faoi fhreagracht níos mó ná Ballstát amháin, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, soláthraí seirbhísí aerthráchta amháin nó níos mó a ainmniú i gcomhpháirt lena chéile, mí amháin ar a laghad roimh chur chun feidhme an bhloic aerspáis.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Cuirfidh Ballstáit an Choimisiún agus Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi aon chinneadh a thagann faoi chuimsiú an Airteagail seo agus a bhaineann le soláthraithe seirbhísí aerthráchta laistigh de bhloic shonracha aerspáis a ainmniú i ndáil leis an aerspáis atá faoina bhfreagracht.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.12.2009 00:00:00 -Doknr: CELEX:32004R0550
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|