|
+Airteagal 4 2. |
Airteagal 4 2.Maidir leis na bearta ginearálta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha de na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1 a leasú trína bhforlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3). Bainfidh na bearta ginearálta sin leis na nithe seo a leanas:
(a)
modhanna braitheoireachta a cheadaítear;
(b)
na catagóirí earraí a fhéadfar a thoirmeasc;
(c)
maidir le rialú rochtana, na forais atá ann chun rochtain a thabhairt ar limistéir ar thaobh an aeir agus ar limistéir shrianta slándála;
(d)
modhanna a cheadaítear chun feithiclí a scrúdú agus chun seiceálacha slándála ar aerárthaí agus cuardaigh slándála ar aerárthaí a dhéanamh;
(e)
critéir chun coibhéis caighdeán slándála tríú tíortha a aithint;
(f)
coinníollacha faoina ndéanfar braitheoireacht ar lasta agus ar phost nó faoina gcuirfear faoi réir rialuithe eile slándála iad, mar aon leis an bpróiseas chun gníomhairí rialaithe, coinsíneoirí aitheanta agus coinsíneoirí cuntais a fhormheas nó a ainmniú;
(g)
coinníollacha faoina ndéanfar braitheoireacht ar phost aeriompróra agus ar ábhair aeriompróra, nó faoina gcuirfear faoi réir rialuithe eile slándála iad;
(h)
coinníollacha faoina ndéanfar braitheoireacht ar sholáthairtí eitilte agus ar sholáthairtí aerfoirt nó faoina gcuirfear faoi réir rialuithe eile slándála iad, mar aon leis an bpróiseas chun soláthróirí rialaithe agus soláthróirí aitheanta a fhormheas nó a ainmniú;
(i)
critéir maidir le codanna criticiúla de na limistéir shrianta slándála a shainiú;
(j)
critéir maidir le hearcaíocht foirne agus le modhanna oiliúna;
(k)
coinníollacha faoina bhféadfar nósanna imeachta speisialta i leith slándála nó díolúintí ó rialuithe slándála a chur i bhfeidhm; agus
(l)
aon bhearta ginearálta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha de na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1 a leasú trína bhforlíonadh agus nár tuaradh ag tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 19(4). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|