|
+Airteagal 16 4. |
Airteagal 16 4.I gcás inar mian le Ballstát oibleagáid seirbhíse poiblí a fhorchur, cuirfidh sé i bhfios don Choimisiún, do na Ballstáit eile lena mbaineann, do na haerfoirt lena mbaineann, agus do na haeriompróirí a bheidh ag oibriú an aerbhealaigh lena mbaineann, téacs na hoibleagáide seirbhíse poiblí a bheartófar a fhorchur. Foilseoidh an Coimisiún fógra faisnéise in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:
(a)
ina luafar an dá aerfort a bheidh á nascadh leis an aerbhealach lena mbaineann, agus an pointe tuirlingthe idirthréimhseach nó na pointí tuirlingthe idirthréimhseacha a d’fhéadfadh a bheith ann;
(b)
ina luafar an dáta a dtiocfaidh an oibleagáid seirbhíse poiblí i bhfeidhm; agus
(c)
ina léireofar an seoladh iomlán a gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann an téacs agus aon fhaisnéis agus/nó aon doiciméadacht iomchuí a bhaineann leis an oibleagáid seirbhíse poiblí ar fáil ann, gan mhoill agus saor in aisce. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|