+IARSCRÍBHINN A SOILÉIRITHE AR THÉARMAÍOCHT

IARSCRÍBHINN A SOILÉIRITHE AR THÉARMAÍOCHT


IARSCRÍBHINN A

SOILÉIRITHE AR THÉARMAÍOCHT

Soláthraítear san Iarscríbhinn seo míniúcháin, nótaí geografacha agus sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear sna hiarscríbhinní eile, mura sonraítear a mhalairt sna hiarscríbhinní seo.

1.    NÓTAÍ GEOGRAFACHA

Chun críocha staidreamh a thuairisciú, agus chun na críche sin amháin, beidh feidhm ag na sainmhínithe geografacha seo a leanas:

— 
Ní chuimsítear leis an Astráil críocha thar lear na hAstráile,
— 
ní chuimsítear leis an Danmhairg Oileáin Fharó ná an Ghraonlainn,
— 
cuimsítear leis an bhFrainc Monacó agus na ranna Francacha thar lear: Guadalúip, Martinique, Guáin na Fraince, Réunion agus Mayotte,
— 
cuimsítear leis an Iodáil San Mairíne agus Cathair na Vatacáine (an Suí Naofa),
— 
cuimsítear leis an tSeapáin Okinawa,
— 
cuimsítear leis an bPortaingéil na hAsóir agus Maidéara,
— 
cuimsítear leis an Spáinn na hOileáin Chanáracha, na hOileáin Bhailéaracha, agus Ceuta agus Melilla,
— 
ní chuimsítear leis an Eilvéis Lichtinstéin,
— 
cuimsítear leis na Stáit Aontaithe an 50 Stát, Ceantar Columbia, Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean, Pórtó Ríce agus Guam.

2.    COMHIOMLÁIN

Aicmeofar táirgeoirí leictreachais agus teasa de réir chuspóir an táirgthe:

— 
táirgeoirí príomhghníomhaíochta: fiontair, ar úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, a ghineann leictreachas agus/nó teas lena dhíol le tríú páirtithe mar a bpríomhghníomhaíocht,
— 
uath-tháirgeoirí: fiontair, ar úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, a ghineann leictreachas agus/nó teas go hiomlán nó go páirteach dá n-úsáid féin mar ghníomhaíocht a thacaíonn lena bpríomhghníomhaíocht.

Tabhair ar aird: féadfaidh an Coimisiún an téarmaíocht a shoiléiriú a thuilleadh trí thagairtí ábhartha NACE ( 2 ) a chur leis an téarmaíocht i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2) tar éis teacht i bhfeidhm d’athbhreithniú ar aicmiú NACE.

2.1.    Soláthar

2.1.1.   TÁIRGEADH/TÁIRGEADH DÚCHASACH

Déantar cainníochtaí breoslaí a eastósctar nó a tháirgtear a ríomh tar éis aon oibríocht chun an támhábhar a bhaint. Folaítear leis an táirgeadh na cainníochtaí arna dtomhailt ag an táirgeoir le linn an phróisis táirgthe (e.g. chun trealamh agus trealamh cúnta a théamh nó a oibriú), mar aon le soláthairtí fuinnimh do tháirgeoirí eile le haghaidh claochlaithe nó le haghaidh úsáidí eile.

Ciallaíonn “táirgeadh dúchasach” táirgeadh ó acmhainní laistigh de chríoch ar leith — críoch náisiúnta na tíre tuairiscithe.

2.1.2.   TÁIRGÍ GNÓTHAITHE

Níl feidhm aige seo ach amháin maidir le gual crua. Sciodar agus scealla cairn dramhaíola arna ngnóthú ag mianaigh.

2.1.3.   FÁLTAIS Ó FHOINSÍ EILE

Cainníochtaí breoslaí lena bhfolaítear a dtáirgeadh i dtuairisciú eile maidir le breosla ach a mheasctar le breoslaí eile agus a thomhlaítear mar mheascán. Déanfar sonraí breise maidir leis an gcomhpháirt sin a sholáthar leis na nithe seo a leanas:

— 
Fáltais ó fhoinsí eile: Gual
— 
Fáltais ó fhoinsí eile: Ola agus táirgí peitriliam
— 
Fáltais ó fhoinsí eile: Gás nádúrtha
— 
Fáltais ó fhoinsí eile: Fuinneamh in-athnuaite
— 
Fáltais ó fhoinsí eile: Hidrigin

2.1.4.   ALLMHAIRÍ/ONNMHAIRÍ

Mura sonraítear a mhalairt, tagraíonn “allmhairí” don tionscnamh faoi dheoidh (an tír inar táirgeadh an táirge fuinnimh) lena n-úsáid sa tír agus tagraíonn “onnmhairí” don tír ina dtomhlaítear faoi dheoidh an táirge fuinnimh arna tháirgeadh. Measfar méideanna a bheith allmhairithe nó onnmhairithe nuair a thrasnóidh siad teorainneacha polaitiúla na tíre, cibé acu a bheidh imréiteach custam déanta nó nach mbeidh.

I gcás nach féidir aon tionscnamh nó ceann scríbe a shonrú féadfar “Neamhshonraithe/Eile” a úsáid.

2.1.5.   UMAIR MHUIRÍ IDIRNÁISIÚNTA

Cainníochtaí breoslaí a sheachadtar chuig longa de gach bratach atá ag gabháil do loingseoireacht idirnáisiúnta. Féadfaidh an loingseoireacht idirnáisiúnta a bheith ar siúl ar muir, ar lochanna agus ar uiscebhealaí intíre, agus in uiscí cósta. Cuirtear na nithe seo a leanas as an áireamh:

— 
tomhaltas ag longa atá ag gabháil do loingseoireacht intíre; ba cheart an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an chalafoirt imeachta agus an chalafoirt teacht isteach, agus ní ar bhonn bhratach na loinge nó náisiúntacht na loinge;
— 
tomhaltas ag soithí iascaireachta;
— 
tomhaltas ag fórsaí míleata.

2.1.6.   EITLÍOCHT IDIRNÁISIÚNTA

Cainníochtaí breoslaí a sheachadtar chuig aerárthaí le haghaidh eitlíocht idirnáisiúnta. Ba cheart an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an tsuímh imeachta agus an tsuímh tuirlingthe agus ní ar bhonn náisiúntacht na haerlíne. Ní fholaítear breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair (atá le tuairisciú i “Nach sonraítear in áit eile - Iompar”) agus úsáid mhíleata breoslaí eitlíochta (atá le tuairisciú i “Nach sonraítear in áit eile - Eile”).

2.1.7.   ATHRUITHE AR STOIC

An difríocht idir an leibhéal stoic tosaigh agus an leibhéal stoic deiridh le haghaidh stoc atá á gcoinneáil ar chríoch náisiúnta. Mura sonraítear a mhalairt, taispeántar carnadh stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dheimhneach.

2.1.8.   STOIC IOMLÁNA TOSAIGH AGUS DEIRIDH AR CHRÍOCH NÁISIÚNTA

Gach stoc ar chríoch náisiúnta, lena bhfolaítear stoic atá á gcoinneáil ag rialtais, ag mórthomhaltóirí nó ag eagraíochtaí stocshealbhaíochta, stoic atá á gcoinneáil ar bord soithí farraige ag teacht isteach, stoic atá á gcoinneáil i limistéir faoi bhanna agus stoic atá á gcoinneáil le haghaidh daoine eile, bíodh sé sin faoi chomhaontú déthaobhach rialtais nó ná bíodh. Tagraíonn stoc “tosaigh” agus stoc “deiridh” don chéad lá agus don lá deiridh den tréimhse tuarascála, faoi seach. Folaítear le stoc na stoic a choinnítear i ngach cineál saoráide stórála, ar an talamh nó faoin talamh.

2.1.9.   ÚSÁID DHÍREACH

Ola (táirgí amhola agus táirgí peitriliam) a úsáidtear go díreach gan iad a phróiseáil i scaglanna peitriliam. Folaítear amhola a dhóitear chun leictreachas a ghiniúint.

2.1.10.   FÁLTAIS TÁIRGÍ PRÍOMHÚLA

Folaítear cainníochtaí amhola dúchasaí nó allmhairithe (lena bhfolaítear comhdhlúthán) agus LGN dúchasach ( 3 ) a úsáidtear go díreach gan iad a bheith próiseáilte i scaglann peitriliam, agus cainníochtaí cúlsreabha ón tionscal peitriceimiceach, ar cainníochtaí iad a úsáidtear go díreach cé nach breoslaí príomhúla iad.

2.1.11.   OLL-ASCHUR SCAGLAINNE

Táirgí críochnaithe a tháirgeadh i scaglann nó i ngléasra cumaiscthe. Ní fholaítear caillteanais scaglainne ach folaítear breosla scaglainne.

2.1.12.   TÁIRGÍ ATHCHÚRSÁILTE

Críochtháirgí a théann tríd an líonra margaíochta den dara huair, tar éis iad a bheith seachadta chuig na tomhaltóirí deiridh (e.g. bealaidh úsáidte a ndéanfar athphróiseáil orthu). Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir na cainníochtaí sin agus na cúlsreabha peitriceimiceacha.

2.1.13.   CÚLSREABHA

Táirgí críochnaithe nó táirgí leathchríochnaithe a aischuirfear ó thomhaltóirí deiridh chuig scaglanna lena bpróiseáil, lena gcumasc nó lena ndíol. Is fotháirgí de mhonarú peitriceimiceach iad de ghnáth.

2.1.14.   AISTRITHE IDIR-THÁIRGÍ

Cainníochtaí a athaicmítear toisc gur athraigh a sonraíocht nó toisc go ndearnadh iad a chumasc ina dtáirge eile. Déanfar iontráil dhiúltach le haghaidh táirge amháin a chúiteamh le hiontráil dheimhneach (nó roinnt iontrálacha) le haghaidh táirge amháin nó roinnt táirgí agus vice versa; ba cheart glanéifeacht iomlán de nialas a bheith ann.

2.1.15.   TÁIRGÍ AISTRITHE

Táirgí peitriliam allmhairithe a athaicmítear mar bhunábhair lena bpróiseáil a thuilleadh sa scaglann, agus nach ndéanfar a sheachadadh chuig tomhaltóirí deiridh.

2.1.16.   DIFRÍOCHTAÍ STAIDRIMH

Luach ríofa, arna shainiú mar an difríocht idir an ríomh ó thaobh an tsoláthair de (cur chuige ón mbarr anuas) agus an ríomh ó thaobh an tomhaltais de (cur chuige ón mbun aníos). Ba cheart do na tíortha tuairiscithe aon difríocht mhór maidir le staidreamh a mhíniú.

2.2.    Earnáil an chlaochlaithe

In earnáil an chlaochlaithe, níor cheart ach na cainníochtaí breosla a claochlaíodh i gcineálacha eile breosla a thuairisciú. Cainníochtaí breosla a úsáidtear le haghaidh téimh, chun trealamh a oibriú agus mar thacaíocht ghinearálta don chlaochlú, ba cheart na cainníochta breosla sin a dhearbhú in earnáil an fhuinnimh.

2.2.1.   TÁIRGEOIR PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTA LEICTREACHAS AMHÁIN

Cainníochtaí breoslaí a bhíonn á n-úsáid ag táirgeoirí príomhghníomhaíochta chun leictreachas a tháirgeadh in aonaid/gléasraí leictreachais amháin.

2.2.2.   TÁIRGEOIR PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTA AONAID TEASA AGUS CUMHACHTA IN ÉINEACHT (CTÉ)

Cainníochtaí breoslaí a bhíonn á n-úsáid ag táirgeoirí príomhghníomhaíochta chun leictreachas agus/nó teas a tháirgeadh in aonaid CTÉ.

2.2.3.   TÁIRGEOIR PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTA TEAS AMHÁIN

Cainníochtaí breoslaí a bhíonn á n-úsáid ag táirgeoirí príomhghníomhaíochta chun teas a tháirgeadh in aonaid/gléasraí teasa amháin.

2.2.4.   UATH-THÁIRGEOIR LEICTREACHAS AMHÁIN

Cainníochtaí breoslaí a bhíonn á n-úsáid ag uath-tháirgeoirí chun leictreachas a tháirgeadh in aonaid/gléasraí leictreachais amháin.

2.2.5.   UATH-THÁIRGEOIR AONAID TEASA AGUS CUMHACHTA IN ÉINEACHT (CTÉ)

Gach cainníocht breosla a bhíonn á húsáid ag uath-tháirgeoirí chun leictreachas a tháirgeadh agus an chuid chomhréireach breoslaí a úsáidtear chun teas a tháirgeadh ar teas é a dhíoltar in aonaid CTÉ. Maidir leis an gcuid chomhréireach breoslaí a úsáidtear chun teas a tháirgeadh ar teas é nár díoladh (teas a thomhlaítear go huathoibríoch), tá sí le tuairisciú san earnáil ábhartha de thomhaltas deiridh fuinnimh bunaithe ar aicmiú NACE. Teas nach ndíoltar ach a sheachadtar chuig eintitis eile faoi chomhaontuithe neamhairgeadais nó chuig eintitis faoi úinéireacht dhifriúil, ba cheart an tuairisciú a dhéantar air a bhunú ar an bprionsabal céanna leis an teas a dhíoltar.

2.2.6.   UATH-THÁIRGEOIR TEAS AMHÁIN

An chuid chomhréireach breoslaí a úsáidtear chun an teas a tháirgeadh, teas a dhíolann na huath-tháirgeoirí in aonaid/gléasraí teasa amháin. Maidir leis an gcuid chomhréireach breoslaí a úsáidtear chun teas a tháirgeadh ar teas é nár díoladh (teas a thomhlaítear go huathoibríoch), tá sí le tuairisciú san earnáil ábhartha de thomhaltas deiridh fuinnimh bunaithe ar aicmiú NACE. Teas nach ndíoltar ach a sheachadtar chuig eintitis eile faoi chomhaontuithe neamhairgeadais nó chuig eintitis faoi úinéireacht dhifriúil, ba cheart an tuairisciú a dhéantar air a bhunú ar an bprionsabal céanna leis an teas a dhíoltar.

2.2.7.   GLÉASRAÍ BREOSLA PAITINNE

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear i ngléasraí breosla paitinne chun breosla paitinne a tháirgeadh.

2.2.8.   OIGHINN CHÓIC

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear in oighinn chóic chun cóc oighinn chóic agus gás oighinn chóic a tháirgeadh.

2.2.9.   GLÉASRAÍ BKB/PB

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun brícíní guail doinn (BKB) a tháirgeadh i ngléasraí BKB agus cainníochtaí breoslaí a úsáidtear i ngléasraí bricíní móna chun brícíní móna (PB) a tháirgeadh.

2.2.10.   OIBREACHA GÁIS

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun gás oibreacha gáis a tháirgeadh in oibreacha gáis agus i ngléasraí gásúcháin guail.

2.2.11.   FOIRNÉIS SOINNEÁIN

Cainníochtaí breoslaí a théann isteach sa soitheach foirnéise soinneáin, cé acu tríd an mbarr in éineacht leis an amhiarann nó tríd na píopaí ag an mbun in éineacht leis an aer soinneáin téite.

2.2.12.   LEACHTÚ GUAIL

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun ola shintéiseach a tháirgeadh.

2.2.13.   GLÉASRAÍ GÁS GO LEACHT

Cainníochtaí breoslaí gásacha a tiontaíodh ina mbreoslaí leachtacha.

2.2.14.   GLÉASRAÍ TÁIRGTHE FIOGHUAIL

Cainníochtaí bithbhreoslaí soladacha a tiontaíodh ina bhfioghual.

2.2.15.   SCAGLANNA PEITRILIAM

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun táirgí peitriliam a tháirgeadh.

2.2.16.   GLÉASRAÍ CUMAISCTHE GÁIS NÁDÚRTHA (LE HAGHAIDH GÁS NÁDÚRTHA CUMAISCTHE)

Cainníochtaí na ngás a chumasctar le gás nádúrtha isteach san eangach gháis (líonra gáis).

2.2.17.   CHUN A CHUMASC LE GÁSAILÍN MÓTAIR / LE DÍOSAL / LE CEIRISÍN:

Cainníochtaí bithbhreoslaí leachtacha a chumasctar lena macasamhlacha iontaise. Cainníochtaí hidrigine a mheasctar sna breoslaí.

2.2.18.   TÁIRGEADH HIDRIGINE

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun hidrigin a tháirgeadh

2.2.19.   NACH SONRAÍTEAR IN ÁIT EILE

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí claochlaithe nach bhfolaítear in áit eile. Má úsáidtear iad, ba cheart an méid atá ar áireamh faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.

2.3.    An Earnáil Fuinnimh

Cainníochtaí arna dtomhailt ag an tionscal fuinnimh chun tacú le hoibríochtaí eastósctha (mianadóireacht, táirgeadh ola agus gáis) nó le hoibríochtaí gléasra a bhaineann le gníomhaíochtaí claochlaithe. Comhfhreagraíonn sé sin do Rannáin NACE 05, 06, 19 agus 35, Grúpa NACE 09.1 agus aicmí NACE 07.21 agus 08.92.

Ní fholaíonn sé cainníochtaí breoslaí arna gclaochlú i bhfoirm eile fuinnimh (ba cheart iad sin a thuairisciú faoi earnáil an chlaochlaithe) nó cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun tacú le hoibriú píblínte ola, gáis agus sciodair guail (ba cheart iad sin a thuairisciú in earnáil an iompair).

2.3.1.   LEICTREACHAIS, GLÉASRAÍ CTÉ AGUS TEASA DÁ N-ÚSÁID FÉIN

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag gléasraí le haonad leictreachais amháin, le haonad teasa amháin agus le haonad CTÉ.

2.3.2.   MIANAIGH GHUAIL

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh chun tacú le gual a eastóscadh agus a ullmhú laistigh de thionscal na gualmhianadóireachta. Ba cheart gual arna dhó i stáisiúin chumhachta bhéal an tsloic a thuairisciú in earnáil an chlaochlaithe.

2.3.3.   GLÉASRAÍ BREOSLA PAITINNE

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag gléasraí breosla paitinne.

2.3.4.   OIGHINN CHÓIC

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta in oighinn chóic (gléasraí cóic).

2.3.5.   GLÉASRAÍ BKB/PB

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i ngléasraí BKP/PB (gléasraí bricíní).

2.3.6.   OIBREACHA GÁIS/OIBREACHA GÁSÚCHÁIN GUAIL

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag oibreacha gáis agus gléasraí gásúcháin guail.

2.3.7.   FOIRNÉISÍ SOINNEÁIN

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag foirnéisí soinneáin.

2.3.8.   LEACHTÚ GUAIL

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag gléasraí leachtaithe guail.

2.3.9.   LEACHTÚ (GNL) / ATHGHÁSÚCHÁN

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag gléasraí leachtaithe gáis nádúrtha agus ag gléasraí athghásúcháin.

2.3.10.   GLÉASRAÍ GÁSÚCHÁIN (BITHGHÁS)

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i ngléasraí gásúcháin bithgháis.

2.3.11.   GLÉASRAÍ GÁS GO LEACHT (GTL)

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i ngléasraí tiontaithe gás go leacht.

2.3.12.   GLÉASRAÍ TÁIRGTHE FIOGHUAIL

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i ngléasraí táirgthe fioghuail.

2.3.13.   SCAGLANNA PEITRILIAM

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag scaglanna peitriliam.

2.3.14.   AN TIONSCAL NÚICLÉACH

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí an tionscail núicléach (mianadóireacht, próiseáil, athphróiseáil ábhar núicléach le haghaidh comhleá agus eamhnú adamhach) agus lena n-áirítear cóireáil, diúscairt agus stóráil dramhaíola núicléiche.

2.3.15.   EASTÓSCADH OLA AGUS GÁIS

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt i saoráidí eastósctha ola agus gáis nádúrtha. Ní áirítear caillteanais ó phíblíne (atá le tuairisciú mar chaillteanais dáilte) agus cainníochtaí a úsáidtear chun píblínte a oibriú (atá le tuairisciú in earnáil an iompair).

2.3.16.   GINIÚINT, LEACHTÚ AGUS GÁSÚ HIDRIGINE.

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh chun tacú le giniúint, leachtú agus gású hidrigine.

2.3.17.   NACH SONRAÍTEAR IN ÁIT EILE - FUINNEAMH

Cainníochtaí breoslaí a bhaineann le gníomhaíochtaí fuinnimh nach n-áirítear in áit eile. Má úsáidtear iad, ba cheart an méid atá ar áireamh faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.

2.4.    Caillteanais tarchurtha agus caillteanais dáilte

2.4.1.   CAILLTEANAIS TARCHURTHA

Cainníochtaí caillteanas breoslaí a tharlaíonn de bharr tarchuir, mar chuid den chóras arna oibriú ag an oibreoir córais tarchurtha. Áirítear leis caillteanais theicniúla agus caillteanais neamh-theicniúla. Maidir le leictreachas, áirítear leis caillteanais i gclaochladáin a measfar nach codanna dílse de ghléasraí cumhachta iad. Maidir le gás, áirítear leis gnáthscaoileadh agus bladhmadh le linn tarchuir.

2.4.2.   CAILLTEANAIS DÁILTE

Cainníochtaí caillteanas breoslaí a tharlaíonn de bharr tarchuir, mar chuid den chóras arna oibriú ag an oibreoir córais tarchuir. Áirítear leis caillteanais theicniúla agus caillteanais neamh-theicniúla. Maidir le gás, áirítear leis gnáthscaoileadh agus bladhmadh le linn dáilte.

2.5.    Tomhaltas neamhfhuinnimh deiridh

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun críoch neamhfhuinnimh - breoslaí nach ndéantar iad a dhó.

2.6.    Tomhaltas fuinnimh deiridh (sonraíochtaí úsáide deiridh)

2.6.1.   EARNÁIL AN TIONSCAIL

Tagraíonn sé seo do chainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag an ngnóthas tionscail chun tacú lena chuid príomhghníomhaíochtaí.

Maidir le haonaid teasa amháin nó le haonaid CTÉ, ní bheidh le tuairisciú ach na cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt chun teas a tháirgeadh, ar teas é a úsáidfidh an t-eintiteas féin (teas a thomhailt go huathoibríoch). Maidir le cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt chun teas a tháirgeadh a bheidh le díol, agus chun leictreachas a tháirgeadh, ba cheart iad a thuairisciú faoin earnáil claochlaithe iomchuí.

2.6.1.1. Mianadóireacht agus cairéalacht: Rannáin NACE 07 (seachas 07.21) agus 08 (seachas 08.92); Grúpa NACE: 09.9.

2.6.1.1.1. Mianadóireacht ar mhianraí miotail [Rannán NACE 07); ní áirítear leis Aicme NACE 07.21 Mianadóireacht ar mhianta úráiniam nó tóiriam]

2.6.1.1.2. Mianadóireacht agus cairéalacht eile [Rannán NACE 08; ní áirítear leis Aicme NACE 08.92 Móin a bhaint]

2.6.1.1.3. Seirbhísí tacaíochta gníomhaíochta mianadóireachta [Rannán NACE 09; ní áirítear leis Grúpa NACE 09.1 Gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh eastósctha peitriliam agus gáis nádúrtha]

2.6.1.2. Bia, deochanna agus tobac: Rannáin NACE 10, 11 agus 12.

2.6.1.2.1. Monarú táirgí bia [Rannán NACE 10]

2.6.1.2.2. Monarú deochanna [Rannán NACE 11]

2.6.1.2.3. Monarú táirgí tabac [Rannán NACE 12]

2.6.1.3. Teicstíl agus leathar [Rannáin NACE 13, 14 agus 15; áirítear leis Monarú teicstílí, Monarú corpbhirt agus Monarú táirgí leathair agus táirgí gaolmhara]

2.6.1.4. Adhmad agus táirgí adhmaid — Monarú adhmaid agus táirgí adhmaid agus coirc, seachas troscán; Monarú earraí tuí agus ábhair thrilseacha [Rannán NACE 16]

2.6.1.5. Laíon, páipéar agus clódóireacht: Rannáin NACE 17 agus 18.

2.6.1.5.1. Monarú páipéir agus táirgí páipéir [Rannán NACE 17]

2.6.1.5.1.1. Monarú laín [Aicme NACE 17.11]

2.6.1.5.1.2. Páipéar agus táirgí páipéir eile [Aicme NACE 17.12. agus Grúpa NACE 17.2]

2.6.1.5.2 Priontáil agus atáirgeadh meán taifeadta [Rannán NACE 18]

2.6.1.6. Ceimiceach agus peitriceimiceach: Rannáin NACE 20 agus 21.

2.6.1.6.1. Monarú ceimiceán agus táirgí ceimiceacha [Rannán NACE 20]

2.6.1.6.2. Monarú buntáirgí cógaisíochta agus ullmhóidí cógaisíochta [Rannán NACE 21]

2.6.1.7. Mianracha neamh-mhiotalacha [Rannán NACE 23]

2.6.1.7.1. Monarú gloine agus táirgí gloine [Grúpa NACE 23.1]

2.6.1.7.2. Monarú stroighne, aoil agus plástair (lena n-áirítear Clincear) [Grúpa NACE 23.5]

2.6.1.7.3. Táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile [Grúpaí NACE 23.2, 23.3, 23.4, 23.6, 23.7 agus 23.9]

2.6.1.8. Iarann agus cruach [Monarú miotal bunúsach A: Grúpaí NACE 24.1, 24.2 agus 24.3 agus Aicmí 24.51 agus 24.52]

2.6.1.9. Tionscal miotal neamhfheiriúil [Monarú miotal bunúsach B: Grúpa NACE 24.4 agus Aicmí 24.53 agus 24.54]

2.6.1.9.1. Táirgeadh alúmanaim [Aicme NACE 24.42]

2.6.1.9.2. Tionscal miotal neamhfheiriúil eile [Grúpa NACE 24.4 — seachas Aicme NACE 24.42; Aicmí NACE 24.53 agus 24.54]

2.6.1.10. Innealra: Rannáin NACE 25, 26, 27 agus 28.

2.6.1.10.1. Monarú táirgí déanta as miotal, ach amháin innealra agus trealamh [Rannán NACE 25]

2.6.1.10.2. Monarú ceimiceán agus táirgí ceimiceacha [Rannán NACE 26]

2.6.1.10.3. Monarú trealaimh leictreonaigh [Rannán NACE 27]

2.6.1.10.4. Monarú innealra agus trealaimh nach n-aicmítear in aon áit eile [Rannán NACE 28]

2.6.1.11. Trealamh iompair: Tionscail a bhaineann leis an trealamh a úsáidtear le haghaidh iompair [NACE Ranna 29 agus 30; Áirítear leo Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí agus Monarú trealamh iompair eile]

2.6.1.12. Nach sonraítear in áit eile - Tionscal: Rannáin NACE 22, 31 agus 32

2.6.1.12.1. Monarú táirgí rubair agus plaisteacha [NACE Roinn 22]

2.6.1.12.2. Monarú troscáin [Rannán NACE 31]

2.6.1.12.3. Monarú eile [Rannán NACE 32]

2.6.1.13. Foirgníocht [Rannáin NACE 41, 42 agus 43]

2.6.2.   EARNÁIL AN IOMPAIR

Fuinneamh a úsáidtear i ngach gníomhaíocht iompair gan beann ar earnáil NACE (an earnáil gheilleagair) ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht. Breoslaí a úsáidtear le haghaidh téamh agus soilsiú ag stáisiúin iarnróid, stáisiúin bus, céanna loingseoireachta agus aerfoirt, ba cheart iad a thuairisciú faoi “Sheirbhísí Tráchtála agus Poiblí” agus ní in earnáil an iompair.

2.6.2.1.   Iarnród

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear ag trácht iarnróid, lena bhfolaítear iarnróid thionsclaíocha agus iompar iarnróid ina chuid de chórais iompair uirbigh agus fo-uirbigh (mar shampla, traenacha, tramanna, an meitreo).

2.6.2.1.1.   Iarnróid ardluais

Fuinneamh a bhíonn á úsáid ag traenacha a ritheann ar línte ar a bhféadfar luas breis is 200 ciliméadar in aghaidh na huaire a bhaint amach.

2.6.2.1.2.   Gnáthchórais iarnróid

Fuinneamh a bhíonn á úsáid ag trácht iarnróid, seachas iarnróid ardluais agus meitreo agus tram.

2.6.2.1.2.1.   Iompar paisinéirí d’iarnród

Fuinneamh a bhíonn á úsáid ag iarnróid chun paisinéirí a iompar, is é sin, le haghaidh gluaiseacht paisinéirí agus úsáid á baint as feithiclí iarnróid idir an t-ionad bordála agus an t-ionad díbhordála. Is paisinéir é aon duine, seachas baill d’fhoireann na traenach, a dhéanann turas d’iarnród.

2.6.2.1.2.2.   Iompar lastais d’iarnród

Fuinneamh a bhíonn á úsáid ag iarnród le haghaidh earraí a iompar, rud a chiallaíonn aistriú earraí agus úsáid á baint as feithiclí iarnróid idir an t-ionad luchtaithe agus an t-ionad díluchtaithe.

2.6.2.1.3.   Meitreo agus tram

Fuinneamh a bhíonn á úsáid ag an meitreo, ag an tram, ag iarnród éadrom agus ag córais eile iarnród uirbeach ardaithe nó iarnród uirbeach faoi thalamh.

2.6.2.2.   Loingseoireacht intíre

Cainníochtaí breoslaí arna seachadadh chuig longa de gach bratach nach bhfuil ag gabháil do loingseoireacht idirnáisiúnta (feic umair mhuirí idirnáisiúnta). Ba cheart go ndéanfaí an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an chalafoirt imeachta agus an chalafoirt teachta seachas ar bhonn bhratach nó náisiúntacht na loinge.

2.6.2.3.   Iompar de bhóthar

Cainníochtaí breoslaí a bhíonn á n-úsáid i bhfeithiclí bóthair. Áirítear leo breosla a bhíonn á úsáid ag feithiclí talmhaíochta ar mhórbhealaí agus bealaí lena n-úsáid i bhfeithiclí bóthair.

Ní áirítear leis fuinneamh a bhíonn á úsáid in innill dho-aistrithe (féach “Earnáil eile”), le haghaidh úsáid neamh-mhórbhealaí i dtarracóirí (féach “Talmhaíocht”), úsáid míleata i bhfeithiclí bóthair (féach “Earnáil eile – Nach bhfuil sonraithe in aon áit eile”), biotúman a úsáidtear i bhforéadanú bóthair agus fuinneamh a úsáidtear in innill ar láithreáin foirgníochta (féach “Tionscail” fo-earnáil “Foirgníochta”).

2.6.2.3.1.   Feithiclí tromshaothair lena n-iompraítear lastas

Cainníochtaí breosla a úsáidtear i dtrucailí 3,5 tona toilleadh ualaigh na feithicle a mbíonn lasta á iompar acu (feithiclí i gcatagóirí N2 agus N3 de réir aicmiú na hEorpa le haghaidh catagóir feithicle, bunaithe ar chaighdeáin UNECE).

2.6.2.3.2.   Iompar comhchoitinn

Cainníochtaí breosla a úsáidtear i bhfeithiclí móra, a mbíonn paisinéirí á n-iompar acu, amhail busanna, cóistí, veaineanna móra, etc. (feithiclí de chatagóirí M2 agus M3 de réir aicmiú na hEorpa le haghaidh catagóir feithicle, bunaithe ar chaighdeáin UNECE).

2.6.2.3.3.   Carranna agus veaineanna

Cainníochtaí breosla a úsáidtear i bhfeithiclí beaga, amhail carranna agus veaineanna, a mbíonn paisinéirí nó lasta á n-iompar acu (feithiclí i gcatagóirí N1 agus M1 de réir aicmiú na hEorpa le haghaidh catagóir feithicle, bunaithe ar chaighdeáin UNECE).

2.6.2.3.4.   Iompar eile de bhóthar:

Cainníochtaí breosla a úsáidtear i ngach foirm iompar bóthair seachas feithiclí tromshaothair a mbíonn lasta á iompar acu, iompar comhchoitinn agus carranna agus veaineanna.

2.6.2.4.   Iompar píblíne

Cainníochtaí breoslaí arna n-úsáid mar fhuinneamh chun tacú le píblínte a oibriú, píblínte a mbíonn gás, leachtanna, sciodar agus tráchtearraí eile á n-iompar acu. Áirítear leo fuinneamh a úsáidtear le haghaidh stáisiúin caidéil agus chun píblínte a chothabháil. Ní áirítear leo fuinneamh a úsáidtear chun gás nádúrtha nó gás monaraithe, uisce te nó gal a dháileadh trí phíblínte ón dáileoir chuig úsáideoirí deiridh (atá le tuairisciú in earnáil an fhuinnimh), fuinneamh a úsáidtear maidir le dáileadh deiridh uisce chuig úsáideoirí tí, úsáideoirí tionscail, úsáideoirí tráchtála agus úsáideoirí eile (atá le folú san earnáil seirbhísí tráchtála agus poiblí) agus caillteanais a tharlaíonn le linn an iompair idir an dáileoir agus úsáideoirí deiridh (atá le tuairisciú mar chaillteanais dáilte).

2.6.2.5.   Eitlíocht intíre

Cainníochtaí breoslaí a sheachadtar chuig aerárthaí le haghaidh eitlíocht intíre. Áirítear leo breosla a úsáidtear le haghaidh cuspóirí eile seachas eitilt, e.g. tagarthástáil na n-inneall. Ba cheart an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an tsuímh imeachta agus an tsuímh tuirlingthe agus ní ar bhonn náisiúntacht na haerlíne. Folaítear leis sin fad suntasach na dturas idir dhá aerfort i dtír a bhfuil críoch thar lear aici. Ní fholaítear breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair (atá le tuairisciú i “Nach sonraítear in áit eile - Iompar”) agus úsáid mhíleata breoslaí eitlíochta (atá le tuairisciú i “Nach sonraítear in áit eile - Eile”).

2.6.2.6.   Nach sonraítear in áit eile - Iompar

Cainníochtaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí iompair agus nach bhfolaítear in áit eile. Folaíonn sé breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair agus breoslaí arna n-úsáid sna calafoirt le haghaidh dílódairí long, cineálacha éagsúla craenacha. Má úsáidtear iad, ba cheart an méid atá ar áireamh faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.

2.6.3.   EARNÁLACHA EILE

Folaítear sa chatagóir seo cainníochtaí breoslaí a úsáidtear in earnálacha nach bhfuil luaite go sonrach nó nach mbaineann le fuinneamh, le tionscal nó le hiompar.

2.6.3.1.   Seirbhísí tráchtála agus poiblí

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag gnóthaí agus ag oifigí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Rannáin NACE 33, 36, 37, 38, 39, 45, 46, 47, 52, 53, 55, 56, 58, 59, 60, 61, 62, 63, 64, 65, 66, 68, 69, 70, 71, 72, 73, 74, 75, 77, 78, 79, 80, 81, 82, 84 (seachas Aicme 84.22), 85, 86, 87, 88, 90, 91, 92, 93, 94, 95, 96 agus 99. Breoslaí a úsáidtear le haghaidh téamh agus soilsiú ag stáisiúin iarnróid, ag stáisiúin bus, ag céanna loingseoireachta agus ag aerfoirt, ba cheart iad a thuairisciú sa chatagóir seo. Folaíonn sé seo breoslaí a úsáidtear le haghaidh gach gníomhaíocht neamh-iompair de Rannáin NACE 49, 50 agus 51.

2.6.3.1.1. Deisiú agus suiteáil innealra agus trealamh [NACE Roinn C rannán 33]

2.6.3.1.2. Soláthar uisce; séarachas, gníomhaíochtaí bainistithe agus leasúcháin dramhaíola [NACE Roinn E]

2.6.3.1.3. Trádáil mhórdhíola agus trádáil mhiondíola; Deisiú mótarfheithiclí agus gluaisrothar [NACE Roinn G]

2.6.3.1.3.1. Trádáil mhórdhíola [NACE Roinn G, Rannán 46]

2.6.3.1.3.2. Trádáil mhiondíola [NACE Roinn G, Rannán 47]

2.6.3.1.4. Ollstóráil agus gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh iompair [NACE Roinn H, Rannán 52]

2.6.3.1.5. Gníomhaíochtaí poist agus cúiréireachta [NACE Roinn H, Rannán 53]

2.6.3.1.6. Gníomhaíochtaí seirbhísí cóiríochta agus bia [NACE Roinn I]

2.6.3.1.6.1. Cóiríocht [NACE Roinn I, Rannán 55]

2.6.3.1.6.2. Gníomhaíochtaí seirbhísí bia [NACE Roinn I, Rannán 56]

2.6.3.1.7. Faisnéis agus cumarsáid [NACE Roinn J]

2.6.3.1.8. Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais agus gníomhaíochtaí Réadmhaoine [NACE Roinn K agus NACE Roinn L]

2.6.3.1.9. Gníomhaíochtaí riaracháin agus gníomhaíochtaí seirbhísí tacaíochta [ NACE Roinn N]

2.6.3.1.10. Riarachán poiblí agus cosaint; Slándáil shóisialta éigeantach [NACE Roinn O]

2.6.3.1.11. Oideachas [NACE Roinn P]

2.6.3.1.12. Gníomhaíochtaí i dtaca le sláinte an duine agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta [NACE Roinn Q]

2.6.3.1.12.1. Gníomhaíochtaí ospidéil [NACE Roinn Q, Grúpa 86.1]

2.6.3.1.13. Na healaíona, siamsaíocht agus áineas [NACE Roinn R]

2.6.3.1.13.1. Gníomhaíochtaí spórt [NACE Roinn R, Rannán 93]

2.6.3.1.14. Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí seach-chríochacha [NACE Roinn U]

2.6.3.1.15. Seirbhísí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla agus Seirbhísí eile [NACE Roinn M agus NACE Roinn S]

2.6.3.1.16. Lárionaid sonraí. Sainmhínítear lárionad sonraí mar struchtúr nó grúpa de struchtúir a úsáidtear chun áit a chur ar fáil do chórais ríomhaireachta/do fhreastalaithe ríomhaireachta, chun iad a nascadh agus chun iad a oibriú, chomh maith leis an trealamh gaolmhar le haghaidh sonraí a stóráil, a phróiseáil agus/nó a dháileadh, mar aon le gníomhaíochtaí gaolmhara.

2.6.3.2.   Teaghlaigh

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag gach teaghlach lena bhfolaítear “teaghlaigh ina bhfuil daoine fostaithe”. NACE Rannáin 97 agus 98.

Beidh feidhm ag na sainmhínithe sonracha seo a leanas maidir le hearnáil na dteaghlach:

Is éard is teaghlach ann duine a chónaíonn ina aonar, teaghlach, nó grúpa daoine atá ina gcónaí le chéile sa teaghais phríobháideach chéanna agus a chomhroinneann fóntais agus costais mhaireachtála riachtanacha eile. Dá bhrí sin, is comhthiomsú comhchoiteann de gach teaghlach i dtír í earnáil na dteaghlach, ar a dtugtar an earnáil chónaithe nó an earnáil intíre freisin.

Ba cheart áiteanna cónaithe comhchoiteanna, bídís buan (e.g. príosúin) nó sealadach (e.g. ospidéil), a eisiamh toisc go bhfolaítear iad faoi thomhaltas in earnáil na seirbhíse. Fuinneamh a úsáidtear i ngníomhaíochtaí iompair, ba cheart é a thuairisciú in earnáil an iompair agus ní in earnáil na dteaghlach.

Maidir le tomhaltas fuinnimh a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha suntasacha a dhéanann teaghlaigh, ba cheart iad a eisiamh freisin ó thomhaltas iomlán fuinnimh na dteaghlach. Folaítear le gníomhaíochtaí den sórt sin gníomhaíochtaí eacnamaíocha talmhaíochta ar fheirmeacha beaga agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a dhéantar in áit chónaithe teaghlaigh agus ba cheart iad a thuairisciú in earnáil iomchuí an tomhaltais chríochnaithigh.

2.6.3.2.1.   Téamh spáis

Tagraíonn an tseirbhís fuinnimh seo d’úsáid fuinnimh chun teas a sholáthar in áit taobh istigh de theaghais.

2.6.3.2.2.   Fuarú spáis

Tagraíonn an tseirbhís fuinnimh seo d’úsáid fuinnimh chun críocha fuaraithe i dteaghais, trí chóras cuisnithe agus/nó trí aonad cuisnithe.

Ní fholaítear sa roinn seo gaothráin, séidirí agus fearais eile nach bhfuil ceangailte le haonad cuisnithe, ach ba cheart iad a fholú sa roinn “Soilsiú agus fearais leictreacha”.

2.6.3.2.3.   Téamh uisce

Tagraíonn an tseirbhís fuinnimh seo d’úsáid fuinnimh chun uisce a théamh le haghaidh uisce reatha te, le haghaidh folcadán a thógáil, le haghaidh glantacháin agus feidhmeanna eile neamhchócaireachta.

Ní fholaítear ann téamh linnte snámha, ach ba cheart é sin a fholú sa roinn “Úsáidí deiridh eile”.

2.6.3.2.4.   Cócaireacht

Tagraíonn an tseirbhís fuinnimh seo d’úsáid fuinnimh chun béilí a ullmhú.

Ní fholaítear ann fearais chócaireachta cúnta (oighinn mhicreathonnacha, citil, déantóirí caife, etc.) agus ba cheart iad sin a fholú sa roinn “Soilsiú agus fearais leictreacha”.

2.6.3.2.5.   Soilsiú agus fearais leictreacha (leictreachas amháin):

Leictreachas a úsáid le haghaidh soilsiú agus aon fhearas leictreach eile in áit chónaithe nach meastar a bheith laistigh d’úsáidí deiridh eile.

2.6.3.2.6.   Úsáidí deiridh eile

Aon tomhaltas fuinnimh eile i dteaghlaigh, amhail fuinneamh a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí amuigh faoin aer agus aon ghníomhaíocht eile nach n-áirítear sna cúig úsáid fuinnimh a luaitear thuas (e.g. lomairí faiche, téamh linn snámha, téitheoirí amuigh faoin aer, beárbaiciúnna amuigh faoin aer, seomraí allais etc.).

2.6.3.3.   Talmhaíocht

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag úsáideoirí arna n-aicmiú mar tháirgeadh barr agus táirgeadh ainmhithe, mar shealgaireacht agus mar ghníomhaíochtaí seirbhíse gaolmhara; NACE Roinn 01.

2.6.3.4.   Foraoiseacht

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag úsáideoirí arna n-aicmiú mar fhoraoiseacht agus lománaíocht; NACE Roinn 02.

2.6.3.5.   Iascaireacht

Cainníochtaí breoslaí a sheachadtar le haghaidh iascaireacht intíre, iascaireacht chósta agus iascaireacht dhomhainfharraige. Ba cheart a fholú leis an iascaireacht breoslaí a sheachadtar chuig longa de gach bratach a athlíonann le breosla sa tír (lena bhfolaítear iascaireacht idirnáisiúnta) agus an fuinneamh a úsáidtear in earnáil na hiascaireachta. NACE Roinn 03.

2.6.3.6.   Nach bhfuil sonraithe in áit eile - Eile

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí nach n-áirítear in aon áit eile (amhail NACE Aicme 84.22). Folaítear sa chatagóir seo úsáid mhíleata breoslaí le haghaidh tomhaltas soghluaiste agus doghluaiste (e.g. longa, aerárthaí, bóthar agus fuinneamh a úsáidtear in áit chónaitheach), is cuma cé acu a dhéanfar an breosla a sheachadadh d’arm na tíre sin nó d’arm tíre eile. Má úsáidtear iad, ba cheart an méid atá ar áireamh faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.

3.    TÁIRGÍ

3.1.    GUAL (breoslaí iontaise soladacha agus gáis mhonaraithe)

3.1.1.   GUAL CRUA

Is éard atá i ngual crua comhiomlán táirge atá cothrom le suim antraicíte, guail chóic agus guail bhiotúmanaigh eile.

3.1.2.   ANTRAICÍT

Gual ardghráid a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna tionsclaíocha agus feidhmeanna tís. Go hiondúil bíonn níos lú ná 10 % ábhar soghalaithe agus cion ard de charbón (thart ar 90 % carbón fosaithe) ann. Is mó ná 24 000  kJ/kg a oll-luach calrach ar bhonn atá saor ó luaith ach atá tais.

3.1.3.   GUAL CÓIC

Gual biotúmanach ag a bhfuil cáilíocht a éascaíonn táirgeadh cóic (cóc oighinn chóic) atá oiriúnach chun lánán foirnéise soinneáin a sheasamh. Is mó ná 24 000  kJ/kg a oll-luach calrach ar bhonn atá saor ó luaith ach atá tais.

3.1.4.   GUAL BIOTÚMANACH EILE

Gual a úsáidtear chun gal a ardú agus lena bhfolaítear gach gual biotúmanach nach bhfolaítear faoi ghual cóic ná faoi antraicít. Saintréith de is ea ábhar soghalaithe níos airde ná antraicít (níos mó ná 10 %) agus cion de charbón níos ísle (níos lú ná 90 % carbón fosaithe). Is mó ná 24 000  kJ/kg a oll-luach calrach ar bhonn atá saor ó luaith ach atá tais.

3.1.5.   GUAL DONN

Is éard atá sa ghual donn comhiomlán táirge atá cothrom le suim an ghuail fho-bhiotúmanaigh agus na ligníte.

3.1.6.   GUAL FO-BHIOTÚMANACH

Tagraíonn sé do ghual neamh-chomhdhlúthaithe ag a bhfuil luach calrach comhlán idir 20 000  kJ/kg agus 24 000  kJ/kg ina bhfuil níos mó ná 31 % ábhar soghalaithe ar bhonn atá saor ó ábhar mianrach tirim.

3.1.7.   LIGNÍT

Gual neamh-chomhdhlúthaithe ag a bhfuil luach calrach comhlán níos lú ná 20 000  kJ/kg agus níos mó ná 31 % ábhar soghalaithe ar bhonn atá saor ó ábhar mianrach tirim.

3.1.8.   BREOSLA PAITINNE

Breosla comhdhéanta a mhonaraítear as mínbhrus guail chrua trí oibreán nasctha a chur leis. Dá bhrí sin, féadfaidh méid an bhreosla paitinne a tháirgtear a bheith beagán níos airde ná an méid iarbhír guail a thomhlaítear sa phróiseas claochlaithe.

3.1.9.   CÓC OIGHINN CÓIC

An táirge soladach a fhaightear ó charbónú guail, go príomha gual cóic, ag teocht ard; tá sé íseal in ábhar taise agus in ábhar so-ghalaithe. Úsáidtear cóc oighinn chóic go príomha i dtionscal an iarainn agus na cruach, ag gníomhú dó mar fhoinse fuinnimh agus mar oibreán ceimiceach.

Tá bríos cóic agus cóc teilgcheárta le tuairisciú sa chatagóir seo.

Ba cheart breac-chóc (táirge soladach a fhaightear ó charbónú guail ag teocht íseal) a fholú sa chatagóir seo. Úsáidtear breac-chóc mar bhreosla téimh nó úsáideann an gléasra claochlaithe féin é.

Folaíonn an ceannteideal seo cóc, bríos cóic agus breac-chóc a dhéantar as lignít.

3.1.10.   CÓC GÁIS

Fotháirge guail chrua a úsáidtear chun gás baile a tháirgeadh in oibreacha gáis. Úsáidtear cóc gáis chun críocha téimh.

3.1.11.   TARRA GUAIL

Toradh ar dhriogadh deighilteach guail bhiotúmanaigh. Maidir le tarra guail is fotháirge leachtach é as driogadh guail chun cóc a dhéanamh i bpróiseas an oighinn chóic nó déantar é as gual donn (“tarra ísealteochta”).

3.1.12.   BKB (BRÍCÍNÍ GUAIL DHOINN)

Is éard atá in BKB breosla comhdhéanta a mhonaraítear as lignít nó as gual fobhiotúmanach, a tháirgtear trí fháisceadh faoi ardbhrú gan oibreán ceangailteach a chur leis, lena bhfolaítear fíneálacha ligníte triomaithe agus deannach.

3.1.13.   GÁIS MHONARAITHE

Is éard i ngáis mhonaraithe comhiomlán táirge atá cothrom le suim an gháis oibreacha gáis, an gháis oighinn chóic, an gháis foirnéise soinneáin agus na ngás gnóthaithe eile.

3.1.14.   GÁS OIBREACHA GÁIS

Folaíonn sé gach cineál gás a tháirgtear i ngléasraí fóntais phoiblí nó príobháideacha, arb é is cuspóir dóibh gás a mhonarú, a iompar agus a dháileadh. Folaíonn sé gás a tháirgtear trí charbónú (lena bhfolaítear gás arna tháirgeadh trí oighinn chóic agus a aistrítear chuig gás oibreacha gáis), trí ghásúchán iomlán le táirgí ola nó gan é (GPL, ola bhreosla iarmharach, etc.), agus trí gháis agus/nó aer a athchóiriú agus a mheascadh go simplí, lena bhfolaítear cumasc le gás nádúrtha a dháilfear agus a thomhlófar tríd an eangach gáis nádúrtha. Ba cheart méid an gháis a eascraíonn ó aistriú gás guail eile go gás oibreacha gáis a thuairisciú mar tháirgeadh an gháis oibreacha gáis.

3.1.15.   GÁS OIGHINN CHÓIC

Is éard is gás oighinn chóic ann gás a fhaightear mar fhotháirge ó mhonarú cóic oighinn chóic chun iarann agus cruach a tháirgeadh.

3.1.16.   GÁS FOIRNÉISE SOINNEÁIN

Déantar gás foirnéise soinneáin a tháirgeadh le linn cóc a dhó i bhfoirnéis soinneáin sa tionscal guail agus cruach. Déantar é a ghnóthú agus é a úsáid mar bhreosla laistigh den ghléasra go páirteach agus i bpróisis eile thionscal na cruach go páirteach nó i stáisiúin ghiniúna atá trealmhaithe chun é a dhó.

3.1.17.   GÁIS GHNÓTHAITHE EILE

Fotháirge den táirgeadh cruach i bhfoirnéis ocsaigine, agus a gnóthaíodh ar fhágáil na foirnéise dó. Tugtar gás tiontaire, gás LD nó gás BOS air chomh maith. Ba cheart cainníocht an bhreosla a fhaightear ar ais a thuairisciú ar bhonn oll-luacha chalraigh. Folaíonn sé freisin gáis mhonaraithe neamhshonraithe nach luaitear thuas, amhail gáis indóite de thionscnamh carbónúil soladach a gnóthaíodh ó phróisis mhonaraíochta agus cheimiceacha nach sainmhínítear in aon áit eile.

3.1.18.   MÓIN

Fosú iontaise dríodrach atá indóite, bog, póiriúil nó comhbhrúite, de bhunadh plandaí agus ag a bhfuil cion uisce ard (suas go 90 % i staid amh), a ghearrtar go héasca, agus atá ar dhath donn éadrom nó dúdhonn. Folaíonn móin móin fód agus móin mheilte. Ní fholaíonn sé móin a úsáidtear chun críocha neamhfhuinnimh.

3.1.19.   TÁIRGÍ MÓNA

Táirgí amhail brícíní móna a fhaightear go díreach nó go hindíreach ó mhóin fód agus ó mhóin mheilte.

3.1.20.   SCEALLA OLA AGUS GAINEAMH OLA

Is carraig dhríodar atá i scealla ola agus gaineamh ola a bhfuil ábhar orgánach i bhfoirm ceirigin inti. Is ábhar ar mhórán hiodracarbóin céarach é ceirigin a mheastar a bheith ina réamhtheachtaí de pheitriliam. Féadfar scealla ola a dhó go díreach nó a phróiseáil trína théamh chun ola scealla a úscadh. Ba cheart ola scealla agus táirgí eile a bhaintear as leachtú a thuairisciú mar hidreacarbón eile laistigh de tháirgí peitriliam.

3.2.    GÁS NÁDÚRTHA

3.2.1.   GÁS NÁDÚRTHA

Is éard atá i ngás nádúrtha gáis a tharlaíonn i bhfosuithe faoi thalamh, iad leachtaithe nó gásach, arb é atá iontu go príomha meatán, neamhspleách ar an modh eastósctha (an ghnáthmhodh agus an modh neamhghnách). Áirítear gás “neamhghaolmhar” a thagann as ceantair a tháirgeann hidreacarbóin i bhfoirm ghásach amháin, agus gás “gaolmhar” a tháirgtear in éineacht le hamhola mar aon le meatán a gnóthaíodh ó mhianaigh ghuail (gás gualchan) nó ó shíoga guail (gás síge guail). Ní áirítear bithghás ná gáis mhonaraithe i ngás nádúrtha. Déanfar aistrithe na dtáirgí sin chuig an líonra gáis nádúrtha a thuairisciú ar leithligh ó ghás nádúrtha. Áirítear le gás nádúrtha gás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus gás nádúrtha comhbhrúite (GNC).

3.3.    LEICTREACHAS AGUS TEAS

3.3.1.   LEICTREACHAS

Le leictreachas tagraítear d’aistriú fuinnimh tríd an bhfeiniméan fisiceach lena mbaineann lánáin leictreacha agus a n-éifeachtaí nuair a bhíonn siad ar fos agus ag gluaiseacht. Ní mór tuairisciú a dhéanamh ar an leictreachas go léir a úsáidtear, a tháirgtear agus a thomhlaítear, lena bhfolaítear leictreachas eis-eangach agus féintomhalta. Is ó shuiteálacha atá dínasctha ón eangach ó thaobh an táirgthe de a tháirgtear leictreachas eis-eangach; ní féidir leis an tsuiteáil leictreachas a tháirgthe a instealladh san eangach. Is éard atá i leictreachas féintomhalta leictreachas arna thomhailt ag an táirgeoir sula ndéantar é a instealladh san eangach.

3.3.2.   TEAS (TEAS DÍORTHAITHE)

Tagraíonn teas don fhuinneamh a fhaightear ó ghluaisne aistritheach, rothlach agus chreathach chomhábhair an ábhair mar aon le hathruithe ar a staid fhisiceach. An teas go léir a tháirgtear, seachas teas arna tháirgeadh ag uath-tháirgeoirí chun a n-úsáide féin agus nach ndíoltar, tá sé le tuairisciú; tuairiscítear gach cineál eile teasa mar úsáid táirgí as ar táirgeadh an teas.

3.4.    OLA (Amhola agus táirgí peitriliam)

3.4.1.   AMHOLA

Is ola mhianrach í amhola de thionscnamh nádúrtha ina bhfuil meascán de hidreacarbóin agus d’eisíonachtaí léi, ar nós sulfair. Bíonn sí ann i staid leachtach faoi ghnáth-theocht agus faoi ghnáth-bhrú dromchla agus bíonn a saintréithe fisiciúla (dlús, slaodacht, etc.) fíor-athraitheach. Folaíonn an chatagóir seo comhdhlúthán loig nó léasa a gnóthaíodh ó ghás gaolmhar agus ó ghás neamh-ghaolmhar ina bhfuil sé cumaiscthe leis an sruth amhola tráchtálach. Ba cheart na cainníochtaí a thuairisciú go neamhspleách ar an modh eastósctha (an gnáthnós agus an nós neamhghnách). Ní fholaítear LGN le hamhola.

3.4.2.   LEACHTANNA GÁIS NÁDÚRTHA (LGN)

Is hidreacarbóin leachta nó leachtaithe iad LGN a gnóthaíodh ó ghás nádúrtha i saoráidí deighilte nó i ngléasraí próiseála gáis. Folaíonn leachtanna gáis nádúrtha eatán, própán, bútán (gnáthbhútán agus iseabútán), (isea)peantán agus pluspheantáin (dá ngairtear uaireanta comhdhlúthán gásailín nádúrtha nó comhdhlúthán gléasra).

3.4.3.   BUNÁBHAIR SCAGLAINNE

Is éard is bunábhar scaglainne ola phróiseáilte atá ceaptha dul i gcomhair tuilleadh próiseála (e.g. ola bhreosla comhrite nó ola fholúsgháis) gan cumasc a áireamh. Déanfar é a chlaochlú, le tuilleadh próiseála, i gcomhpháirt agus/nó i gcríochtháirge amháin nó níos mó. Folaíonn an sainmhíniú seo freisin aischuir ón tionscal peitriceimiceach go dtí an tionscal scagtha (e.g. gásailín pirealaithe, codáin C4, codáin ola gáis agus ola breosla).

3.4.4.   BREISEÁIN/ OCSAIGIONÁITÍ

Maidir le breiseáin is comhdhúile neamh-hidreacarbóin iad a chuirfear le táirge nó a chumascfar le táirgí peitriliam chun a n-airíonna breosla a mhodhnú (ochtán, ceatán, fuar-airíonna, etc.). I measc na mbreiseán áirítear ocsaiginí (amhail alcóil (meatánól, eatánól), éitear (éitear búitileach treasach meitile(MTBE), éitear búitileach treasach eitileach (ETBE), éitear meitile aimileach threasach (TAME) etc.), eistir (ola ráibe nó dé-mheitileistir, etc.), comhdhúile ceimiceacha (amhail luaidhe theitrimeitile (TML), luaidhe theitreitile (TEL) agus glantaigh). Ba cheart baint a bheith ag na cainníochtaí breiseán/ocsaigionáití (alcóil, éiteir, eistir agus comhdhúile ceimiceacha eile) arna dtuairisciú san aicme seo leis na cainníochtaí a mheascfar le breoslaí nó a úsáidfear mar bhreosla. Áirítear sa chatagóir seo bithbhreoslaí a chumasctar le breoslaí iontaise leachtacha.

3.4.5.   BITHBHREOSLAÍ IN BREISEÁIN/OCSAIGIONÁITÍ

Baineann cainníochtaí bithbhreoslaí leachtacha arna dtuairisciú sa chatagóir seo le bithbhreoslaí leachtacha cumaiscthe agus ní thagraíonn siad ach do chuid an leachtaigh bhithbhreosla seachas le toirt iomlán na leachtanna a ndéantar na bithbhreoslaí leachtacha a chumasc leo. Ní fholaítear gach bithbhreosla leachtach nár cumascadh.

3.4.6.   HIDREACARBÓIN EILE

Amhola shintéiseach ó tharraghainimh, ola scealla, etc., leachtanna ó leachtú guail, aschuir leachtanna ó chlaochlú gáis nádúrtha go gásailín, go hidrigin agus go holaí eiblithe (e.g. orimulsion); ní fholaítear scealla ola; Folaíonn sé an ola scealla (táirge tánaisteach).

3.4.7.   TÁIRGÍ PEITRILIAM

Is éard atá i dtáirgí peitriliam comhiomlán táirge atá cothrom le suim an gháis scaglainne, eatán, gáis pheitriliam leachtaithe, nafta, gásailín mótair, gásailín eitlíochta, scaird-bhreosla de chineál gásailín, scaird-bhreosla den chineál ceirisín, ceirisín eile, ola gháis/díosail, ola bhreosla, biotáille bhán ad SPB, bealaí, biotúman, céireacha pairifín, cóc peitriliam agus táirgí eile.

3.4.8.   GÁS SCAGLAINNE

Folaíonn gás scaglainne meascán de gháis neamh-inchomhdhlúite arb éard iad go príomha hidrigin, meatán, eatán agus olaifíní a fhaightear le linn amhola a dhriogadh nó táirgí ola a chóireáil (e.g. cnagadh) i scaglanna. Folaíonn sé seo freisin gáis a aischuirfear ón tionscal peitriceimiceach.

3.4.9.   EATÁN

Hidreacarbón dronslabhra atá gásach go nádúrtha, (C2H6) a eastósctar ó shruthanna gáis nádúrtha agus ó shruthanna gáis scaglainne.

3.4.10.   GÁS PEITRILIAM LEACHTAITHE (GPL)

Is hidreacarbóin phairifíneacha éadroma iad GPL a díorthaítear ó na próisis scaglainne, ó ghléasraí cobhsúcháin amhola agus ó ghléasraí próiseála gais nádúrtha. Is éard atá iontu go príomha própán (C3H8) agus bútán (C4Hl0) nó meascán den dá cheann. Féadfar próipiléin, búitiléin, iseapróipiléin agus iseabúitiléin a áireamh iontu freisin. Go hiondúil, déantar GPL a leachtú faoi bhrú ar mhaithe lena n-iompar agus lena stóráil.

3.4.11.   NAFTA

Is bunábhar é nafta atá ceaptha don tionscal peitriceimiceach (e.g. monarú eitiléine nó táirgeadh cumhránaice) nó chun gásailín a tháirgeadh trí athfhoirmiú nó isiméiriú laistigh den scaglann. Is éard atá i nafta ábhar atá sa réimse driogtha 30oC agus 210oC nó i gcuid den réimse seo.

3.4.12.   GÁSAILÍN MÓTAIR

Is éard atá i ngásailín mótair meascán de hidreacarbóin éadroma a dhriogann idir 35 °C agus 215 °C. Úsáidtear é mar bhreosla d’innill spréachadhainte ar talamh. Féadfaidh breiseáin, ocsaigináití agus feabhsaitheoirí ochtáin, lena bhfolaítear comhdhúile luaidhe, a bheith san áireamh le gásailín mótair. Folaítear comhpháirteanna cumaiscthe gásailín mótair (seachas breiseáin/ocsaigionáití), e.g. ailcioláití, isimearáit, athfhormáit, gásailín cnagtha atá ceaptha le húsáid mar ghásailín mótair críochnaithe. Is éard atá i ngásailín mótair comhiomlán táirge atá cothrom le suim an bhithghásailín cumaiscthe (bithghásailín i ngásailín mótair) agus an neamh-bhithghásailín.

3.4.12.1.   Bithghásailín cumaiscthe (bithghásailín i ngásailín mótair)

Bithghásailín a cumascadh i ngásailín mótair.

3.4.12.2.   Neamh-bhithghásailín

An chuid eile de ghásailín mótair – gásailín mótair gan bithghásailín cumaiscthe san áireamh (is gásailín mótair de bhunadh iontaise den chuid is mó é sin).

3.4.13.   GÁSAILÍN EITLÍOCHTA

Biotáille mótair arna ullmhú go sonrach d’innill loine eitlíochta ag a bhfuil uimhir ochtáin atá oiriúnach don inneall, reophointe -60 °C agus réimse driogtha laistigh de na teorainneacha 30 °C agus 180 °C de ghnáth.

3.4.14.   SCAIRD-BHREOSLA DE CHINEÁL GÁSAILÍNEACH (SCAIRD-BHREOSLA DE CHINEÁL NAFTA NÓ JP4)

Folaíonn sé sin gach ola hidreacarbóin éadrom atá le húsáid in aonaid chumhachta tuirbín eitlíochta, agus iad ag driogadh idir 100 °C agus 250 °C. Faightear iad trí cheirisíní agus gásailín nó nafta a chumasc sa chaoi nach mó ná 25 % toirte an cion aramatach, agus go bhfuil an galbhrú idir 13.7 kPa agus 20.6 kPa.

3.4.15.   SCAIRD-BHREOSLA DE CHINEÁL CEIRISÍNEACH

Driogáit a úsáidtear d’aonaid chumhachta tuirbín eitlíochta. Tá na hairíonna driogtha céanna aige idir 150 °C agus 300 °C (nach airde go hiondúil ná 250 °C) agus an splancphointe céanna aige agus atá ag ceirisín. Ina theannta sin, tá sonraíochtaí áirithe aige (ar nós an reophointe) atá bunaithe ag an gComhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (CAII). Folaítear comhpháirteanna cumaiscthe ceirisín. Is éard atá i scaird-bhreosla den chineál ceirisín comhiomlán táirge atá cothrom le suim an bhithcheirisín scairdeitleáin cumaiscthe (bithcheirisín scairdeitleáin i scaird-bhreosla den chineál ceirisín) agus an neamh-bhithcheirisín scairdeitleáin.

3.4.15.1.   Bithcheirisín scairdeitleáin cumaiscthe (bithcheirisín scairdeitleáin i scaird-bhreosla den chineál ceirisín)

Bithcheirisín scairdeitleáin a chumascadh i scaird-bhreosla den chineál ceirisín.

3.4.15.2.   Neamh-bhithcheirisín scairdeitleáin

An chuid eile de scaird-bhreosla den chineál ceirisín – scaird-bhreosla den chineál ceirisín gan bithcheirisín scairdeitleáin cumaiscthe san áireamh (is scaird-bhreosla den chineál ceirisín de bhunadh iontaise den chuid is mó é sin).

3.4.16.   CEIRISÍN EILE

Driogáit pheitriliam scagtha a úsáidtear in earnálacha seachas iompar aerárthaí. Driogann sé idir 150 °C agus 300 °C.

3.4.17.   OLA GHÁIS/OLA DHÍOSAIL (OLA BHREOSLA DHRIOGÁITE)

Driogáit mheánach is ea ola gháis/ola dhíosail go príomha a dhriogtar idir 180 °C agus 380 °C. Folaítear comhpháirteanna cumaiscthe leis sin. Tá roinnt grád ar fáil ag brath ar úsáidí. Le hola gháis/ola dhíosail áirítear ola dhíosail ar bhóthar le haghaidh innill adhainte comhbhrú díosail gluaisteán agus trucailí. Le hola gháis/ola dhíosail áirítear ola teasa éadrom le haghaidh úsáidí tionscail agus tráchtála, díosal mara agus díosal a úsáidtear i dtrácht iarnróid, ola gháis eile lena bhfolaítear olaí gáis troma a dhriogann idir 380 °C agus 540 °C agus a úsáidtear mar bhunábhair pheitriceimiceacha. Is éard is ola gháis/díosail ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na mbithdhíosal cumaiscthe (bithdhíosail in ola gháis/ola dhíosail) agus na neamh-bhithdhíosal.

3.4.17.1.   Bithdhíosail chumaiscthe (bithdhíosail in ola gháis/díosail)

Bithdhíosail a cumascadh in ola gáis/ola dhíosail.

3.4.17.2.   Neamhbhithdhíosail

An chuid eile d’ola gháis/ola dhíosail - ola gháis/ola dhíosail gan bithdhíosail cumaiscthe san áireamh (is é seo den chuid is mó ola gháis/ola dhíosail de thionscnamh iontaise).

3.4.18.   OLA BHREOSLA (OLA BHREOSLA THROM)

Gach ola bhreosla iarmharach (throm) (lena bhfolaítear iad sin a fhaightear trí chumasc). Tá an tslaodacht chinéimiteach os cionn 10 cSt ag 80 °C. Bíonn an splancphointe i gcónaí os cionn 50 °C agus bíonn an dlús i gcónaí os cionn 0.90 kg/l. Is éard is ola bhreosla ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim ola bhreosla de shulfar ard agus ola bhreosla de shulfar íseal.

3.4.18.1.   Ola bhreosla sulfair íseal (LSFO)

Ola bhreosla ina bhfuil cion sulfair níos lú ná 0.5 %.

3.4.18.2.   Ola bhreosla sulfair ard (HSFO)

Ola bhreosla ina bhfuil cion sulfair 0.5 % nó níos mó.

3.4.19.   BIOTÁILLE BHÁN AGUS FPS

Sainmhínítear biotáille bhán agus SBP mar earraí idirmheánacha driogáite scagtha le driogadh sa raon nafta/ceirisín. Áirítear leo biotáille thionsclaíoch (ar a dtugtar SBP freisin; olaí éadroma a dhriogann idir 30 °C agus 200 °C i 7 ngrád nó 8 ngrád de bhiotáille thionsclaíoch, ag brath ar shuíomh na gearrtha sa raon driogtha - sainmhínítear na gráid de réir na héagsúlachta teochta idir na pointí driogtha de thoirt 5 % agus de thoirt 90 %, nach bhfuil níos airde ná 60 °C) agus biotáillí bána (biotáille thionsclaíoch a bhfuil splancphointe os cionn 30 °C aici agus an raon driogtha idir 135 °C agus 200 °C).

3.4.20.   BEALAÍ

Hidreacarbóin a tháirgtear ó fhotháirge driogáite. Úsáidtear iad go príomha chun frithchuimilt idir dromchlaí imthaca a laghdú. Folaítear gach grád d’ola bhealaithe, ó ola fearsaide go hola sorcóra, agus iad sin a úsáidtear i ngréisc, in olaí mótair agus i ngach grád de stoic olabhunacha bhealaithe.

3.4.21.   BIOTÚMAN

Hidreacarbón soladach, leathsholadach nó slaodach ag a bhfuil struchtúr collóideach, atá ar dhath donn go dubh, agus a fhaightear mar iarmhar i ndriogadh amhola, trí fholúsdriogadh iarmhar ola ó dhriogadh atmaisféarach. Tagraítear do bhiotúman go minic mar asfalt agus úsáidtear go príomha é chun bóithre a thógáil agus le haghaidh ábhar dín. Folaíonn sé biotúman sreabhánaithe agus siartha.

3.4.22.   CÉIREACHA PAIRIFÍN

Is hidreacarbóin alafatacha sáithithe iad seo. Is iarmhair iad a úsctar agus olaí bealaidh á ndíchéiriú. Tá struchtúr criostalach acu atá mín a bheag nó a mhór de réir an ghráid. Is iad seo a leanas a bpríomhghnéithe: tá siad éadathach, neamhbholaitheach agus tréshoilseach, agus tá leáphointe os cionn 45 °C acu.

3.4.23.   CÓC PEITRILIAM

Fotháirge soladach dubh, a fhaightear go príomha trí bhunábhar a fhaightear ó pheitriliam, folúsghrinnill, tarra agus pic a chnagadh agus a charbónú i bpróisis amhail cócú moillithe nó leachtchócú. Is éard atá ann go príomha carbón (90-95 %) agus tá cion luatha íseal aige. Úsáidtear é mar bhunábhar in oighinn chóic i dtionscal na cruach, chun críocha téimh, chun leictreoidí a mhonarú agus chun ceimiceáin a tháirgeadh. Is iad “cóc amh” agus “cóc cailcínithe” an dá cháilíocht is tábhachtaí. Folaíonn sé “cóc catalaíoch” arna dheascadh ar an gcatalaíoch le linn próiseas scagtha; níl an cóc seo inathghnóthaithe agus de ghnáth dóitear é mar bhreosla scaglainne.

3.4.24.   TÁIRGÍ EILE

Gach táirge nach luaitear go sonrach thuas, mar shampla: tarra agus sulfar. Folaítear cumhránaic (e.g. BTX nó beinséin, tolúéin agus xiléin) agus olaifíní (e.g. próipiléin) a tháirgtear i scaglanna.

3.5.    FUINNEAMH IN-ATHNUAITE AGUS DRAMHAÍL

3.5.1.   CUMHACHT HIDRILEICTREACH

Fuinneamh poitéinsiúil agus cinéiteach an uisce arna thiontú ina leictreachas i ngléasraí hidrileictreacha. Is éard is fuinneamh hidrileictreach ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na ngléasraí hidrileictreacha íona, na ngléasraí hidrileictreacha measctha agus na ngléasraí taisce íonchaidéalaithe.

3.5.1.1.   Gléasraí hidrileictreacha íona

Gléasraí hidrileictreacha nach n-úsáideann ach insreabhadh díreach uisce nádúrtha agus nach bhfuil aon acmhainn acu chun hidreachaidéal a stóráil (uisce a phumpáil in aghaidh fána).

3.5.1.2.   Gléasraí hidrileictreacha measctha

Gléasraí hidrileictreacha le hinsreabhadh nádúrtha uisce isteach i taiscumar uachtair inar féidir páirt nó an trealamh ar fad a úsáid chun uisce a phumpáil in aghaidh fána; tá an leictreachas a ghintear mar thoradh ar insreabhadh uisce nádúrtha agus uisce a pumpáladh in aghaidh an fhána roimhe sin.

3.5.1.2.1.   Sciar pumpála

Is é seo an sciar den leictreachas a ghintear i ngléasraí hidreachumhachta measctha sa mhód hidreachumhachta pumpála (ó uisce a pumpáladh in aghaidh an aird roimhe sin).

3.5.1.3.   Gléasraí taisce pumpála íona

Gléasraí hidrileictreacha gan aon insreabhadh nádúrtha uisce isteach sa taiscumar uachtarach; rinneadh formhór mór an uisce a ghineann leictreachas a phumpáil in aghaidh fána roimhe sin; gan báistí ná sneachta a áireamh.

3.5.2.   BREOSLAÍ GEOITEIRMEACHA

Fuinneamh atá ar fáil mar theas a astaítear ó fhorscreamh na talún, a bhíonn i bhfoirm uisce the nó gaile de ghnáth; gan teas comhthimpeallach arna ghabháil ag teaschaidéil fhoinse na talún a áireamh. Is ionann táirgeadh an fhuinnimh gheoiteirmigh agus an difríocht idir eantalpacht an tsreabháin a tháirgtear sa táirgeadh tollphoill agus eantalpacht an tsreabháin a dhiúscraítear ar deireadh.

3.5.3.   GRIANFHUINNEAMH

Is éard is grianfhuinneamh ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na fótavoltach gréine agus na teirmeach gréine.

3.5.3.1.   Grianfhuinneamh fótavoltach

Solas na gréine arna thiontú ina leictreachas trí ghrianchealla a úsáid a ghinfidh leictreachas nuair a nochtar do sholas iad. Tá an leictreachas go léir a tháirgtear le tuairisciú (lena bhfolaítear táirgeadh ar mhionscála agus suiteálacha eis-eangach).

3.5.3.1.1.   Ar leibhéal an dín

Tuairisceofar anseo an méid fuinnimh a tháirgtear ag painéil ghréine fhótavoltacha suite ar fhoirgnimh a bhfuil cuspóir eile príomhúil acu ná táirgeadh fuinnimh. Áirítear BIPV ann freisin (ábhair fhótavoltacha comhtháite san fhoirgneamh), áit nach bhfuil na painéil fhótavoltacha ar an díon, ach a bhfuil siad ceangailte den fhoirgneamh mar shampla. Ní mheastar gur painéil dhíonta iad painéil Gréine PV má chuirtear ar limistéar leathan iad, ar an talamh, mar shampla, spás breise a úsáid (e.g. limistéir thalmhaíochta).

3.5.3.1.2.   Eis-eangach

Tuairisceofar eiseangach anseo, faoi mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn A, 3.3.1.

3.5.3.2.   Breoslaí grianfhuinnimh theirmigh

Teas ó radaíocht na gréine (solas na gréine) arna shaothrú chun críocha fuinnimh úsáideacha. Folaítear leis sin, mar shampla, gléasraí grianfhuinnimh teirmeacha-leictreacha agus córais ghníomhacha chun uisce te sláintíoch a tháirgeadh nó chun spás i bhfoirgnimh a théamh. Is é an táirgeadh fuinnimh sin an teas atá ar fáil don mheán aistrithe teasa, i.e. an grianfhuinneamh ionsaitheach lúide na caillteanais optúla agus caillteanais na dtiomsaitheoirí. Ní fholaítear grianfhuinneamh arna ghabháil ag córais éighníomhacha maidir le téamh, le fuarú agus le soilsiú foirgneamh; ní fholaítear ach fuinneamh na gréine i ndáil leis na córais ghníomhacha.

3.5.4.   FUINNEAMH TAOIDE, TONNFHUINNEAMH, FUINNEAMH FARRAIGE

Fuinneamh meicniúil a fhaightear ó ghluaiseachtaí taoide, ó thonnghluaiseacht nó ó shruth farraige agus a shaothraítear chun leictreachas a ghiniúint.

3.5.5.   GAOTH

Fuinneamh cinéiteach gaoithe a shaothraítear chun leictreachas a ghiniúint i dtuirbíní gaoithe. Is éard is gaoth ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na gaoithe ar talamh agus na gaoithe amach ón gcósta.

3.5.5.1.   Gaoth ar talamh

Táirgeadh leictreachais ag an ngaoth i suímh ar talamh (intíre, lena bhfolaítear lochanna agus dobharlaigh eile atá suite intíre).

3.5.5.2.   Gaoth ón talamh

Táirgeadh leictreachais i suíomhanna amach ón gcósta (e.g. an fharraige, oileáin aigéin agus oileáin shaorga). Maidir le táirgeadh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta lasmuigh d’uiscí teorann na críche lena mbaineann, ba cheart gach suiteáil atá suite i limistéar eacnamaíoch eisiach tíre a chur san áireamh.

3.5.6.   DRAMHAÍL THIONSCLAÍOCH (AN CHUID NEAMH-INATHNUAITE)

Dramhaíl de thionscnamh tionsclaíoch atá neamh-inathnuaite a dhóitear go díreach ag suiteálacha sonracha chun críocha fuinnimh fhóintigh. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh. Ní fholaítear dramhaíl a loisctear gan ghnóthú fuinnimh. Ba cheart an chuid in-athnuaite den dramhaíl thionsclaíoch a thuairisciú sa chatagóir bithbhreoslaí is fearr a dhéanann cur síos air.

3.5.7.   DRAMHAÍL CHATHRACH:

Dramhaíl arna táirgeadh ag teaghlaigh, ag ospidéil agus ag an earnáil threasach (go ginearálta, an dramhaíl ar fad atá cosúil le dramhaíl tí), a dhóitear go díreach i suiteálacha sonracha chun críocha fuinnimh fhóintigh. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh. Ní fholaítear dramhaíl a loisctear gan ghnóthú fuinnimh. Is éard is dramhaíl chathrach ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na dramhaíola cathrach in-athnuaite agus na dramhaíola cathrach neamh-inathnuaite.

3.5.7.1.   Dramhaíl chathrach in-athnuaite

An chuid de dhramhaíl chathrach atá de thionscnamh bitheolaíoch.

3.5.7.2.   Dramhaíl chathrach neamh-inathnuaite

An chuid de dhramhaíl chathrach atá de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.

3.5.8.   BITHBHREOSLAÍ

Is éard is bithbhreoslaí ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na mbithbhreoslaí soladacha, na mbithghás agus na mbithbhreoslaí leachtacha. Eisiatar bithbhreoslaí a úsáidtear chun críoch neamhfhuinnimh ó raon feidhme an staidrimh fuinnimh (mar shampla adhmad a úsáidtear le haghaidh tógála nó mar throscán, bithbhealadh a úsáidtear chun innill a bhealú agus bithbhiotúman a úsáidtear le haghaidh dhromchla an bhóthair).

3.5.8.1.   Bithbhreoslaí soladacha

Cumhdaítear ábhar orgánach soladach, neamh-iontaiseach de thionscnamh bitheolaíoch (ar a dtugtar bithmhais freisin) a fhéadfar a úsáid mar bhreosla chun teas a tháirgeadh nó chun leictreachas a ghiniúint. Is éard is bithbhreoslaí soladacha ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim an fhioghuail, an chonnaidh, na n-iarmhar adhmaid agus na bhfotháirgí, an licéir dhuibh, an bhagáis, na dramhaíola ó ainmhithe, na n-ábhar cothaitheach eile agus na n-iarmharach agus an chodáin in-athnuaite den dramhaíl thionsclaíoch.

3.5.8.1.1.   Fioghual

Is breosla monaraithe é an fioghual ó bhithbhreoslaí soladacha - an t-iarmhar soladach ó dhriogadh millteach agus pirealú adhmaid agus ábhar cothaitheach eile.

3.5.8.1.2.   Connadh, iarmhair agus seachtháirgí adhmaid

Connadh nó adhmad tine (i bhfoirm lomáin, scuabadhmaid, millíní nó slise) a fhaightear ó fhoraoisí nádúrtha nó ó fhoraoisí bainistithe nó ó chrainn scoite. Folaítear iarmhair adhmaid a úsáidtear mar bhreosla agus ina gcoinnítear comhdhéanamh bunaidh an adhmaid; folaítear millíní adhmaid. Eisiatar fioghual agus licéar dubh. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.

3.5.8.1.2.1.   Millíní adhmaid

Is táirge sorcóireach iad millíní adhmaid atá ceirtleánaithe ó iarmhair adhmaid trí chomhbhrú.

3.5.8.1.3.   Licéar dubh

Fuinneamh ón licéar atá alcaileach spíonta a fhaightear ó na díleáiteoirí le linn tháirgeadh na suilfáite nó an laín sóide atá riachtanach chun páipéar a mhonarú. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.

3.5.8.1.4.   Bagás

Breosla a fhaightear ón snáithín atá fágtha tar éis úscadh sú a dhéanamh i bpróiseáil cána siúcra. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.

3.5.8.1.5.   Dramhaíl ainmhithe

Fuinneamh ó eisfhearadh ainmhithe, iarmhair fheola agus éisc a úsáidtear go díreach mar bhreosla agus iad tirim. Ní fholaítear leis sin dramhaíl a úsáidtear i ngléasraí coipthe anaeróbaigh. Folaítear gáis bhreosla ó na gléasraí sin faoi bhithgháis. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.

3.5.8.1.6.   Ábhair eile cothaitheacha agus iarmharaigh

Bithbhreoslaí nach bhfuil sonraithe in aon áit eile agus lena bhfolaítear tuí, crotail ghlasraí, blaoscanna pis talún, scuab-adhmad bearrtha, ola prabhaite olóige agus dramhaíl eile a eascraíonn as cothabháil, curaíocht agus próiseáil plandaí. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.

3.5.8.1.7.   An chuid in-athnuaite de dhramhaíl thionsclaíoch

An chuid sholadach in-athnuaite den dramhaíl thionsclaíoch a dhóitear go díreach ag suiteálacha sonracha chun críocha fuinnimh fhóintigh (mar shampla, an sciar de rubar nádúrtha i mboinn rubair dramhaíola nó an sciar de shnáithíní nádúrtha i ndramhaíl teicstíle – ó chatagóirí dramhaíola 07.3 agus 07.6, faoi seach, mar a shainmhínítear iad i Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 maidir le staidreamh dramhaíola). Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.

3.5.8.2.   Bithghás

Gás atá comhdhéanta go príomha de mheatán agus de dhé-ocsaíd charbóin arna tháirgeadh trí dhíleá anaeróbach bithmhaise nó trí phróisis theirmeacha ó bhithmhais, lena bhfolaítear bithmhais sa dramhaíl. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh. Is éard is bithghás ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim an gháis líonta talún, an gháis sloda séarachais, na mbithghás eile ó dhíleá anaeróbach agus na mbithghás ó phróisis theirmeacha.

3.5.8.2.1.   Gás líonta talún

Bithghás a tháirgtear ó dhíleá anaeróbach ar dhramhaíl líonta talún.

3.5.8.2.2.   Gás sludaigh séarachais

Bithghás a tháirgtear ó choipeadh anaeróbach sludaigh séarachais.

3.5.8.2.3.   Bithgháis eile ó dhíleá anaeróbach

Bithghás a tháirgtear ó choipeadh anaeróbach sciodair ainmhí agus ó dhramhaíola i seamlais, i ngrúdlanna agus i dtionscail agrai-bhia eile.

3.5.8.2.4.   Bithgháis ó phróisis theirmeacha

Bithghás a tháirgtear ó phróisis theirmeacha (trí ghásúchán nó trí phirealú) bithmhaise.

3.5.8.3.   Bithbhreoslaí leachtacha

Folaítear sa chatagóir seo gach breosla leachtach de thionscnamh nádúrtha (e.g. arna dtáirgeadh ó bhithmhais agus/nó ón gcodán in-bhithmhillte de dhramhaíl) atá oiriúnach lena gcumasc le breoslaí leachtacha de thionscnamh iontaise nó le cur in ionad na mbreoslaí sin. Ba cheart na cainníochtaí de bhithbhreoslaí leachtacha nár cumascadh le breoslaí iontaise a chur san áireamh sna cainníochtaí bithbhreoslaí leachtacha arna dtuairisciú sa chatagóir seo. I gcás áirithe allmhairí agus onnmhairí bithbhreoslaí leachtacha, níl ábhartha ach trádáil cainníochtaí nár cumascadh le breoslaí iompair (i.e. ina bhfoirm íon); ba cheart trádáil bithbhreoslaí leachtacha arna gcumasc ina mbreoslaí iompair a thuairisciú laistigh den chatagóir ola táirgí. Ní dhéanfar ach bithbhreoslaí leachtacha a úsáidtear chun críocha fuinnimh - a dhóitear go díreach nó arna gcumasc le breoslaí iontaise - a thuairisciú. Is éard is bithbhreoslaí leachtacha ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim an bhithghásailín, na mbithdhíosal, an bhithcheirisín scairdeitleáin agus na mbithbhreoslaí leachtacha eile.

3.5.8.3.1.   Bithghásailín

Bithbhreoslaí leachtacha atá oiriúnach lena gcumasc le gásailín mótair is de bhunadh iontaise nó atá le cur ina áit.

3.5.8.3.1.1.   Bitheatánól

Eatánól mar chuid de bhithghásailín.

3.5.8.3.2.   Bithdhíosail

Bithbhreoslaí leachtacha atá oiriúnach lena gcumasc le hola gháis/díosail de thionscnamh iontaise nó lena gcur in ionad ola gháis/díosail de thionscnamh iontaise.

3.5.8.3.3.   Bithcheirisín scairdeitleáin

Bithbhreoslaí leachtacha atá oiriúnach lena gcumasc le ceirisín scairdeitleáin de thionscnamh iontaise nó lena gcur in ionad ceirisín scairdeitleáin de thionscnamh iontaise.

3.5.8.3.4.   Bithbhreoslaí leachtacha eile

Bithbhreoslaí leachtacha nach n-áirítear in aon cheann de na catagóirí roimhe seo.

3.5.9.   TEICNEOLAÍOCHT AN FHUINNIMH CHOMHTHIMPEALLAIGH

Fuinneamh teasa ar leibhéal teochta úsáidigh, a bhaintear (arna ghabháil) trí theaschaidéil a bhfuil leictreachas nó fuinneamh cúnta eile ag teastáil uathu chun go bhfeidhmeoidh siad. Is féidir an fuinneamh teasa seo a stóráil san aer comhthimpeallach, faoi dhromchla an domhain sholadaigh nó in uisce dromchla. Ba cheart luachanna a thuairisciú trí bhíthin na modheolaíochta céanna a úsáidtear chun fuinneamh teasa arna ghabháil ag teaschaidéil faoi Threoir 2009/28/CE agus faoi Threoir (AE) 2018/2001 a thuairisciú, ach ní mór gach teaschaidéal a chur san áireamh gan beann ar an leibhéal feidhmíochta atá leo.

3.6.    HIDRIGIN

Ní mór hidrigin a úsáidtear mar bhunábhar, mar bhreosla nó mar iompróir fuinnimh/stóráil fuinnimh a thuairisciú. Déanfar hidrigin a thuairisciú, nuair a tháirgtear go huathoibríoch í agus nuair a thomhlaítear go huathoibríoch í freisin. An hidrigin atá i meascáin, níl sé le tuairisciú ach amháin i gcás ina n-eastóscfar (ina ndeighlfear) í le haghaidh úsáid fuinnimh nó úsáid neamhfhuinnimh.


1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32008R1099
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.