|
+Airteagal 4 Sainmhínithe |
Airteagal 4 SainmhínitheAirteagal 4 Sainmhínithe Chun críche na Treorach seo:
(1)
ciallaíonn “údaráis chonarthacha” údaráis chonarthacha mar a shainmhínítear iad i bpointe 1 d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 3 de Threoir 2014/25/AE;
(2)
ciallaíonn “eintitis chonarthacha” eintitis chonarthacha amhail mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE;
(3)
ciallaíonn “feithicil iompair de bhóthar” feithicil de chatagóir M nó N mar a shainmhínítear í i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/858;
(4)
ciallaíonn “feithicil ghlan”:
(a)
feithicil de chatagóir M1, M2 nó N1 ag a bhfuil astaíocht uasta sceithphíopa arna sloinneadh in CO2 g/km agus astaíochtaí truailleán i bhfíordhálaí tiomána atá faoi bhun céatadán de na teorainneacha astaíochtaí is infheidhme a leagtar síos i dTábla 2 den Iarscríbhinn, nó;
(b)
feithicil de chatagóir M3, N2 nó N3 a úsáideann breoslaí malartacha mar a shainmhínítear iad i bpointí (1) agus (2) d'Airteagal 2 de Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ), cé is moite de bhreoslaí a tháirgtear as stoc beatha lena ngabhann riosca ard indíreach um athrú ar an talamhúsáid ar cuireadh síneadh suntasach leis an limistéar táirgthe chun go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ). I gcás feithiclí a úsáideann bithbhreoslaí leachtacha, breoslaí sintéiseacha agus breoslaí pairifíneacha, ní dhéanfar na breoslaí sin a chumasc le gnáthbhreoslaí iontaise;
(5)
ciallaíonn “feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha” feithicil ghlan, mar a shainmhínítear í i bpointe 4(b) den Airteagal seo, nach bhfuil inneall dócháin inmheánaigh inti nó ag a bhfuil inneall dócháin inmheánaigh a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/kWh arna thomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) agus a bhearta cur chun feidhme, nó feithicil a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/km arna thomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) agus a bhearta cur chun feidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|