+Airteagal 5 Spriocanna íosta soláthair
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.

Airteagal 5 Spriocanna íosta soláthair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás soláthar feithiclí agus seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir seo, go gcomhlíonfar na spriocanna íosta soláthair d'fheithiclí saothair éadroim glana a leagtar amach i dTábla 3 den Iarscríbhinn agus na spriocanna íosta soláthair d'fheithiclí tromshaothair glana a leagtar amach i dTábla 4 den Iarscríbhinn. Sloinntear na spriocanna sin mar chéatadáin íosta d'fheithiclí glana den líon iomlán feithiclí iompair de bhóthar atá cumhdaithe ag comhiomlán na gconarthaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 3, arna ndámhachtain idir an 2 Lúnasa 2021 agus an 31 Nollaig 2025, don chéad tréimhse thagartha, agus idir an 1 Eanáir 2026 agus an 31 Nollaig 2030, don dara tréimhse thagartha.
Airteagal 5 2.
Chun spriocanna íosta soláthair a ríomh, is é an dáta soláthair phoiblí atá le cur san áireamh ná an dáta a thugtar an nós imeachta um sholáthar poiblí i gcrích, tríd an gconradh a dhamhachtain.
Airteagal 5 3.
Maidir le feithiclí a chomhlíonann an sainmhíniú ar fheithicil ghlan faoi phointe 4 d'Airteagal 4 nó an sainmhíniú ar fheithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha faoi phointe 5 d'Airteagal 4 mar thoradh ar iarfheistiú, féadfar iad a chomhaireamh mar fheithiclí tromshaothair ghlana nó astaíochtaí nialasacha, faoi seach, chun críche na spriocanna íosta soláthair a chomhlíonadh.
Airteagal 5 4.
I gcás conarthaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 3(1), cuirfear san áireamh líon na bhfeithiclí iompair arna gceannach, arna léasú, arna nglacadh ar cíos nó arna bhfruilcheannach faoi gach conradh chun críocha measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na spriocanna íosta soláthair.
Airteagal 5 5.
I gcás conarthaí dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d'Airteagal 3(1), cuirfear san áireamh líon na bhfeithiclí iompair de bhóthar a úsáidfear chun na seirbhísí a sholáthar atá clúdaithe le gach conradh chun críocha measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na spriocanna íosta soláthair.
Airteagal 5 6.
I gcás nach nglacfar na spriocanna nua don tréimhse tar éis an 1 Eanáir 2030, leanfaidh na spriocanna arna leagan síos don dara tréimhse tagartha d'fheidhm a bheith acu, agus ríomhfar iad i gcomhréir le míreanna 1 go 5, thar thréimhsí 5 bliana ina dhiaidh sin.
Airteagal 5 7.
Féadfaidh na Ballstáit spriocanna náisiúnta níos airde nó níos déine ná na spriocanna sin dá dtagraítear san Iarscríbhinn a chur i bhfeidhm, nó féadfaidh siad a údarú dá n-údaráis chonarthacha nó d'eintitis chonarthacha déanamh amhlaidh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009L0033
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.