Faoin 18 Aibreán 2026, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le cur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh faisnéis sna tuarascálacha sin maidir leis na bearta a rinneadh chun an Treoir seo a chur chun feidhme, maidir le gníomhaíochtaí cur chun feidhme amach anseo, chomh maith le haon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin freisin líon na bhfeithiclí agus catagóirí na bhfeithiclí arna gcumhdach ag na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir seo, bunaithe ar na sonraí arna soláthar ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear an fhaisnéis i láthair ar bhonn na gcatagóirí a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
).